An Rúis, an tSiria agus ceist na dteifeach: An Putin a bheidh ag gáire sa deireadh?

Tá sos cogaidh sealadach agus teoranta fógartha sa tSiria. Ach muna dtéann an Eoraip i ngleic le géarchéim na dteifeach as an tír sin ar bhealach eagraithe, féaráilte agus díniteach go luath is é Vladimir Putin a bhéas ag gáire sa deireadh

PUTIN_RUSO
Vladimir Putin

Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin. Ar ndóigh níorbh é Vladimir Putin a chuir tús leis an gcogadh sa tSiria, ach nach é atá in ann úsáid a bhaint as?

Tabhair faoi deara nár gheall an Rúis, a bhí páirteach sna cainteanna síochána i München a raibh an ‘sos cogaidh sealadach agus teoranta’ a fógraíodh Dé hAoine mar thoradh orthu, go gcuirfeadh sí deireadh lena ruathair bhuamála sa tSiria. Níl an troid i gcoinne an Stáit Ioslamaigh (ISIS) clúdaithe sa ‘sos cogaidh sealadach agus teoranta’ ach an oiread.

Tá seanchairdeas idir an Rúis agus réimeas mhuintir Assad sa tSiria agus níorbh aon ionadh gur tháinig Ceannaire na Creimile i gcabhair ar dheachtóir Shiria anuraidh agus a réimeas sin i mbaol níos mó ná riamh. Ach cuirim geall nach é leas mhuintir Assad ná leas mhuintir na Siria i gcoitinne an chloch ba mhó ar phaidrín Putin nuair a chuir sé aerloingeas na Rúise go dtí an Meánoirthear.

Céim straitéiseach ba ea é i gcogadh ceilte atá á fhearadh ag Putin ar an Iarthar; cogadh nach bhfuil an tIarthar ach ag teacht ar thuiscint anois faoina bhfuil ar siúl. 

Smaoinigh. Cén fáth a gcuirfeadh duine cath ar an Eoraip ar an seanbhealach? Cén fáth a n-íobródh duine beatha na gcéadta míle saighdiúirí chun na giotaí sin d’impireacht na Rúise a cailleadh nuair a thit an Cumannachas (An Eastóin, An Laitvia agus an Liotuáin, móide an sféar cumhachta in oirthear na hEorpa) a athghabháil? Cén fáth a ndéanfadh duine sin dá bhféadfaí an obair ar fad a fhágáil faoi dhream éigin eile?

An tAontas Eorpach a scoilteadh le rabharta teifeach, sin, cuirim geall, an aidhm atá ag Vladimir Putin. Is é sin, agus ní leas mhuintir Assad nó leas mhuintir chráite na Siria, an chúis go bhfuil ola á chaitheamh ar an tine aige, i bhfoirm bhuamaí a neartós sruth seasta na dteifeach atá ag iarraidh an Eoraip a bhaint amach.

Tarlaíonn go bhfuil an Tuirc idir an tSiria agus an Eoraip agus gur in olcas atá an caidreamh idir an Rúis agus an tír sin imithe le bliain anuas. Ag breathnú ar an gceist ón túr is airde sa Chreimil, bronntanas breise is ea é go gcuirfidh taoille teifeach brú mór ar an Tuirc.

Ag caint ar an Tuirc, an tseachtain seo dhiúltaigh an tír sin don phlean ciotach a bhí ag  an Eoraip chun dul i ngleic le géarchéim na dteifeach: go ndúnfadh an Tuirc a teorainneacha dá nglacfadh an tAontas Eorpach le cúpla céad míle teifeach in aghaidh na bliana. Cúpla céad míle? Tá cúpla milliún teifeach sa Tuirc cheana féin.

De réir tuarascála a d’fhoilsigh an Syrian Centre for Policy Research an tseachtain seo, fuair 470,000 duine bás sa chogadh sa tSiria go dtí seo. Muna gcuirfidh an ‘sos cogaidh sealadach agus teoranta’ a fógraíodh an tseachtain seo casadh cinniúnach sa scéal caithfear glacadh leis go dteithfidh go leor, leor eile.

Muna dteastaíonn ón Iarthar deireadh a chur leis an gcogadh sa tSiria le fórsa (agus is deacair a shamhlú go mbeadh glacadh ag vótóirí na hEorpa leis sin, gan trácht ar an dúshlán a leithéid a chur i gcrích gan cogadh oscailte a tharraingt leis an Rúis), níl ach rogha amháin ag an Eoraip: glacadh scun scan le gach uile theifeach as an tSiria agus teacht, a luaithe in Éirinn agus is féidir, ar bhealach eagraithe, féaráilte agus díniteach chun dul i ngleic leis an taobh  praiticiúil den cheist.

Muna ndéanfar sin, ní hamháin go ngéarófar ar an tragóid dhaonna cois Meánmhara lá i ndiaidh lae, ach tá an baol ann gur ag ag Ceannaire na Creimile a bheas an gáire sa deireadh.

Fág freagra ar 'An Rúis, an tSiria agus ceist na dteifeach: An Putin a bheidh ag gáire sa deireadh?'

  • Vitaly

    Maith thú a Alex. Is oth liom a rá go gcaithfidh ceart a bheith agat. Is cuma le Putin muintir na Syria, na hEorpa agus na Rúise chomh maith. Leis sin, tá feachtas bolscaireachta láidir ar an teilifís na Rúise mar gheall ar fadhb na dteifeach. Fadhb mhór thromchúiseach is ea í gan dabht. Dúirt ar gcairde Gearmánacha nach bhfuil an saol chomh socair sin acu ná mar a bhíodh. Ach taispeántar ar ár dteilifís go bhfuil an t-Eoraip go léir scriosta, millte, loitithe, maruithe agus éignithe ag na teifigh. Sin “must-have” sa nuacht ar an teilifís na Rúise gach lá: mír faoin Aontas na hEorpa atá báite le teifigh agus ar tí scriosadh. Leis sin, bíonn míreanna eile as Syria agus an Túirc, SAM agus an Ucráin – is iomaí naimhde na Rúise aimsithe ag ár n-Uachtarán. Níl aon Rúis sna nuachta laethúla sa teilifís na Rúise (ach amháin cúpla corrmhír), agus san intinn an Uachtaráin ach an oiread. Níl suim dá laghad aige sa chúrsai na tíre, rudaí I bhfad níos suimiúla ata idir lámha aige anois.