An nós seanbhunaithe ‘Gaelic’ a úsáid in áit ‘Irish’ mar mhasla pléite i leabhar nua

Léiríonn taighde atá déanta ag an scoláire Hugh Rowland gur nós seanbhunaithe é an focal ‘Gaelic’ a úsáid in áit ‘Irish’ chun beag is fiú a dhéanamh den teanga agus lucht a labhartha

An nós seanbhunaithe ‘Gaelic’ a úsáid in áit ‘Irish’ mar mhasla pléite i leabhar nua

Tugtar léargas i leabhar nua ar an stair a bhaineann le húsáid an fhocail ‘Gaelic’ chun díspeagadh a dhéanamh ar an nGaeilge agus lucht a labhartha.

Thuill an t-iriseoir Sasanach, Rachel Johnson cuid mhaith cáineadh ag an deireadh seachtaine nuair a d’úsáid sí ‘Gaelic’ mar mhalairt ar an bhfocal Gaeilge i dtvuít a chuir sí amach faoi reifreann an Ochtú Leasú.

Ghabh an t-iriseoir, ar deirfiúr í le Boris Johnson, leithscéal as a tvuít agus níor léir ar thuig sí gurb ionann ag mórán an focal ‘Gaelic’ agus masla.

Ach léiríonn taighde atá déanta ag an scoláire Hugh Rowland gur nós seanbhunaithe é an focal ‘Gaelic’ a úsáid in áit ‘Irish’ nó ‘Gaeilge’ chun beag is fiú a dhéanamh den teanga agus lucht a labhartha.

In aiste taighde leis faoin Language Freedom Movement agus Conradh na Gaeilge sa chnuasach nua An Meon Folaithe, deir Rowland gur bhain an LFM úsáid as an bhfocal ‘Gaelic’ d’aon ghnó mar chuid de “idé-eolaíocht an díspeagtha”.

Bunaíodh an LFM i 1965 chun cur i gcoinne stádas na Gaeilge sa státseirbhís agus sa chóras oideachais.

Agus é faoi agallamh ag Rowland, dúirt iarbhall den LFM Frank Crummey gurbh fhearr a d’oir an focal ‘Gaelic’ ná ‘Irish’ dá mianta:

‘For the LFM, ‘Irish’ and ‘Gaelic’ were the same language, but we preferred the term Gaelic because we viewed it as the language of the past, not a modern language.’

Thagair Richard Clear, iarbhall eile den LFM, don tábhacht a bhain leis an gceangal seo idir an Ghaeilge agus an seansaol.

‘It was a language of the past. They had no words for television, they had to invent words so the language was very deficient in certain areas.’

Léiríonn taighde Rowland gur úsáid an LFM an focal ‘Gaelic’ chun “a léiriú nár bhain an Ghaeilge leo agus nár leo í dá bharr sin”.

Chuir Myles Dillon, Ollamh le Léann Ceilteach san Institiúid Ard-Léinn i mBaile Átha Cliath a raibh bá aige leis an LFM, in iúl don eagraíocht i 1966 gur mhasla a bhí sa bhfocal ‘Gaelic’ nuair a lorgaíodh a chomhairle faoin scéal.

‘I am always mildly offended when people call Irish ‘Gaelic’, as it seems to  reply the rejection of it as something alien to oneself.’

Ní raibh lá amhrais ar Mhaolseachlainn Ó Caollaí ó Chonradh na Gaeilge, a bhí in adharca leis an LFM faoi cheist na teanga le linn na mblianta sin, faoi cad ba chúis lena ndúil sa bhfocal ‘Gaelic’.

‘Níor luaigh siad an focal ‘Irish’ ariamh. I gcónaí d’úsáid siad ‘Gaelic’. Ba iarracht é sin le tabhairt le tuiscint gur rud í an Ghaeilge nach mbaineann le hÉireannaigh. Dá mba rud é go raibh fírinne ar bith ina gcuid ráiteas nach raibh siad ag iarraidh ach leas na Gaeilge a dhéanamh, ní bheadh na cleasanna sin á gcleachtadh acu,’ a dúirt Ó Caollaí agus é faoi agallamh ag Rowland, atá ag obair in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

An port céanna a bhí ag Pádraig Ó Snodaigh, duine eile a bhí chun tosaigh san aighneas idir an Conradh agus an LFM. nuair a labhair sé siúd le húdar na haiste taighde.

‘Sin masla gan an focal Irish a úsáid mar gur léir má deir tú Irish gur cuid nádúrtha de dhaoine nó den Éireannachas é.’

Dar le Ó Caollaí gur bhain an LFM úsáid as focail amhail ‘Gaelic’ agus ‘Gaeilgeoirs’ chun díspeagadh a dhéanamh ar phobal na teanga.

‘If the language is defined as inferior so also, by implication, are its community and individual speakers.’

Deir Rowland féin gur chun ‘bailíocht’ lucht labhartha na Gaeilge ‘a scriosadh’ a d’úsáidtí focail ar nós ‘Gaelic’ seachas ‘Irish’.

Cé gur mhaígh an LFM go raibh siad i gcoinne na Gaeilge ‘éigeantaí’ seachas an Ghaeilge féin, mhaígh Conradh na Gaeilge gur bhréagnaigh úsáid na bhfocal ‘Gaelic’ agus ‘Gaeilgeoirs’ an t-áiteamh sin.

Tá an aiste ‘Conradh na Gaeilge agus an Language Freedom Movement (LFM): coimhlint idé-eolaíochta (1965-74)’ le Hugh Rowland ar fáil sa chnuasach nua An Meon Folaithe: Idé-eolaíochtaí agus iompar lucht Labhartha na Gaeilge in Éirinn agus in Albain, atá curtha in eagar ag Tadhg Ó hIfearnáin agus John Walsh.

Fág freagra ar 'An nós seanbhunaithe ‘Gaelic’ a úsáid in áit ‘Irish’ mar mhasla pléite i leabhar nua'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Caithfidh mé a rá go n-usáidim féin ‘Gaelic’ go minic nuair a labhraim i mBéarla faoin nGaeilge, go speisialta le daoine ón iasacht! Níor thuig mé gur masla a bhí ann go dtí inniu!

  • Dónal Mac Ionnraic

    Dá dtógfá an LFM as an scéal an mbeadh ábhar gearráin anseo? Nach bfuil Scottish Gaelic, Manx Gaelic agus Irish Gaelic mar chuid den chlann teanga céanna? In Éirinn níl gá an teideal iomlán a úsáid agus deirtear ‘Irish’ de ghnáth. In Albain níl gá an teideal iomlán a úsáid agus deirtear (i mBéarla) Gaelic. Is Gaeilic a thugtar ar an teanga i dTír Chonaill agus tá ‘Gaelic’ ag go leor ansin sa Bhéarla chomh maith.

  • Mánus

    Níor theip an tuathal riaimh ar Fintan O Toole agus baineann seisean úsáid dhílis as “Gaelic” le taispeáint gur rud imeallach í an Ghaeilge. Is leagan measúil é “Gaelic” den mhasla coitianta “bloody Galegore”. Focal réasúnta nua i mBéarla na hÉireann is ea “Gaelic” agus is ó “antiquarians” an 19ú aois a tháinig sé. Sa bhliain 1571 do b’é “Alphabet of the Irish Language and Cathecism ” an teideal Bhéarla a bhí ar “Aibiodal Gaoidhilge agus Caiticiosma” an chéad leabhar a clóbhualadh i nGaeilge in Éirinn.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Agus mar bharr ar an donais, sa bhliain 1893 chuir Eoin Mac Néill agus Douglas Hyde an ‘Gaelic League’ ar bun leis an nGaeilge a shlánú!!!!!

  • Tuigim

    An Gaelic League againn anseo in LA mar tá Gàidhlig & Gaelg san áireamh ann.
    Níl gá leis an bhfocal Gaelic tar éis Irish ná Manx.
    Mór an trua nach dtuigeann Alba fós gur masla & cleas é Gaelic le daoine a chur amú.
    Ag éirí rímhaith leis an gcleas sin.
    Gaelic acu ar a dteanga. B’fhearr Scottish.
    Áthas an domhain orm go bhfuil rud foilsithe faoi seo faoi dheireadh.
    Irish, leads. Bímis bródúil as ár dtír is ár dteanga.