An obair feistithe ‘nach mór críochnaithe’ in Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc

Tugadh le fios go mbeadh an t-ionad feistithe faoi dheireadh na míosa seo agus oscailte go hoifigiúil i lár mhí na Samhna

An obair feistithe ‘nach mór críochnaithe’ in Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc

Tá an obair feistithe in Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc “nach mór críochnaithe” agus táthar ag súil go mbeidh “gach rud ag críochnú de réir an sprioc a bhí aontaithe” dar le hÚdarás na Gaeltachta.

Is é Marcon, comhlacht feistithe atá lonnaithe i gContae Aontroma, a bhuaigh an conradh an t-ionad nua cuairteoirí ag Teach an Phiarsaigh a fheistiú.

Anuas ar an ionad taispeántais, beidh “láithreacha cruinnithe do ghrúpaí oideachais, spás idirghníomhach closamhairc, láthair ilúsáide agus caifé” le feistiú ag an gcomhlacht.

Dúirt Martin McErlean, bainisteoir conarthaí Marcon, go bhfuil an comhlacht “ar bís” páirt lárnach a ghlacadh in ullmhú an ionaid ag Teach an Phiarsaigh.

“The new centre will provide introduction to Irish language and Gaeltacht culture along with being a community hub and destination for visitors to Co. Galway. Our heritage team will be using its experience of completing other culturally significant museum and exhibition projects to ensure that the new centre will be of the highest standard of finish,” a dúirt sé.

Táthar ag súil go n-osclófar an t-ionad i lár na míosa seo chugainn. An mhí seo caite, dúirt urlabhraí de chuid Údarás na Gaeltachta, atá freagrach as an togra a chur i gcrích, go gcríochnófar an obair thógala agus feistithe san ionad ag deireadh na míosa seo agus go n-osclófar an t-ionad go hoifigiúil cúpla seachtain ina dhiaidh sin.

Dúirt Breandán Breathnach ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil “lúcháir” ar an Údarás an togra a thabhairt chun críche.

“Tá againn anois ionad comhaimseartha cuairteoirí a tógadh ar ardchaighdeáin agus a bheidh ina lárionad do mhuintir an háite agus do chuairteoirí, ina ndéanfar ceiliúradh ar shaibhreas chultúr na Gaeltachta agus thírdhreach Chonamara,” a dúirt sé.

Níl in Ionad an Phiarsaigh ach cuid amháin den togra seo i Ros Muc. Is iad Cosán Conamara, siúlóid lúibe trí dheich n-acra de Chonamara; Slí na Coille, ionad taispeántais dírithe ar an bPiarsach agus a shaol; agus Teach an Phiarsaigh féin na trí áis eile a bheidh ar fáil.

Nuair a d’fhógair an t-iar-aire Gaeltachta Joe McHugh i mí Eanáir na bliana 2014 go raibh cead pleanála faighte d’fhorbairt an ionaid, thug sé le fios go mbeadh an tionscadal críochnaithe faoi Cháisc na bliana 2016.

Cheadaigh Fáilte Éireann €750,000 d’fhorbairt an ionaid i mí Iúil na bliana seo caite.

Fág freagra ar 'An obair feistithe ‘nach mór críochnaithe’ in Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc'