An rugbaí i bhfad taobh thiar den baseball, den súmó agus den sacar sa tSeapáin…

Mar a tharla i gcás an daorchluiche bhí baint nach beag ag na hollscoileanna le dul chun cinn an rugbaí sa tSeapáin

An rugbaí i bhfad taobh thiar den baseball, den súmó agus den sacar sa tSeapáin…

Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Óna bhfuil feicthe ar an teilifís agam, féadfaidh tú a bheith cinnte nuair a fhoilseofar na spórtanna is mó a bhfuil tóir sa tSeapáin orthu an t-am seo arís gur maith mór an dul chun cinn a bheidh déanta ag an rugbaí ó thaobh féachana, tacaíochta agus rannpháirtíochta.

Ní baileach go dtugann scéala Chorn an Domhain atá á imirt ann faoi láthair inseacht fhírinneach ar stádas an chluiche ansiúd i láthair na huaire. Is fíor go bhfuil áit i chuile Chorn Domhanda bainte amach ag an tír ó tháinig an comórtas sin ar an saol i 1987, ach go dtáinig an lá stairiúil in aghaidh na hAfraice Theas in Brighton ceithre bliana ó shin ní raibh buaite acu san achar sin ach aon chluiche gágach amháin – in aghaidh na Siombáibe.

Ba iomaí sin liúradh a bhí faighte acu. 91 pointe ag an Astráil ina gcoinne (2007), 145 scóráilte ag an Nua-Shéalainn (1995) agus fiú 50 ag Éirinn nuair a d’imríodar a chéile an bhliain sin in Bloemfontein sa gcomórtas a chríochnaigh nuair a bhronn Nelson Mandela an corn ar Francois Pienaar.

Tá os cionn 126 milliún duine sa tSeapáin agus tugann an liosta is deireanaí atá foilsithe le fios nach bhfuil aon dé ar an rugbaí ar liosta na 10 spórt is mó a bhfuil suim iontu agus a ndéantar iad a chleachtadh. Is é an daorchluiche (baseball) is mó ar fad a bhfuil tóir ar, a dhá oiread níos mó ná atá ar na trí spórt atá ina dhiaidh aniar – súmó, sacar agus leadóg.

Ní chuirfidh sé a dhath iontais ort go mba Mheiriceánach a thug an daorchluiche chun na tíre an chéad lá riamh. Mheas mise go mba le cúrsaí míleata a bhí baint ag an scaipeadh ach níorbh ea. Saighdiúir ab ea Horace Wilson (1843-1927) ceart go leor ach ba i gcogadh cathartha a thíre féin a throid sé. Nuair a tháinig deireadh leis sin thug rialtas na Seapáine post dó mar chomhairleoir oideachais agus iad ag iarraidh córas scolaíochta na tíre a thabhairt chun foirfeachta agus timpeall na bliana 1872 chuir sé cluiche an daorchluiche ar an gcuraclam corpoideachais.

Bhí tús an chéid seo caite linn nuair a tháinig na foirne gairmiúla ar an saol agus cé gur i léig atá lucht féachana na teilifíse ag dul le blianta beaga breathnaíonn suas le 30 milliún ar na cluichí a bhíonn ar siúl idir na foirne atá sa dá shraith atá sa tír. Ag titim freisin atá a líon siúd a imríonn an cluiche agus iad ar scoil, cé go mbíonn 50,000 i láthair i gcónaí ag cluiche ceannais a gcraoibhe siúd.

Tá dlúthcheangal i gcónaí idir baseball na Seapáine agus an tír a thug an cluiche dóibh – téann foirne as na Státaí ansiúd ar thurais imeartha, nós atá ag dul siar go haimsir Babe Ruth agus inniu tá leathdhosaen imreoirí a rugadh sa tSeapáin ar fhoirne san MLB. Caiteoirí iad chuile dhuine acu. Caiteoirí freisin a bhí sa gceathrar Seapánach a bhí ar fhoirne na Boston Red Sox a bhuaigh an World Series in 2007 (Daisuke Matsuzaka & Hideki Okajima) agus in 2013 (Koji Uehara & Junichi Tazawa).

Is é an sacar an dara cluiche is mó a bhfuil tóir ar sa tSeapáin agus is é an J. League an ceann is fearr ar ilchríoch na hÁise. Mórán mór ag an am céanna ar bunaíodh an Phríomhroinn i Sasana (1992) a thosaigh an J. League. Idir 15,000 agus 70,000 duine atá in ann a dhul isteach sna 19 staid atá ag na foirne atá páirteach ann agus ar ndóigh is iomaí eachtrannach a bhfuil dídean faighte aige iontu siúd. A seal tugtha i mórshraitheanna na hEorpa go háirid ag a mbunáite.

D’imir Gary Lineker do Grampus 8 ar feadh cúpla bliain ar thús don tsraith mar a d’imir na céadta Brasaíleach. D’imir Michael Laudrup na Danmhairge ann agus tá an Spáinneach David Villa Sánchez, a bhí ar fhoireann Barcelona a bhuaigh Sraith na Seaimpíní in 2010 agus le Atlético Madrid an bhliain dár gcionn, ag imirt i gcónaí ann.

Tá an ceangal díreach céanna ag an Súmó le stair agus le cultúr na Seapáine agus atá ag an iománaíocht sa tír seo – é ag dul siar go haimsir laochra an tseanchais agus an bhéaloidis. Fearacht an daorchluiche is ag titim atá an tóir atá air sin freisin mar ghairm bheatha agus mar chaitheamh aimsire. Bítear ina bhun ó na scoileanna aníos agus is sa spórt amaitéarach amháin a thugtar cead iomaíochta do na mná. Spórt é a bhfuil suim á chur ann i dtíortha eile le blianta beaga – Craobhacha Domhanda bunaithe anois agus súil aitheantas Oilimpeach a fháil amach anseo.

Mar a tharla i gcás an baseball bhí baint nach beag ag na hollscoileanna i ndul chun cinn an rugbaí sa tSeapáin agus foireann idirnáisiúnta ag an tír ó 1932. Is é an Top League an príomhchomórtas – 16 foireann agus iad ar fad urraithe ag comhlachtaí ar nós Toshiba, Panasonic, Toyota, Honda, Yamaha agus Canon. Is leo siúd a imríonn iadsan a rinne an gaisce in aghaidh na hÉireann.

Go teoiriciúil is cluiche amaitéarach é óna dtaobh siúd agus is iad na comhlachtaí a íocann pá na n-imreoirí Seapánacha. Agus iad ag seasamh an fhóid don tír ní bhfuaireadar ón eagraíocht náisiúnta ach liúntas timpeall €15 sa lá agus iad ar thuras chun na Breataine anuraidh.

Tuilleann na heachtrannaigh a thagann isteach sa Top League airgead ollmhór ó na comhlachtaí – leithéid Dan Carter a d’fhág pá os cionn €2 mhilliún sa mbliain le Racing 92 sa bhFrainc ina dhiaidh nó gur aistrigh sé chuig na Steelers i gcathair Kobe i gceartlár na Seapáine anuraidh – áit a bhfuil sé ag fáil níos mó, glac leis. I measc na n-imreoirí eile a bhfuil boinn Chraobh an Domhain acu agus a rinne amhlaidh tá Ma’a Nonu, Jerome Kaino agus Sonny Bill Williams; Chaith Williams atá ar fhoireann na Nua-Shéalainne sa tSeapáin faoi láthair tamall leis na Panasonic Wild Knights, foireann ar imir Brendan Pocock, captaen na hAstráile faoi láthair tamall leo freisin.

Corn Webb Ellis a bhreith abhaile leo an t-aon rud a shásóidh príomhfhoirne an rugbaí – agus ní dhéanfaidh sin ach aon cheann amháin acu. Idir an lá linn déarfá leat féin nach bhfuil le tabhairt leo ag an bhfoireann bhaile agus ag an gcluiche ansiúd ach an dea-scéala, cuma céard a tharlóidh.

Fág freagra ar 'An rugbaí i bhfad taobh thiar den baseball, den súmó agus den sacar sa tSeapáin…'