An port céanna ag Peter Robinson agus Martin McGuinness, iad araon ag cáineadh na gceardchumann a rinne ionsaí fíochmhar ar Chomhaontú Stormont.
‘Deargbhréaga’ a thug an Chéad Aire Robinson ar mhaíomh choiste Thuaisceart Éireann de Chomhdháil na gCeardchumann go mbrisfí 20,000 státseirbhíseach as a bpost faoi théarmaí an Chomhaontaithe.
Bhí an Leas-Chéad Aire McGuinness míshasta freisin, é ag ceistiú leagan amach na gceardchumann.
Bhí difríocht áfach idir cur chuige an dá pháirtí. Leagadar araon béim air gur scéim dheonach a bheadh i gceist. Bhain casaoid Robinson agus an DUP le líomhain na gceardchumann nár thug vótóirí Thuaisceart Éireann sainordú do na polaiteoirí don scéim iomarcaíochta seo; dúirt Robinson leo breathnú ar chlár toghcháin an DUP a mhol atheagar ar an tseirbhís phoiblí. Ba é Gerry Adams, áfach, a léirigh gur airigh Sinn Féin teas faoina gcosa nuair a dúirt sé gur “seafóid” é a bheith ag líomhain go gcaillfí 20,000 post “muna n-aontódh na ceardchumainn”.
Léirigh na ceardchumainn sa bhfógra sna nuachtáin an tseachtain seo caite gur beag seans go n-aontódh siadsan leis an bplean atá ina chuid lárnach den Chomhaontú a rinneadh díreach roimh Nollaig.
“Is cinnte”, dar leis an bhfógra “go mbainfear na mílte post agus na milliúin punt den phobal – gan barántas ar bith go gcruthófar oiread agus post amháin de bharr an tsínidh láimhe do lucht gnó….. ciorrú cánach do lucht rachmais. Drochmhargadh é seo, oiriúnach do thír na mbanc bia agus na siopaí puint seachas do shochaí rathúil.”
Tá feachtas agóidíochta fógraithe ag na ceardchumainn a chothóidh a thuilleadh míshuaimhnis i Sinn Féin ach glacadh leis an scéim iomarcaíochta thar thréimhse ceithre bliana ag cruinniú an Fheidhmeannais Déardaoin.
Glacadh freisin leis na moltaí faoi leasuithe ar an gcóras leasa shóisialaigh agus beidh ar SF tréanbholscaireacht a dhéanamh chun casadh dearfach a chur sa chor sin.
Ní hiadsan amháin a chothóidh achrann de réir mar a bhéas feoil á cur ar chonablach an Chomhaontaithe.
Is é Sinn Féin an t-aon pháirtí a ghlac leis an gComhaontú, go hoifigiúil is go foirmeálta go dtí seo, cé gur léir go bhfuil Peter Robinson, ceannaire an DUP, breá sásta leis. Ceistíonn na mionpháirtithe cuid mhór de choinníollacha an Chomhaontaithe ach beidh údar buartha acusan chomh maith agus an Comhaontú á thabhairt chun gnímh.
Tá tús curtha leis an bplé faoi laghdú ar líon na nAireachtaí i Stormont. Tá trí cinn de na ranna le cur ar ceal agus moltaí déanta ag feidhmeannach sinsearach faoin atheagar. Mairfidh an dá roinn dhéag go dtí toghchán Tionóil na bliana seo chugainn ach naoi gcinn a bheidh ann ina dhiaidh sin. Rinneadh roinnt díospóireachta faoi na moltaí ag cruinniú an Fheidhmeannais Déardaoin ach níor thángthas ar réiteach.
Tá impleachtaí ag na moltaí do chúrsaí na Gaeilge. Is é an Roinn Cultúir, Ealaíon & Fóillíochta atá freagrach as gnothaí teangan – go logánta agus ar bhonn trasteorann. Tá Foras na Gaeilge agus Bord na hUltaise Albanaí faoina gcúram. Tá an roinn sin ar cheann de na trí cinn atá le scor má ghlactar leis an bplean reatha.
Is cosúil go nglacfadh roinn nua dar teideal an Roinn Leasa Shóisialaigh, Pobail agus Spóirt seilbh ar chúrsaí teangan.
Sin meascán de chúramaí atá ar an roinn Forbartha Sóisialta faoi láthair, chomh maith le giodáin de na ranna ar a dtugtar DEL (oideachas tríú leibhéal agus scileanna) agus DCAL (cultúir, ealaíon agus fóillíocht). Tá an Roinn Comhshaoil le scor freisin agus cúramaí le dáileadh ar ranna difriúla.
Ní hiad na ceardchumainn amháin a bheidh ag cur na gcos i dtaca sna míonna seo romhainn.
Fág freagra ar 'An port céanna ag Robinson agus McGuinness'