An phríomhdhuais buaite ag ‘Foscadh’ ag Féile Scannán Kimolos, dáta socraithe do sheoladh ‘Róise & Frank’ 

Bhuaigh Foscadh gradam The Golden Tree, príomhdhuais na féile ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Kimolos sa Ghréig

An phríomhdhuais buaite ag ‘Foscadh’ ag Féile Scannán Kimolos, dáta socraithe do sheoladh ‘Róise & Frank’ 

Tá an phríomhdhuais buaite ag an scannán Gaeilge Foscadh ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Kimolos, a tháinig chun críche an tseachtain seo ar an oileán de chuid na Gréige. 

Ba é seo an ceathrú huair a reáchtáladh an fhéile seo a bhfuil sé mar aidhm aici tacú le scannáin nach bhfuil eolas orthu go forleathan.

Bhuaigh Foscadh gradam The Golden Tree, príomhdhuais na féile. Is é Seán Breathnach a scríobh agus a stiúir an scannán, agus is é Foscadh an chéad scannán dá chuid. Tá Foscadh bunaithe ar úrscéal Donal Ryan The Thing About December, a foilsíodh in 2013. Scéal é seo faoi fhear darb ainm John Cunliffe (Dónall Ó Héalaí), fear a fhaigheann amach ar bhás a thuismitheoirí go bhfuil an talamh a bhí acu thar a bheith luachmhar.

Bhuaigh Foscadh duais ag Fleadh Scannán na Gaillimhe anuraidh agus ba é a roghnaíodh mar iontráil na hÉireann do na gradaim Oscar.

Léiríodh Foscadh mar chuid den scéim Cine4 atá á reáchtáil ag Screen Ireland, TG4 agus Údarás Craolacháin na hÉireann, agus tá scannán eile faoin scéim chéanna ag teacht amach go luath.

“Tá muid chomh ríméadach gur tugadh an chéad áit do Foscadh i bhFéile Idirnáisiúnta Scannán Kimolos, go háirithe agus caighdeán na scannán eile a bhí in iomaíocht linn,” a dúirt stiúrthóir an scannáin, Seán Breathnach, le Tuairisc. “Bhí sé go hálainn freisin scannán i nGaeilge a fheiceáil ar an scáileán mór sa nGréig. Ba léir go ndeachaigh an scannán i bhfeidhm orthu.”

“Baineann Foscadh le fear óg cúthail atá ag iarraidh a bhealach a dhéanamh i ndomhan nach dtuigeann sé, tar éis dá mháthair bás a fháil. Tá téamaí faoi leith á gcíoradh againn – an t-aonarachas agus an fhírinneacht; an t-aighneas idir oidhreacht na nglúnta a tháinig romhainn agus an dúil nádúrtha sin atá ionainn go léir ár spás féin a bhaint amach.”

“Thaitin úrscéal Donal Ryan chomh mór sin linn, sé sin liom féin agus léiritheoir Foscadh, Paddy Hayes, mar go bhfuil carachtar lárnach láidir ann, gur féidir ceangal leis. Mheas muid freisin go raibh an leabhar físiúil, barrúil, agus tráthúil.”

Tá roinnt féilte idirnáisiúnta eile tar éis glacadh le Foscadh. Beidh an scannán le feiceáil sa tSile go luath, beidh sé sa Pholainn i Lúnasa, agus ag Féile Scannán Kaohsiung, an Téaváin sa bhFómhar. Beidh an scannán á chraoladh ar TG4 amach anseo chomh maith.

Beidh an chéad scannán eile de chuid na scéime, Róise & Frank, á léiriú den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe an mhí seo chugainn, agus seolfar é sna pictiúrlanna ón 16 Meán Fómhair. 

Tá roinnt duaiseanna buaite ag Róise & Frank le cúpla mí anuas freisin. Bhuaigh an scannán Róise agus Frank Gradam an Lucht Féachana agus duais airgid ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Sonoma a bhí ar siúl in California. Bronnadh Gradam an Lucht Féachana ar an scannán céanna ag Féile Santa Barbara in California níos túisce an mhí seo.

Ghnóthaigh an scannán gradam aisteoireachta don ensemble is fearr ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media.

Scéal é Róise & Frank faoin mbaintreach  Róise (Bríd Ní Neachtain) atá ina cónaí i mbaile beag cois farraige in Éirinn. Tá sí ag streachailt tar éis bhás a fir chéile, Frank. Ach nuair a thosaíonn madra seachráin á leanúint gach áit, tosaíonn Róise ag creidiúint in athionchollú a fir chéile agus aimsíonn sí dóchas in ainneoin a bhfuil tarlaithe.

Is iad Peter Murphy agus Rachael Moriarty stiúrthóirí an scannáin.

“Táimid thar a bheith sásta go mbeidh Róise & Frank le feiceáil i bpictiúrlanna na hÉireann an fómhar seo. Thaitin scéal Róise, an madra agus an iománaíocht go mór leis an lucht féachana idirnáisiúnta agus táimid ag súil go mbainfidh an slua sa bhaile sult as freisin!” ar siad.

Fág freagra ar 'An phríomhdhuais buaite ag ‘Foscadh’ ag Féile Scannán Kimolos, dáta socraithe do sheoladh ‘Róise & Frank’ '