An sárchraoltóir agus sárscríbhneoir Aogán Ó Muircheartaigh ar shlí na fírinne

Craoltóir, file, eagarthóir agus aistritheoir a raibh ardmheas air ab ea Aogán Ó Muircheartaigh

An sárchraoltóir agus sárscríbhneoir Aogán Ó Muircheartaigh ar shlí na fírinne

Tá an craoltóir, file, eagarthóir agus aistritheoir Aogán Ó Muircheartaigh ar shlí na fírinne.

Le Raidió na Gaeltachta i mBaile na nGall i gCorca Dhuibhne a chaith Aogán Ó Muircheartaigh, a raibh cónaí air ar an gCeathrúin i nDún Chaoin, formhór a shaoil oibre nó gur éirigh sé as in 2009.

D’fhág soilbhre, cruinneas agus géarchúis a shaothair raidió go raibh ardmheas air mar chraoltóir.

Ar na cláracha a raibh baint aige leo bhí An Saol Ó Dheas, Peann agus Pár, Siosmaid agus Focal Clóite.

Mar oifigeach réigiúin bhí sé lárnach chomh maith i mbunú agus forbairt sceideal na maidine ar RnaG i lár na n-ochtóidí.

Bhí sé de theist air chomh maith go gcuirfeadh sé comhairle a leasa ar chraoltóirí agus scríbhneoirí óga, go háirithe i dtaobh tábhacht an fhocail agus an chruinnis mar bhunchloch na craoltóireachta agus na scríbhneoireachta.

Ba scríbhneoir agus eagarthóir cumasach ildánach é. Ar na cnuasaigh filíochta leis bhí Oíche Ghréine (1987) a bhuaigh duais Sheáin Uí Ríordáin ag Oireachtas na Gaeilge, Drúcht ar Chneas (1992) agus Athbheatha (2002). Bhain an sárchnuasach deireanach uaidh, Os Cionn Talún, a foilsíodh in 2015, le drochbhabhta tinnis a d’fhulaing sé nuair a theip ar a ae.

Athinsint ar na seanscéalta a bhí ar thrí leabhar tábhachtach eile leis: Táin Bó Cuailgne (1992), Cath Fionntrá (1994) agus Diarmaid agus Gráinne (2001).

Bhí éagsúlacht mhór ag baint lena shaothar mar aistritheoir agus eagarthóir.

Bhí sé ina eagarthóir ar an gcnuasach aistí Oidhreacht an Bhlascaoid (1989) agus bhí sé tamall ina eagarthóir ar an iris Feasta.

Ar na leabhair a d’aistrigh sé bhí scéalta do dhaoine óga le Valentin Katayev agus Boris Zakhoder, saothar filíochta le Mícheál Fanning, an dochtúir ón nDaingean a bhí ina chara mór aige, agus saothar le Kristiina Ehin, scríbhneoir ón Eastóin.

In Catullus Gaelach dhein sé leaganacha nua de cheithre cinn de dhánta Laidine Catullus.

Fág freagra ar 'An sárchraoltóir agus sárscríbhneoir Aogán Ó Muircheartaigh ar shlí na fírinne'

  • Brian Ó Conchubhair

    Ceol na nAingeal go gcloise sé.

  • Gabriel Rosenstock

    Beannacht Dé leis.

  • Fiachra Ó Donnchadha

    Múinteoir méan scoile dob ea é freisin agus bhí sé ar dhuine de na múinteoirí bunaidh i gColáiste Eoin i mBaile an Bhóthair i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Is maith is cuimhin liom é ag múineadh Laidne ann agus más buan mo chuimhne d’aistrigh sé téacsleabhar ar shaoránaíocht sa tréimhse sin freisin. Ní maith liom an tuairisc seo a chlos. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

  • Ciarán Ó Coigligh

    Gaiscíoch ciúin ar lár. Beannacht Dé lena anam uasal.