AN RÚIS 2018: Davy Fitz na Colóime, muintir Chonamara ag ól sláinte Harry Kane agus scéalta eile Chorn an Domhain

Caitheann Tuairisc.ie súil ar chuid de na scéalta is déanaí ó Chorn an Domhain sa Rúis (agus i Leitir Fraic)

AN RÚIS 2018: Davy Fitz na Colóime, muintir Chonamara ag ól sláinte Harry Kane agus scéalta eile Chorn an Domhain

Davy Fitz na Colóime

Tugadh téarma fionraíochta ocht seachtaine do Davy Fitzgerald anuraidh nuair a tharla clampar beag idir é féin agus Jason Forde istigh ar an bpáirc le linn cluiche sraithe i gcoinne Thiobraid Árann.

Is léir go bhfuil mianach Fitzgerald i nduine d’fhoireann bainistíochta na Colóime. Nuair a bhí na himreoirí ag teacht den pháirc ag leath ama sa chluiche idir An Cholóim agus Sasana Dé Máirt, d’fhan duine d’fhoireann bainistíochta na Colóime gar den pháirc agus nuair a bhí Raheem Sterling ag rith thairis, rinne an Colómach iarracht gualainn a thabhairt dó.

Bhí an réiteoir díreach in aice leo agus chun rudaí a dhéanamh níos measa, thosaigh an Colómach ag déanamh amach gurbh é Sterling ba chúis leis an nguailleáil.

Lena cheart a thabhairt do Sterling, níor thug sé mórán aird ar an ‘numpty’, mar a thug Gary Neville ar mo dhuine ag leath ama.

 

Leitir Fraic don chraic

Seans nach bhfuil aon dream in Éirinn chomh sásta go bhfuil Sasana fós i gCorn an Domhain is atá custaiméirí theach tábhairne Molly’s i Leitir Fraic.

Mar is eol do go leor faoin am seo is as iarthuaisceart Chonamara muintir Harry Kane agus is minic a thugann siad cuairt ar an teach tábhairne sin nuair a bhíonn siad in Éirinn.

Tá úinéirí Molly’s ag iarraidh a gcuid a dhéanamh chun tacaíocht a thabhairt do chaptaen Shasana agus deochanna á dtabhairt amach saor in aisce acu aon uair go n-éiríonn le Kane cúl a scóráil.

Ní raibh aon tart orthu siúd a bhí sa bpub do chluichí Shasana sa Rúis go dtí seo. D’aimsigh Kane cúl eile i gcoinne na Colóime Dé Máirt, an séú ceann atá aimsithe aige sa gcomórtas seo agus beidh cluiche eile ag Sasana i gcoinne na Sualainne tráthnóna Dé Sathairn.

Má leanann rith an ráis le Kane, ní bheidh deoir fágtha i Leitir Fraic ag deireadh an chomórtais.

 

Díoltas Rabio

In 2008, tháinig clú ar Paul an t-ochtapas, a raibh cónaí air in uisceadán sa Ghearmáin. Ag déanamh tuar ar chluichí le linn EURO 2008 a bhíodh Paul. Dá mbeadh An Ghearmáin agus An Pholainn ag tabhairt aghaidh ar a chéile, chuirtí dhá bhosca lán de bhia os comhair Paul, ceann acu agus brat na Gearmáine air agus an ceann eile le brat na Polainne. Pé bosca a n-íosfadh sé a bhéile as, b’in tuar Paul don chluiche sin.

Idir an comórtas sin in 2008 agus Corn an Domhain 2010, rinne Paul tuar ar cheithre chluiche dhéag agus thuar sé an toradh ceart i ngach ceann seachas péire.

Caithfidh go raibh cloiste ag Kimio Abe faoi aicsean Paul, mar nuair a rug an t-iascaire as tuaisceart na Seapáine ar ochtapas sular thosaigh Corn an Domhain na bliana seo, thosaigh sé ar an gcleas céanna do chluichí na Seapáine.

Rabio a thug sé ar an ochtapas agus is léir go raibh bua síceach éigin ag an iasc mar thuar sé go mbeadh an bua ag an tSeapáin i gcoinne na Colóime, go mbeadh comhscór acu i gcoinne na Seineagáile agus go gcaillfidís in aghaidh na Polainne.

Ní bhfuair Rabio deis an cluiche díbeartha idir an tSeapáin agus an Bheilg a thuar áfach. Is léir nár cheap Kimio go raibh an t-ochtapas ag saothrú a choda agus díoladh le ceannaí éisc é. Bhí plean ag an iascaire ochtapas eile a fháil chun na cluichí eile a thuar ach ar an drochuair don tSeapáin, ní bheidh aon ghá leis mar chaill siad sa nóiméad deireanach i gcoinne na Beilge agus tá slán fágtha acu leis an Rúis. Scéal ochtapas na n-ocht gcos!

 

Fág freagra ar 'AN RÚIS 2018: Davy Fitz na Colóime, muintir Chonamara ag ól sláinte Harry Kane agus scéalta eile Chorn an Domhain'