An praghas ar ‘Éire Aontaithe’ tite de bharr na cainte faoi shocrú Breatimeachta

Deir comhlacht geallghlacadóra go bhfuil laghdú tagtha ar an gcorrlach go mbeidh ‘Éire Aontaithe’ de réir mar a mhéadaigh ar an gcaint faoi mhargadh Breatimeacht

An praghas ar ‘Éire Aontaithe’ tite de bharr na cainte faoi shocrú Breatimeachta

Tá sé deimhnithe ag comhlacht geallghlacadóra aitheanta gur tháinig laghdú ar an bpraghas atá á thairiscint acu go mbeidh ‘Éire Aontaithe’ ann de réir mar a bhí an chuma ar scéal inné go raibh na cainteanna Breatimeachta ag teacht chun críche.

Corrlach 20/1 a bhí ann mí Eanáir seo caite go n-éireodh le vóta ar son ‘Éire Aontaithe’ roimh an 1 Eanáir 2024 ach laghdaigh an corrlach sin de réir a chéile nó gur laghdaigh sé go dtí 6/1 inné agus an chuma ar an scéal go rabhthas ar tí teacht ar réiteach Breatimeachta.

Dúirt urlabhraí ó Paddy Power nach raibh aon cheist ann ach go raibh baint ag an laghdú leis na tuairiscí go raibh an dris chosáin is mó roimh mhargadh glanta as an mbealach agus an DUP réidh chun glacadh leis na moltaí is déanaí.

“Agus ról chomh lárnach sin ag an DUP i scéal an Bhreatimeachta, is cinnte go raibh baint ag na tuairiscí go raibh siad chun glacadh leis na moltaí leis an laghdú, fiú agus na tuairiscí sin á séanadh ag Arlene Foster,” a deir sé.

Tuairiscíodh inné go raibh an chonstaic is mó sna cainteanna sáraithe anois agus an DUP ag glacadh leis na moltaí is déanaí maidir le ceist na tola agus cúrsaí custam.

Bhí sé seanráite ag an DUP nach mbeadh aon ghlacadh acu le teorainn chustaim síos muir Éireann, moladh ar dhiúltaigh Theresa May dó toisc, a dúirt sí, nach bhféadfadh Príomh-Aire ar bith de chuid na Breataine glacadh lena leithéid.

Fág freagra ar 'An praghas ar ‘Éire Aontaithe’ tite de bharr na cainte faoi shocrú Breatimeachta'