An Rúis cheana féin ina fear tinn na hEorpa

I méid atá an fhianaise ag dul go mbeidh muintir na Rúise thíos go fadtéarmach le cinneadh Putin infheistiú ina aisling impiriúil seachas i bhforbairt na tíre

An Rúis cheana féin ina fear tinn na hEorpa

Le cúpla bliain anuas, d’éirigh go maith le geilleagar na Rúise déileáil le smachtbhannaí an iarthair agus costais ollmhóra an chogaidh. Spreag caiteachas míleata agus praghsanna arda fuinnimh figiúirí fáis dearfacha in 2022–2023. Ach ag dul i méid atá an fhianaise go mbeidh muintir na Rúise thíos go fadtéarmach le cinneadh Putin infheistiú ina aisling impiriúil seachas i bhforbairt na tíre. Mhéadaigh an t-ionradh ar an Úcráin fadhbanna struchtúracha na Rúise agus tá sé níos deacra dá bharr an meath fadtéarmach atá i ndán don tír a sheachaint.

Má chomhaireann muid an Rúis mar thír Eorpach, tá sí cheana féin ina ‘fear tinn’ na hEorpa. In 2024 ba í an mheán-olltáirgeacht náisiúnta do thíortha an Aontais Eorpaigh ná €40,000 i gcomparáid le €13,000 don Rúis. Tá fadhb níos mó ag an Rúis ná mar atá ag an Aontas Eorpach le daonra atá ag dul i laghad agus in aois. Nuair a bhreathnaítear ar shaol an phobail lasmuigh de na mórchathracha, ar nós Mhoscó agus Cathair Pheadair, is cosúil le tír tearcfhorbartha go leor den Rúis. Mar shampla níl fáil ag 24% den daonra ar uisce glan sa bhaile i gcomparáid le 3% san Aontas Eorpach.

Ach in áit infheistiú sna fadhbanna seo agus cinn eile nach iad a réiteach, is amhlaidh go bhfuil méadú ollmhór déanta ag Putin ar chaiteachas míleata. Cé nach bhfuil ach olltáirgeacht náisiúnta circa €2 trilliún ag an Rúis i gcomparáid le circa €15 trilliún ag an Aontas Eorpach, tá an Rúis ag caitheamh sciar i bhfad níos airde de sin ar chúrsaí míleata- 7% in 2025 i gcomparáid le 1.7% ar an meán san Aontas Eorpach.

De réir an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, táthar ag súil go mbeidh fás Olltáirgeacht Intíre (GDP) na Rúise thart ar 0.9% in 2025 agus 1.0% in 2026, i bhfad faoi bhun na rátaí a chonacthas le linn an bhorrtha mhíleata. Tá an Banc Domhanda ag tuar fás faoi bhun 1% sa tír go dtí 2027. Léiríonn na figiúirí seo nach bhfuil an borradh atá bunaithe ar chaiteachas cogaidh inbhuanaithe. Nuair a laghdaíonn an spreagadh ó chaiteachas míleata, fanann na laigí struchtúracha – agus tá siad níos measa anois ná riamh.

Mar gheall ar smachtbhannaí tá rochtain na Rúise ar chaipiteal agus ar theicneolaíocht an Iarthair gearrtha go géar, rud a chuireann bac ar an nuálaíocht, ar tháirgiúlacht agus ar fhéidearthachtaí fáis. Ní hamháin gur chaill sí margaí, ach mhéadaigh a spleáchas ar an tSín, rud a chuireann teorainn lena neamhspleáchas straitéiseach. Cé go soláthraíonn an tSín earraí tomhaltóra, comhpháirteanna tionsclaíocha agus margaí do na hacmhainní nádúrtha, tá an caidreamh seo neamhchothrom. Tá an Rúis ag éirí níos spleáiche ar chóras íocaíochta na Síne, ar infheistíocht shrianta agus ar theicneolaíochtaí nach bhfuil ar aon leibhéal leis na caighdeáin san iarthar. Cuireann an spleáchas seo teorainn le cumas na Rúise straitéis eacnamaíochta neamhspleách a fhorbairt agus laghdaíonn sé a cumhacht idirnáisiúnta.

Tá an t-ionradh tar éis an geilleagar a mhíleatú agus rogha an dá dhíogha atá anois ann ó thaobh cúrsaí caiteachais idir gunnaí agus gach rud eile. Toisc go bhfuil acmhainní agus saothair á mhealladh i dtreo thionscal na n-arm, táthar ag fágáil infreastruchtúr, oideachas agus sláinte d’uireasa infheistíochta.

Ní chruthaíonn an caiteachas míleata seo nuálaíocht ná táirgiúlacht fhadtéarmach; cruthaíonn sé spleáchas ar bhuiséad an stáit agus ar thionscail nach dtugann buntáiste ó thaobh na hiomaíochta domhanda.

Fiú roimh an gcogadh bhí fadhb dhaonra ag an Rúis. Tá an daonra oibre ag laghdú, agus tá níos mó daoine oilte tar éis teitheadh ón tír ó 2022. Tá cónaí in aice liom ar Rúiseach atá fostaithe ag comhlacht ardteicneolaíochta a bhunaigh fiontraithe Rúiseacha san Rúis agus a d’fhás ina chomhlacht ilnáisiúnta. Tá an comhlacht imithe go hiomlán ón Rúis ó thosaigh an mór-ionradh, agus é lonnaithe go príomha i Londain agus i mBaile Átha Cliath, ach íorónta go leor tá fostaithe fós san Úcráin aige. De réir Bhanc na Fionlainne, tá cumas fáis na Rúise teoranta do 1–1.5% in aghaidh na bliana mar gheall ar an meath daonra agus ar tháirgiúlacht íseal. Tá an cogadh tar éis an fhadhb seo a mhéadú de bharr fir a bheith á mealladh ó mhargaí saothair le dul i mbun troda agus trí chosc a chur ar infheistíocht i gcláir oideachais agus nuálaíochta.

Tá an t-ionradh tar éis spleáchas na Rúise ar ola agus gás a dhaingniú. Cé gur thug praghsanna arda fuinnimh faoiseamh gearrthéarmach, tá an Banc Domhanda ag tabhairt foláirimh go bhfuil an spleáchas seo ina chontúirt fhadtéarmach. Tá an domhan ag bogadh i dtreo fuinneamh glan, agus tá na príomhthomhaltóirí ag iarraidh fuinneamh a sholáthar ó fhoinsiú éagsúla. Nuair a thitfidh praghsanna nó nuair a laghdóidh an t-éileamh, beidh an Rúis i sáinn.

Chruthaigh Putin géarchéim gheopholaitiúil nuair a chinn sé ionradh a dhéanamh ar an Úcráin ach chruthaigh sé gaiste eacnamaíoch fadtéarmach don Rúis freisin. Thug an cogadh borradh gearrthéarmach trí chaiteachas míleata, ach mhéadaigh sé na fadhbanna a bhí ann cheana: daonra ag laghdú, spleáchas ar acmhainní, easpa nuálaíochta agus anois spleáchas méadaithe ar an tSín. De réir an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Bhainc Dhomhanda, tá an todhchaí soiléir: fás íseal, meath struchtúrach, agus spleáchas ar chomhpháirtí nach dtugann forbairt fhadtéarmach.

Glactar leis go forleathan anois gur chuir an t-ionradh ar an Afganastáin dlús le meath an Aontais Shóivéadaigh. Tá sé soiléir go laghdóidh an t-ionradh ar an Úcráin cumas na Rúise dul i ngleic le fadhbanna struchtúracha fadtéarmacha na tíre. Tá an chuma ar an scéal faoi láthair gur meath mall de réir a chéile an toradh a bheidh air seo, ach is beag duine a thuar go mbeadh cliseadh an Aontais Shóivéadaigh chomh drámatúil is chomh tobann is a bhí, agus is iomaí cor gan choinne a tharlaíonn sa stair.

Fág freagra ar 'An Rúis cheana féin ina fear tinn na hEorpa'

  • Niall Ó Flaithearta

    Níor chás an dara fhéachaint a thabhairt ar na ceannlínte roimh dul i gcló!!!!

  • Sinéad de Róiste

    Cén fhianaise? Tá fás GDP i bhfad níos fearr ag an Rúis ná mar atá ag cheann de bhallstáit na hEorpa.