An rud is annamh is iontach– dea-chomhairle d’Éirinn ó Westminster…

Tá cur síos tomhaiste i dtuarascáil nua ar an gcontúirt a bhaineann leis na bréaga agus ráflaí a scaiptear ar Facebook agus ar mheáin shóisialta eile

An rud is annamh is iontach– dea-chomhairle d’Éirinn ó Westminster…

 https://publications.parliament.uk/pa/cm201719/cmselect/cmcumeds/1791/1791.pdf

Go gairid roimh thoghchán na huachtaránachta sna Stáit Aontaithe in 2016, thug scata de lucht tacaíochta Donald Trump sampla breá i ngan fhios dóibh féin de dhrochthionchar na meán sóisialta ar vótóirí.

Bhí iriseoir teilifíse á gceistiú in Chicago nuair a dúirt duine acu go raibh súil ag an bPápa Proinsias go mbeadh an bua ag Trump. Dúirt an t-iriseoir leis nach bhfaca sí tuairisc ar bith inar thagair an Pápa beag ná mór don toghchán. D’fhiafraigh sí de cár chuala nó cár léigh sé ráiteas dá leithéid?

“It’s on Facebook,” arsa mo dhuine. Ní raibh aon eolas eile aige faoin scéal ach ní raibh aon amhras air ach go raibh sé fíor.

 “The only reason you won’t see that on mainstream media is because they hate Trump,” a dúirt sé. D’aontaigh an triúr Trumpóirí a bhí ina theannta leis, cé nach raibh aon eolas acu ach oiread ar fhoinse ná ar shonraí an scéil (nach raibh oiread na fríde de bhunús na fírinne ann).

Tá an dochar a dhéanann bréaga agus ráflaí a scaiptear ar Facebook agus ar mheáin shóisialta eile don saol polaitiúil i bhfad níos follasaí anois ná mar a bhí trí bliana ó shin. Tá cur síos tomhaiste ar an dainséar, chomh maith le beartais a theastaíonn leis an gcóras daonlathach a chosaint, i dtuairisc a d’fhoilsigh coiste uilepháirtí in Westminster i rith na seachtaine (tuairisc atá ar fáil anseo).

Is fiú aird a thabhairt ar thuairimí agus ar mholtaí an choiste ar thrí chúis: (1) toisc go bhfuil tionchar na meán sóisialta fiosraithe go cuimsitheach acu, (2) toisc go ndeachaigh beirt ó Dháil Éireann, Hildegarde Naughton agus Éamon Ryan, chun cainte leo agus (3) toisc go bhfuil beartais chun déileáil leis an bhfadhb chéanna ar chlár na Dála faoi láthair.

Ar ndóigh, ní inniu ná inné a baineadh leas forleathan as bréaga, claoninsint agus lúbadh na fírinne sa saol polaitiúil. Ach deir tuairisc an choiste go bhfuil a dtionchar méadaithe go mór mar gheall ar mhórúsáid na meán sóisialta agus an tslí inar féidir le teicneolaíocht na faisnéise cur as cuimse lena dtionchar.

Cuimhnigh ar a ndúirt lucht leanúna Trump thuas. Cuir sa mheá freisin an nós atá ag mórán daoine brath ar thuairimí agus ar scéalta a bhíonn ag teacht lena dtuairimí féin agus is soiléire an chontúirt. Níor chuir tuairisc choiste Westminster fiacail ann: de réir mar a dhéanann daoine neamhshuim d’fhaisnéis agus d’fhíricí nach maith leo cúngaítear an spás inar féidir ceisteanna polaitiúla a phlé dáiríre. De réir mar a théann an claonadh sin i dtreise le linn feachtas toghcháin, cuirtear dlúth agus inneach an daonlathais féin i gcontúirt.

Ní léir dár bhformhór an chontúirt, toisc nach mbreathnaímid ar na meáin shóisialta mar ghléas tionsclaíoch chun bréaga a scaipeadh. Ach is léir an fhreagracht atá ar Facebook agus ar ollchomhlachtaí eile a scaipeann an bhréag, bíodh sin trí thimpiste, d’aon turas nó i ngan fhios. Déanann Facebook brabach ollmhór ag scaipeadh gach cineál faisnéise: $13.73 billiún sa tríú ráithe de 2018.

Léirigh príomhfheidhmeannach Facebook Mark Zuckerburg a dhearcadh ar chóras daonlathach na Breataine nuair a dhiúltaigh sé teacht go Londain chun freastal ar chruinniú den choiste. Dúirt an cathaoirleach gur chuir a chomhlacht fianaise faoina mbráid a bhí neamhiomlán, mímhacánta agus míthreorach.

Tá sé ráite cheana féin ag Hildegarde Naughton, atá ina cathaoirleach ar choiste cumarsáide an Oireachtais, go n-aontaíonn sí le príomhmholtaí an choiste in Westminster. Is iad sin go dtabharfaí isteach córas éigeantach eitice chun comhlachtaí cosúil le Facebook a rialú, go gcuirfí rialtóir neamhspleách i mbun na hoibre, agus go mbeadh cead iallach a chur ar chomhlachtaí foinsí a scaipeann bréaga nó faisnéis bhréige a bhaint dá ngréasáin.

Beidh reachtaíocht ar a dtugtar an Bille fá Choimisinéir um Shábháilteacht Dhigiteach, a mhol an Teachta Donnchadh Ó Laoghaire, á phlé ag coiste Naughton i gceann tamaill. Níl leigheas ansin ar gach fadhb atá faoi chaibidil i dtuairisc an choiste in Westminster.

Fiú dá mbeadh, níl dearcadh an rialtais soiléir ach oiread. 

Níl na ceisteanna a dhúisíonn díospóireacht ar smachtú na meán sóisialta simplí ach oiread. Mar shampla, mar atá ráite ag Niamh Sweeney, Éireannach a cheap Facebook mar stiúrthóir polasaithe poiblí, cé mar is féidir idirdhealú a dhéanamh idir bréaga a ghlanadh de mheán agus rósmacht ar chead cainte?

Dá chasta na ceisteanna sin, áfach, ní cóir plé ná gníomh ina dtaobh a chur ar an méar fhada. Taobh amuigh de gach riachtanas eile, mar a dúirt Éamon Ryan, comhalta eile den choiste cumarsáide, tá brú ar leith ar an rialtas abhus toisc gur i mBaile Átha Cliath atá ceanncheathrú Facebook. 

Tá breis agus 2,000 duine fostaithe in Éirinn ag Facebook. D’íoc an comhlacht cáin €38.3 milliún ar an mbrabach €251 milliún a deir siad a rinne siad abhus in 2017.

An mbeidh an rialtas toilteanach iachall a chur ar leithéidí Facebook srian a chur le scaipeadh na mbréag, agus a mbrabach a laghdú dá réir? Ní léir fós freagra na ceiste, ná fiú cén uair a fhreagrófar í.

Fág freagra ar 'An rud is annamh is iontach– dea-chomhairle d’Éirinn ó Westminster…'