An Post sásta an Oifig i gCarna a athoscailt ach cead a fháil

Dhún An Post an oifig i gCarna “ar bhonn sealadach” ar an 3 Bealtaine

An Post sásta an Oifig i gCarna a athoscailt ach cead a fháil

Bheadh An Post sásta an oifig i gCarna a athoscailt agus duine a chur ag obair ann go sealadach dá bhfaighidís aontas faoi sin ón Mháistreás Poist agus ó úinéirí an fhoirgnimh ina bhfuil an tseirbhís á cur ar fáil.  Sin é an scéal a bhí ag an Aire Stáit, Seán Kyne tar éis cruinniú a bhí i gCarna tráthnóna inné.

Idir an dá linn, táthar ag leanacht ar aghaidh leis an teagmháil idir An Post i mBaile Átha Cliath agus lucht an Phoist i gCarna. Dúnadh Teach an Phosta i gCarna dhá mhí ó shin agus dúirt An Post san am nach raibh aon neart acusan ar an socrú sin.  Bhí próiseas iniúchóireachta ar bun maidir le Teach an Phosta i gCarna roimhe sin.  Ó shin i leith, tá ar dhaoine as ceantar Charna taisteal go Cill Chiaráin – ocht gciliméadar as Carna – le haghaidh pinsin, íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus gnóthaí eile a bhaineann le seirbhís Theach an Phosta.

Cé nach dtabharfadh ionadaithe An Post aon eolas tar éis an chruinnithe i gCarna tráthnóna, dheimhnigh an tAire Stáit Kyne, agus daoine eile a bhí i láthair, go raibh An Post toilteanach na seirbhísí a chur ar ais i dTeach an Phosta agus duine a chur ag obair ann go sealadach.   Bheadh duine le roghnú agus bheadh oiliúint le cur ar an duine.

Níor tugadh aon eolas faoin ábhar a bhí ag teacht idir lucht cheannáras An Post agus lucht Theach an Phosta i gCarna.  Tuigtear go bhfuil comhfhreagras seolta amach ag An Post i dtaobh an scéil.  Dúirt ionadaí An Post a bhí i láthair ag an gcruinniú i gCarna nach féidir leo a rá cén t-achar a thógfaidh an próiseas cainte nó cén comhfhreagras atá i gceist.

Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe, dúirt an tAire Stáit, Seán Kyne, go bhfuil súil aige go mbeidh réiteach ar na deacrachtaí i gCarna gan mhoill ach nach bhféadfadh sé am ná data a chur air sin.  Dúirt an tAire Stáit Kyne freisin go raibh sé féin chomh cinnte agus a d’fhéadfadh duine a bheith go mbeidh seirbhís oifig phoist ag leanacht ar aghaidh i gCarna.  “Dúirt lucht An Post nach bhfeileann sé dóibh féin, ná do dhuine ar bith eile, go mbeadh oifig dá gcuid dúnta. Tuigim  go maith go bhfuil trioblóid ar dhaoine sa gceantar de bharr go bhfuil an tseirbhís stoptha faoi láthair,” a dúirt an tAire Kyne tar éis an chruinnithe tráthnóna.

Dúirt Seán Kyne go bhfuil an t-aistear a bheadh ar dhaoine go Cill Chiaráin ar chúis eile go gcaithfí seirbhís phoist a choinneáil sa tsráidbhaile.    

Dhún An Post an oifig i gCarna “ar bhonn sealadach” ar an 3 Bealtaine de bharr “cúinsí nach raibh aon smacht” ag an gcomhlacht orthu.

Fág freagra ar 'An Post sásta an Oifig i gCarna a athoscailt ach cead a fháil'