Agus muid ag teannadh leis na laethanta deiridh den fheachtas léiríonn an plé poiblí go bhfuil cúrsaí níos éiginnte ag an bpobal ná mar a bhíothas a thuar go dtí seo.
Tógann sé go dtí seo ar dhaoine cinneadh a dhéanamh bunaithe ar a bhfuil feicthe acu de na polaiteoirí ag stocaireacht. Cruthaíonn sé freisin gur beag isteach i gcloigeann mórán aon duine a chuaigh na polasaithe ar fad a cuireadh inár láthair sa gcéad seachtain den fheachtas.
Tá sé soiléir ó nádúr an fheachtais go bhfuil dhá rogha éagsúla á gcur inár láthair. Comhrialtas bunaithe ar Fhianna Fáil agus Fine Gael nó comhrialtas ina mbeadh Sinn Féin ar an bpáirtí is mó. Tá an pobal ag breathnú ar na roghanna agus bunaithe ar thacaíocht na neamhspleách, ag cothú amhrais faoin tairbhe a bhainfeadh lena leithéid.
Tá an pobal idir an bád agus an balla. Tá an tír réasúnta seasta agus flúirse airgid sa Státchiste. Beidh níos mó airgid inár gcuid pócaí as seo amach más cóir géilleadh do na geallúintí atá déanta ag na páirtithe. Bíodh sin mar atá tá go leor inár measc faoi bhrú ag cíos ard, easpa tithíochta, praghsanna arda agus easpa seirbhísí.
An cheist atá romhainn ar an Aoine ná an bhfuil muid sásta malairt a roghnú le tabhairt faoi rialú na tíre? An gcreideann muid go bhfuil ar chumas na bpolaiteoirí ó Fhianna Fáil agus Fine Gael an tír a choinneáil socair agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin ag an am céanna?
Ceann de na ceisteanna is mó atá le freagairt an mbeidh dreamanna in ann comhréiteach a dhéanamh agus aontú ar teacht le chéile. Tá an Lucht Oibre ag trácht ar chomhghuaillíocht a chur le chéile agus ansin dul ag caint le páirtithe níos láidre faoi chlár rialtais. Ní léir go bhfuil an goile ag na páirtithe ar an eite chlé a leithéid a dhéanamh. Páirtithe iad seo a d’eascair ón mbonn céanna – an Lucht Oibre agus na Daonlathaithe Sóisialta mar shampla – agus tá rian den easaontas ba chúis leis an scoilt an chéad lá fós le brath.
Nó go mbíonn na páirtithe ar an eite chlé sa tír seo in ann teacht le chéile agus comhghuaillíocht a chur le chéile ní bheidh de rogha rialtais ach mar a bhí riamh, ceann faoi cheannas Fhianna Fáil agus Fine Gael, fiú más le chéile a bhíonn siad sin ag obair. Sin mura gcuireann an pobal in iúl Dé hAoine go bhfuil rogha eile ab fhearr leosan a fheiceáil.
Fág freagra ar 'An pobal idir an bád agus an balla agus lá na vótála ag teannadh linn'