An scríbhneoir ildánach Aodh Ó Domhnaill ar shlí na fírinne

Choimeád éagsúlacht agus feabhas shaothar Aodha Uí Dhomhnaill spiorad agus nuálaíocht i ndrámaíocht na Gaeilge

An scríbhneoir ildánach Aodh Ó Domhnaill ar shlí na fírinne

 

Tá creathadh mór bainte as saol na Gaeilge agus saol na hamarclannaíochta tráthnóna ag an scéala go bhfuil an scríbhneoir ildánach Aodh Ó Domhnaill imithe ar shlí na fírinne.

Bhásaigh Aodh Ó Domhnaill go tobann maidin inniu agus é i mbun na hoibre ab ansa leis ag a dheasc scríbhneoireachta.

Rugadh Aodh Ó Domhnaill i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1947. Ba as an gClochán Liath dá athair agus b’as ceantar Shrath an Urláir a mháthair.

Cé gur mar aisteoir agus drámadóir cumasach ba mhó a bhí aithne air le blianta fada file ba ea é leis agus ba mar chumadóir amhrán a chuir sé tús lena shaol mar scríbhneoir. Bhíodh na hamhráin a chum sé á gcasadh ag an mbanna ceoil Na hUaisle sna seachtóidí.

D’fhoilsigh sé trí chnuasach filíochta ina dhiaidh sin, Feic (1984), Cambhaill (1987) agus Is Araile (1993).

Le fiche bliain anuas is leis an drámaíocht is mó a bhíodh sé ag plé agus luaitear go háirithe é leis an gcompántas a raibh a chroí agus a anam ann, Aisteoirí Bulfin.

Ba mar aisteoir a thosaigh sé leis an gcompántas i mBaile Átha Cliath, ach in ainneoin a chuid oibre le preasoifig an Bhainc Cheannais, ba gheall le ‘scríbhneoir cónaitheach’ a bhí ann ag Aisteoirí Bulfin tar éis tamaill.

Léirigh an compántas 16 dráma leis.

Choimeád éagsúlacht agus feabhas a shaothair spiorad agus nuálaíocht ní hamháin sa chompántas sin a rinne ceiliúradh caoga bliain a bhunaithe an bhliain seo caite ach i ndrámaíocht na Gaeilge chomh maith.

Agus an ceiliúradh sin ar bun anuraidh thug Micheál Ó Gruagáin, duine de bhunaitheoirí Aisteoirí Bulfin, aitheantas ar leith do thábhacht Aodha i stair an chompántais.

“Ní bheadh Aisteoirí Bulfin in ann drámaíocht den chéad scoth agus saibhreas clár drámaíochta a bhaint amach murach go raibh an t-ádh dearg linn go raibh beirt de na drámadóirí Gaeilge is cumasaí sásta a saothar a roinnt go fial linn – Pádraig Ó Giollagáin ar feadh 30 bliain ó 1973 agus Aodh Ó Domhnaill go dtí an lá atá inniu ann,” a dúirt Ó Gruagáin.

I measc na ndrámaí a scríobh Aodh Ó Domhnaill, tá Mac an Stanley, leagan comhaimseartha den ‘Threepenny Opera’, An CampaLaraeDó, 1915, Lá Breá, Caifé-ar-Ais, Republica agus Raic. Croaladh sé cinn dá dhrámaí ar RTÉ Raidió 1 agus bronnadh Gradam Stewart Parker ar léiriú ar dhráma eile dá chuid, Idir an Dá Shúil.

Ag maireachtáil i mBaile an Fheirtéaraigh i gCorca Dhuibhne a bhí Aodh agus a bhean chéile Máiréad Ní Chinnéide, arb as Ciarraí di, le roinnt blianta anuas.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie in 2016, thagair Aodh don sásamh a thug an scríbhneoireacht dó.

“Is dócha go bhfuil an tallann ionam agus bainim an-sult as an scríobh agus ó tharla go bhfuil baint agam le hAisteoirí Bulfin le fada an lá, bíonn siadsan i gcónaí sa tóir ar dhrámaí nua. Ó tharla go mbím ag aisteoireacht leo, tuigim an cineál drámaí atá de dhíth orthu. Ta gach duine sásta mar sin.”

Bhí tuairimí láidre aige leis faoin drámaíocht agus faoi ról na drámaíochta agus b’údar mór díomá dó an leithcheal agus imeallú a mheas sé a bheith á dhéanamh ar dhrámadóirí agus ar scríbhneoirí na Gaeilge in Éirinn.

Is cinnte gur mór an chailliúint é Aodh Ó Domhnaill agus gur boichte saol na Gaeilge agus na hamharclannaíochta dá éagmais.

Maireann a bhean Mairéad, a n-iníon Nóirín, a mac Niall, a ngarmhac Dara agus a ghaolta agus a chairde go léir.

Fág freagra ar 'An scríbhneoir ildánach Aodh Ó Domhnaill ar shlí na fírinne'

  • Gabriel Rosenstock

    Braithfimid uainn e. Cuirimis bru ar an Amharclann Naisunta dramai Gaeilge a staitsiu – bheadh Aodh an-sasta da n-eireodh linn.

  • Maire

    B mhor an spreagadh a thug se duinn ar na campai Oibre in Oilean Cleire i dtus na seachtoidi

  • Cluain Sceach

    Brón ar an mbás… Fear uasal, cumasach, greannmhar, dílis. RIP.

  • Simon Ó Faoláin

    Braithfeam uainn thú ó dheas Aodh, a chara. Is searbh titim gan choinne an chuirtín dheireanaigh…

  • comhghuallaí

    D’ardaigh mo chroí gach uair a chonaic mé Aodh romham nó b’fhear cumasach é a raibh intleacht ghéar agus féith an ghrinn aige agus ba mhór an sásamh i gcónaí a fuair mé as seal a chaitheadh ina chuideachta. Bhí sé fiosrach faoin tsaol agus dhúisigh sé an fhiosracht sin i ndaoine eile. Bhí intinn saor neamhspleách aige agus bhí paisean le feiceáil ina shúile i gcónaí. Cronóidh muid uainn thú, a Aodh. Slán

  • Des O Murchu

    Bhiodh Aodh O Domhnaill ag obair sa Bhanc Ceannais le fada. Briseadh an Punt Eireannach O Sterling, tus an Euro San treimhshe sin etc. Des O Murchu

  • Tony Pratschke

    Mo bhrón ar bhás an fhir uasail seo agus comhbhrón óm chroí le Mairéad agus a clann.