An óráid ba chóir don Taoiseach a thabhairt ar an 4 Márta…

Mura dtagann feabhas mór ar chúrsaí ba cheart don Taoiseach óráid de chineál eile ar fad a thabhairt faoi na srianta an mhí seo chugainn

An óráid ba chóir don Taoiseach a thabhairt ar an 4 Márta…

An Taoiseach Micheál Martin. Pictiúr: Julien Behal Photography / RollingNews.ie

D’admhaigh an Taoiseach le gairid dá mbeadh an t-eolas atá anois ag an Rialtas acu roimh an Nollaig nach mbeadh an maolú ar na srianta sláinte curtha i bhfeidhm.

Seachnaíonn Micheál Martin, agus go leor Teachtaí Dála eile ar an dá thaobh de Dháil Éireann, aon admháil shoiléir go ndearnadh botún tubaisteach nuair a d’fhógair an Taoiseach maolú rómhór agus róluath ar na srianta san óráid teilifíse a thug sé an 27 Samhain. Ar chúis éigin, is cosúil go gceapann siad gur lú an meas a bheadh ag an bpobal orthu dá ndéanfaidís cur síos macánta ar an scéal mar a tharla.

Faoi dheireadh mhí na Samhna bhí go leor daoine, i dTeach Laighean agus lasmuigh de, tinn tuirseach de na srianta faoi Leibhéal a Cúig a bhí i bhfeidhm ar feadh sé seachtaine. Ach léirigh líon na gcásanna nua de Covid-19 a fógraíodh an lá sular labhair an Taoiseach, 206, arís nach raibh an sprioc a bhí beartaithe – níos lú ná céad cás nua in aghaidh an lae – sroichte fós.

Chuir an Príomh-Oifigeach Leighis Tony Holohan fainic shoiléir ar an rialtas. Bheadh orthu rogha a dhéanamh, a dúirt sé, idir athoscailt óstán, bialann agus tithe tábhairne a thairgeann bia nó breis saoirse a thabhairt do dhaoine cuairt a thabhairt ar thithe a chéile.

Ní dhearna an Rialtas an cinneadh a mhol an Dr Holohan. D’fhógair an Taoiseach go raibh maolú le déanamh ar an 1 Nollaig ar na srianta ar na bialanna agus na tithe tábhairne a chuireann bia ar fáil agus go ndéanfaí maolú ar an 18 Nollaig ar na srianta maidir le cuairteanna tí.

Socraíodh freisin cead a thabhairt do phictiúrlanna, d’amharclanna agus do leabharlanna a ndoirse a oscailt arís. Cuireadh cosc ar thaisteal neamhriachtanach taobh amuigh den chontae inar chónaigh tú in áit an teorainn cúig chiliméadar a bhí i bhfeidhm go dtí sin.

Rinne an rialtas neamhaird iomlán mar sin de chomhairle Tony Holohan agus dá thairngreacht gur neartú na srianta arís tar éis tamaill an toradh a bheadh ar mhaolú na srianta éagsúla in éineacht. Sin díreach a tharla.

Seo a leanas mar sin óráid a mbeadh leas na tíre déanta aici dá mba í a bhí tugtha ag an Taoiseach ar an 27 Samhain. Tugtar tosaíocht san óráid do smachtú an víris seachas don mhíshásamh a bhí ar mhórán.

D’oirfeadh an chaint seo freisin don óráid a thabharfaidh an Taoiseach nuair a shroichfear deireadh thréimhse na srianta reatha ar an 5 Márta. Sin mura dtagann feabhas mór gan choinne ar scéal an víris roimhe sin.

“A dhaoine uaisle, tá a fhios agam go bhfuil sibh go léir tinn tuirseach den troid fhada achrannach in aghaidh an víris chorónaigh. Ní raibh aon dul as againn ach na srianta faoi Leibhéal a Cúig a choinneáil i bhfeidhm, ionas go gcuirfí brú leanúnach ar an víreas.

“Ach ní foláir leibhéal laethúil na gcásanna nua a ísliú go dtí níos lú ná céad ar an meán in aghaidh an lae. Cuirfidh an figiúr sin ar ár gcumas gach cás a aimsiú agus a rianú ionas go mbeidh an víreas á chur faoi smacht de réir a chéile.

“Faraor, níl an figiúr sin sroichte againn fós, ach táimid ag teannadh leis diaidh ar ndiaidh. Má leanaimid den iarracht iontach náisiúnta atá ar bun, táim cinnte go mbainfear ár sprioc amach faoi cheann roinnt seachtainí.

“Tá a fhios agam gur mhaith le go leor daoine go n-athosclófaí óstáin, bialanna agus tithe tábhairne chomh maith le go leor gnólachtaí eile. Tuigim freisin an fonn atá ar imreoirí agus ar lúthchleasaithe go mbeadh cead acu páirt a ghlacadh arís in imeachtaí eagraithe.

“Tá aiféala orm gur mhol an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí dúinn nach mbeadh sé sábháilte fós ligean do dhaoine teacht le chéile ar dhóigh a chuideodh le scaipeadh an víris. Ní foláir tús áite a thabhairt d’oscailt na scoileanna agus táim cinnte go bhfuil gach duine ar aon tuairim linn maidir leis an riachtanas sin.

“Níl aon mhaolú ar shrianta Leibhéal a Cúig á mholadh againn mar sin, ach bí cinnte go bhfógrófar é chomh luath agus a déarfaidh na saineolaithe linn go mbeadh a leithéid sábháilte.

“Tá scéim chabhrach nua á fógairt againn. Cinnteoidh sé nach bhfágfar daoine cheal bia nó soláthairtí riachtanacha eile toisc iad a bheidh ag féinaonrú nó toisc gur gar-theagmhálaithe iad. Beidh na sonraí á bhfógairt ag an aire coimirce sóisialaí Heather Humphreys ar ball beag.

“Beidh díomá ar mhórán anocht nach bhfuil dea-scéal á fhógairt againn, ach ní cóir do dhaoine géilleadh don lagmhisneach. Tá na figiúirí ag dul sa treo ceart. Tá na céadta beo agus na mílte folláin mar gheall ar an éacht náisiúnta atá á dhéanamh.

“Má leanaimid leis an gcomh-iarracht iontach seo, má cabhraímid lena chéile, agus má sheasaimid gualainn ar ghualainn le chéile, tiocfaimid slán sula fada.

“Ní neart go cur le chéile. Oíche mhaith.”

Fág freagra ar 'An óráid ba chóir don Taoiseach a thabhairt ar an 4 Márta…'

  • Antóin

    An óráid ba chóir don Taoiseach a thabhairt ar an 4 Márta.

    A chairde,

    Is fearr go mall ná go brách. A chairde, tá aiféala agus aithreachas orm. Tá feall déanta againn ar mhuintir na hÉireann. Ach cad leis a mbeifeá ag súil ó Fhianna Fealltach Fáil, ó Fhine gan Ghael agus ó na Giollaí Glasa, – agus fan go mbeidh na giollaí ina máistrí!

    Tá geilleagar na tíre scriosta. Tá na boic mhóra ina suí go te ach sibhse, an chosmhuintir, crann taca na tíre seo, tá sibh ar bhur nglúine. Tuigim go maith nach mbeidh cuid agaibh in ann teacht ar ais, nach mbeidh jab agaibh arís, go mbeidh sibh choíche, i gcrúbaibh an stáit, ag brath ar an stát. Mo leithscéal.

    Ní hé sin an ceann is measa den scéal. Tá saol sóisialta na tíre, bhuel, níl a leithéid ann níos mó. An cultúr bríomhar beo sin a chothaigh cairdeas idir dhaoine, an teacht le chéile, an cur is an cúiteamh, an malartú scéalta, níl sé ann a thuilleadh. Mo chéad leithscéal.

    Ach ní hé sin an ceann is measa den scéal áfach. Tá daoine óga in aimhréití. Chuir muid sibh os comhair scaileán ó mhaidin go hoíche. Oideachas mar dhea! Ba chuma linn faoin chomhluadar, faoin chairdeas, faoin gháire, faoin ghol, faoin spórt, faoin spraoi, fúibhse. Agus ansin dúirt muid libh go bhféadfadh sibh an víreas a thabhairt do do sheanathair nó do do sheanmháthair. Beidh muid ag íoc as go ceann fada go leor. Mo mhíle leithscéal. Agus a mhic léinn tríú leibhéal, ar thairseach saoil nua, lán dóchais, réidh le tabhairt faoi dhushláin an tsaoil le misneach agus le crógacht. Ó na caisleáin óir! Cad is féidir liom a rá?

    Ach ní hé sin an ceann is measa den scéal áfach. Chuir muid deireadh le nósanna an reiligiúin mar dar linn nach bhfuil sé riachtanach. Ní fhéadfainn é a dhéanamh ar ndóigh gan chabhair na n-Easpag cladhartha, a bhí ar a nglúine ag géilleadh – agus cheap mise gur ag guí a bhí siad! Níl aon amadán is mó ná mé!

    Ach ní hé sin an ceann is measa den scéal áfach. D’éist muid le WHO nuair a d’oir sé agus rinne muid neamhshuim dóibh nuair a d’oir sé. D’iarr siad orainn dianghlasáil a chur i bhfeidhm agus rinne muid é. D’iarr siad níos moillle gan sin a dhéanamh agus rinne muid neamhshuim de. Dúirt siad linn go raibh an tástáil PCR thar barr – thug muid an frása “gold standard” do Stephen Donnelly fiú agus d’úsáid sé é!. Ansin níos moillle nuair a chaith an WHO amhras ar an tástáil rinne muid neamhshuim den amhras. Mo mhíle míle leithscéal. Ach ag an am céanna, míle buíochas do na hiriseoirí falsa neamhfhiosracha a bhí ina suan agus nár cheistigh.

    Ach ní hé sin an ceann is measa den scéal áfach. Cad a cheapann sibh de RTÉ ? Ag cur scéalta uafáis amach lá i ndiaidh lae. Ag scanradh daoine. Figiúirí agus tuilleadh figiúirí scanúla. Sinne a chuir srianta i bhfeidhm ar an phobal ach iadsan a chuir srianta i bhfeidhm ar an díospóireacht agus a chinntigh nach raibh a leithéid ann. Ba cheart dúinn beirt ár gceann a chromadh.

    Ach ní hé sin an ceann is measa den scéal áfach Tá seandaoine scanraithe ina mbeatha. Sinne is cúis leis. Níor chuala sibh ó mhaidin go hoíche ach scéalta báis agus uafáis. Ní ligeann an eagla daoibh cos a chur thar an tairseach agus sinne is cúis leis. Fuair sibh bás uaigneach dearóil in bhur n-aonar gan chlann gan chairde. Nach iomaí deoir a sileadh taobh amuigh de shéipéil dhúnta agus de reiligí fuara. Cé nach leor é, mo chéad míle leithscéal.

    Ach ní hé sin an ceann is measa den scéal áfach. An tsladaíocht atá déanta againn ar bhur saoirse – ó dála an scéil, grásta ó Dhia ar na daoine a fuair bás ar a son – Leo ag caint faoi champaí géibhinn agus é ag gáire go soineanta linn feadh an ama agus na Sinisters ag lorg internment. Cé a chreidfeadh é? An saoirse ina daoirse. Nár aifrigh Dia orainn é.

    D’fhéadfainn leanstan ar aghaidh ach tá mé ag fanacht ar ghlaoch ón Teach Bán.