An páiste bocht atá buailte le ‘dineasáiríteas’ ní bhíonn sé in ann díriú ar aon rud eile

Is iomaí tráthnóna a chaith mé ag léamh faoi na dineasáir i gcaitheamh na mblianta, más in aghaidh mo thola é

An páiste bocht atá buailte le ‘dineasáiríteas’ ní bhíonn sé in ann díriú ar aon rud eile

‘An maith leat dinos Bwidet?’ a d’fhiafraigh mo nia díom is é ar cuairt orainn an lá cheana. Tá sé dhá bhliain go leith d’aois agus dúghafa le dineasáir. ‘Em,’ a deir mé, ‘tá siad alright.’ 

‘Tá siad an-mhór,’ a deir sé liom ansin agus an-údarás ag baint lena chuid cainte ar an ábhar. ‘Is deireann siad RARRRRRRRR!’

Níl a fhios agam cén chéim forbartha i saol an duine a spreagann galar na ndineasár, ach tá sé níos coitianta ná mar a cheapfá. B’fhéidir go bhfuil rian de chomhchuimhne ársa na gcéad speiceas mamach i bhfolach sa DNA againn. B’fhéidir gur faoi dhraíocht ag mealltacht na contúirte atá siad, nó scanraithe roimhe.

‘Déarfainn go gcuirfeadh sé faitíos mór orm dá gcasfaí dineasár orm,’ a deir mé leis.

‘Bheadh faitíos mór millteach ort,’ a deir sé, ‘agus tá an dineasár ag dul thú a ithe!’

‘Tá súil agam go mbeadh duine éigin ann a thabharfadh cúnamh dom éalú ón dinnéar sa gcás sin,’ a dúirt mé ag súil le dílseacht éigin ón trodaí beag.

‘Ní bí mé in ann,’ a dúirt sé go lom.

Pé ar bith cén t-údar atá leis, is géire atá an galar buailte ar dhaoine atá idir dhá bhliain agus sé bliana d’aois agus is cosúil go laghdaíonn sé ina dhiaidh sin. Ar ndóigh, tá corrdhuine ann agus níl aon leigheas i ndán dóibh. Pailé-ointeolaithe a thugtar orthu sin.

Fad is atá páiste buailte le ‘dineasáiríteas’ ní bheidh an créatúr in ann díriú ar aon rud eile. Bhí sé chomh maith agat dearmad a dhéanamh air más ag iarraidh na ABC-anna a mhúineadh dóibh, nó na 1-2-3-anna.

An cheist a chaithfidh tú a chur ort féin ar dtús ná, ‘An bhfuil baint aige seo le dineasáir?’ Agus, más ‘Níl’ an freagra, ná cuir d’anró ort féin, ná ar an bpáiste bocht, a bheith ag caint faoi.

Glac uaimse é, níl aon spéis ag othar dineasáirítis in aon ábhar eile. Níl mé ag rá gur saineolaí mé ná tada mar sin, ach tá cuid mhaith staidéir déanta agam ar an gceist. Is iomaí tráthnóna a chaith mé ag léamh faoi na dineasáir i gcaitheamh na mblianta, más in aghaidh mo thola féin é.

Tá mionstaidéar déanta agam ar leabhair mhóra théagartha ar ábhar na ndineasár, leithéidí 1001 Facts About Dinosaurs, I Spy a Dinosaur agus My First Dinosaur Encyclopedia. Creid uaimse é, aithnímse steigeasáir ó bhrontasáir.

Ní hamháin go bhfuil sé feicthe agam i mo chlann féin (tá siad tagtha as anois, buíochas le Dia), ach tá a fhios agam go bhfuil sé buailte ar pháistí eile freisin.

Más léiriú ar bith iad na cláracha teilifíse, Traein na nDineasár, Dino Ranch agus Go Go Dino Explorers, gan trácht ach ar dhornán den rogha atá ’amuigh ansin, is fadhb í seo atá ag imeacht go rábach ar fud an domhain.

Má tá imní ort go bhféadfadh go bhfuil páiste ar d’aithne buailte ag an aicíd, tá teist shimplí ann chun an diagnóis a dhéanamh. Gabh ar líne agus faigh pictiúr den dineasár den chineál T-Rex. Dineasár an-aitheanta é seo a bheidh ar eolas ag gach páiste sa tír.

Taispeáin an pictiúr don pháiste agus abair leo gur trícheireatóp atá ann. Má cheartaíonn siad thú, nó má insíonn siad duit cén géineas lena mbaineann sé, beidh a fhios agat go bhfuil droch-chás den dineasáiríteas agat.

Is é an dea-scéala ná go n-imíonn sé de dhaoine arís tar éis roinnt blianta agus go hiondúil faoin am go mbeidh an páiste sé bliana d’aois, beidh siad leigheasta.

Idir an dá linn, níl mórán is féidir a dhéanamh faoi. D’fhéadfá iarracht a dhéanamh a n-aird a dhíriú ar ábhar éigin eile, mar a rinne mé an lá cheana leis mo Phailé-ointeolaí Beag a bhí ar cuairt againn.

‘Níl a fhios agamsa tada faoi dhineasáir,’ a dúirt mé go dóchasach. ‘Ar mhaith leat spraoi leis an mbosca carrannaí atá thuas staighre in áit na ndineasár?’

‘An bhfuil carrannaí dineasáir agat?’ a d’fhiafraigh sé díom go hamhrasach.

Fág freagra ar 'An páiste bocht atá buailte le ‘dineasáiríteas’ ní bhíonn sé in ann díriú ar aon rud eile'