An pobal ag triall ar na botháin vótála chun an chéad uachtarán eile a roghnú

Caithfear vóta chomh maith inniu i reifreann maidir leis an bhfocal ‘diamhaslach’ a bhaint as Bunreacht na hÉireann

An pobal ag triall ar na botháin vótála chun an chéad uachtarán eile a roghnú

Pictiúr: Rollingnews.ie

Tá an pobal ag dul go dtí na botháin vótála inniu chun an chéad uachtarán eile ar Éirinn a thoghadh.

Caithfear vóta chomh maith i reifreann maidir leis an bhfocal ‘diamhaslach’ a bhaint as Bunreacht na hÉireann, rud a cheadódh don Oireachtas an dlí a leasú ionas nach cion a bheadh níos mó sa diamhasla.

Osclófar na botháin vótála ag 7am ar maidin agus beidh cead vótála go dtí 10pm anocht. Seisear atá ar an bpáipéar ballóide i dtoghchán na huachtaránachta: an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn, an Feisire Eorpach de chuid Shinn Féin Liadh Ní Riada, an Seanadóir Joan Freeman, an fear caidreamh poiblí Gavin Duffy agus na fir ghnó Seán Gallagher agus Peter Casey.

De réir na bpobalbhreitheanna go léir a rinneadh ó thús an fheachtais, bhí an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn i bhfad chun tosaigh ar an gcúigear eile sa toghchán.

Seo an chéad uair ó 1966 ar tugadh dúshlán i dtoghchán d’uachtarán a bhí ag iarraidh an dara téarma oifige.

Measadh nach raibh oiread sin anam ná beocht san fheachtas agus go bhféadfadh nach mbeidh an tinreamh vótála chomh hard sin inniu dá bharr.

56.11% de na daoine a bhí cláraithe chun vóta a chaitheamh a rinne amhlaidh i dtoghchán na huachtaránachta in 2011 nuair toghadh Micheál D Ó hUigínn mar an naoú Uachtarán ar Éirinn.

Ag a 9am amárach, Dé Sathairn, a chuirfear tús le comhaireamh na vótaí agus meastar go bhféadfadh torthaí an chéad chomhairimh a bheith ar fáil tráthnóna amárach.

Má éiríonn le haon iarrthóir os cionn 50% den vóta a fháil sula mbeidh an comhaireamh déanta ar na vótaí go léir fógrófar tofa é nó í.

Déanfar an chéad uachtarán eile a insealbhú ar an 11 Samhain.

Baineann an reifreann faoin diamhasla le Airteagal 40.6.1 den Bhunreacht:

“Aon ní diamhaslach nó ceannairceach nó graosta a fhoilsiú nó a aithris is cion inphionóis é de réir dlí”.

An té atá ag iarraidh an Bunreacht a leasú agus an focal ‘diamhaslach’ a bhaint as, vótálfaidh sé ‘Tá’ agus an té atá ag iarraidh é a fhágáil mar atá vótálfaidh sé ‘Níl’.

Chaith muintir na n-oileán amach ó chósta Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus na Gaillimhe vóta sa toghchán agus sa reifreann inné. Is inniu a chaithfidh pobal na seacht n-oileán amach ó chósta iardheisceart Chorcaí a vótaí.

Fág freagra ar 'An pobal ag triall ar na botháin vótála chun an chéad uachtarán eile a roghnú'