An rud is mó a chuireann iontas orm faoi na buachaillí óga…

Comórtas agus sáraíocht ar a chéile is ea chuile shórt ag buachaillí óga de réir mo chuid taighde teoranta

An rud is mó a chuireann iontas orm faoi na buachaillí óga…

‘Ara ní cheapaim é,’ a deir an Babaí agus é fhéin is a chara i gcúl an chairr ag sáraíocht ar a chéile cén duine acu is fearr a bhí ag an sacar.

‘Tá tusa go maith ag bualadh, ach tá mise go maith ag ciceáil,’ a deir sé. Is mór an difríocht atá le feiceáil sa gcaint idir cailíní agus buachaillí feictear dom agus iad ag caint is ag comhrá.

Comórtas agus sáraíocht ar a chéile is ea chuile shórt ag buachaillí óga de réir mo chuid taighde teoranta.

An rud is mó a chuireann iontas orm faoi na díospóireachtaí a bhíonn acu ná nach dtiteann siad amach lena chéile dá mbarr. A mhalairt, más tada é. Tá an chuma ar an scéal gur láidríonn sé an cairdeas is go dtugann cúnamh dóibh iad féin agus a n-áit sa saol a thuiscint.

Leagann siad amach a gcás is cuireann siad na pointí tacaíochta i láthair, ansin déantar plé agus socrófar ar chinneadh sa deireadh thiar, cé acu is fearr nó is measa ag pé scil a bhí leagtha amach acu.

‘Is dóigh go bhfuil tú go maith ag taicleáil,’ a deir an cuairteoir beag, ‘ach níl tú in ann an liathróid a chiceáil isteach ón gcúinne mar atá mise.’

‘Hmmm,’ a deir an Babaí, ‘yea, tá an ceart agat. Tá tusa níos fearr aige sin ná atá mise cinnte. Tá tú an-mhaith ag ciceáil isteach ón gcúinne. Agus ag bualadh!’

Ní raibh aon achrann eatarthu, bhí an cás socraithe acu.

‘Tá mise níos sciobtha ag rith ná mar atá tusa,’ a deir an Babaí tar éis tamaill agus é ag tarraingt ábhar eile anuas den tseilf.

‘Braitheann sé,’ a deir an cuairteoir beag. ‘Tá mise an-sciobtha ag rith freisin.’

‘Tá tú sciobtha,’ a deir an Babaí, ‘ach níl tú chomh sciobtha liomsa – an chuid is mó den am.’

‘Hmm,’ a deir an cuairteoirín agus é ag breathnú amach fuinneog an chairr go machnamhach. ‘Bhuaigh mé rása ort anuraidh ag an gcampa samhraidh.’

‘Bhí dearmad déanta agam air sin,’ a deir an Babaí. Bhí ciúnas ann ar feadh scaithimh. Ansin labhair sé arís. ‘Ach bhuaigh mise na rásaí eile ortsa,’ a mheabhraigh sé dá chara.

‘Bhuaigh, is dóigh,’ a deir an cuairteoir beag. ‘Bhí dearmad déanta agamsa air sin.’

Thit ciúnas arís sa gcarr agus iad ag breathnú amach an fhuinneog go machnamhach. Chaithfeadh gur chuimhnigh an Babaí ar ghné eile den scéal tar éis scaithimh mar labhair sé arís go tobann.

‘Tá Calum níos sciobtha ná an bheirt againn,’ a deir sé ag tagairt do bhuachaill eile sa rang. ‘Bhuaigh seisean chuile rása.’

‘Bhuaigh,’ a deir an cuairteoir beag is é ag breathnú amach an fhuinneog i gcónaí, ‘bhuaigh sé chuile rása.’

Fág freagra ar 'An rud is mó a chuireann iontas orm faoi na buachaillí óga…'

  • Brendan Keane

    Giota scríobhnóireacht thar barr is ea.

  • Mise Áine

    Dá mbeadh a leithéidí i Stormont…