An nasc idir ísliú ar an ráta breithe agus an t-athrú aeráide

Tá fianaise ann go n-éiríonn an Domhan níos teo de réir mar a laghdaíonn an ráta breithe ar fud na cruinne

An nasc idir ísliú ar an ráta breithe agus an t-athrú aeráide

Bhíodh go leor cainte agus mise ag fás aníos faoi dhaonra ollmhór an Domhain agus an chosúlacht go raibh an cheist ar fad ag dul ó smacht. Cuireadh faitíos ar dhaoine atá an-chosúil leis an bhfaitíos atá anois ann maidir leis an athrú aeráide. Is cosúil gur rud é seo a mbíonn daoine óga an lae inniu ag smaoineamh air go minic agus imní orthu faoin todhchaí.

Is fiú smaoineamh ar feadh tamaillín ar an ualach imní a chuireann a leithéid ar dhaoine, go háirithe daoine óga. Gach bliain anois, ardaíonn an teocht beagán eile agus feictear do dhaoine nach bhfuil an graf ach ag dul in aon treo amháin. An féidir stop a chur le graf?

De réir na n-eolaithe is athrú é seo atá ag tarlú de bharr imeachtaí daoine daonna agus ní rud é a tharlódh go nádúrtha as féin. Mar sin, teastaíonn gníomh ó dhaoine daonna chun muid a chur ar mhalairt treo.

Nuair a bhí cúrsaí olldaonra ag cur isteach ar dhaoine ar fud an domhain, ceapadh nach raibh tada i ndán dúinn ar fad ach todhchaí i dtíortha a bheadh  plódaithe as cuimse, beatha agus uisce ag éirí gann, agus cathracha agus bailte gan aon áit chónaithe iontu.

Níl aon amhras ach gur mar sin atá i roinnt mhaith áiteacha ar fud na cruinne. Tá ráta ard breithe i dtíortha áirithe agus tá na tíortha sin i measc na gcinn is boichte ar domhan.

Ach tá scéal suimiúil á nochtadh na laethanta seo faoi thíortha níos gaire do bhaile agus is é an treo céanna atá le tabhairt faoi deara iontu uilig.

Cloiseann muid in Éirinn scéalta gach lá faoi ghanntanas tithíochta, ganntanas áiteacha réamhscolaíochta agus brú imirce a bheith arís ar dhaoine óga. Ach tá sin ar fad ag tarlú i dtír ina bhfuil an ráta breithe ag titim gach bliain. B’fhéidir go mbeadh an scéal ní ab fheiceálaí dá mbeadh daoine ag clamhsán faoi scoileanna ag dúnadh i lár na cathrach, ceal scoláirí. Ach is léir go bhfuil an ráta laghdaithe breithe ag dul i bhfeidhm ar na scoileanna beaga tuaithe.

Sa bhliain 2024, rugadh 54,062 páiste sa tír seo. Is ionann an ráta breithe i 2024 agus 10.5 breith in aghaidh gach 1,000 duine sa daonra.  B’shin i bhfad Éireann níos lú breitheanna nuair a chuirtear i gcomparáid é le deich mbliana roimhe – 2014, nuair a rugadh 14.5 páiste do gach míle duine sa tír.

Níl na figiúirí  ar fad ar fáil fós do na háiteacha is ísle ráta breithe ach bhí Na Gleannta i gcontae Dhún na nGall agus lár chathair na Gaillimhe ar na háiteacha ab ísle i 2022.

Céard iad na himpleachtaí do thír mar seo – tír nua-aimseartha, a bhfuil eacnamaíocht fholláin aici, beagnach lánfhostaíocht, agus cúrsaí an tsaoil réasúnta socair agus síochánta, d’fhéadfá a rá?

Ceist í seo atá á cíoradh i go leor tíortha san iarthar sa lá inniu. Tá an fhadhb chéanna anois acu sa Bhreatain agus tá siad ag iarraidh dul i ngleic léi sna Stáit Aontaithe, sa Fhrainc, san Iodáil agus go leor, leor tíortha eile.

Is cosúil go ndearna ceannairí bainc ar nós Christine Lagarde, Andrew Bailey agus Kazuo Ueda tagairt don fhadhb ag cruinniú mullaigh a bhí acu sna Stáit le gairid. Dar leo, cuireann daonra atá ag dul in aois, go leor brú ar eacnamaíocht tír ar bith agus is fadhb í seo a bheas romhainn de réir mar atáimid ar fad ag dul in aois.

Rud amháin atá suimiúil faoin bhfadhb seo, ná gur measadh ar feadh i bhfad gur fadhb í a raibh imní ar an eite dheis amháin fúithi. De réir na heite clé, agus bhí an tuairim seo an-láidir nuair  a bhí mise óg, thug an laghdú ar an ráta breithe faoiseamh do mhná, agus thug sé cabhair don gheilleagar toisc gur scaoil sé na mná amach chun dul ag obair.

Agus le blianta beaga anuas tháinig smaoineamh eile chun cinn, is é sin go gcuideodh ráta laghdaithe breithe leis an úsáid charbóin a laghdú agus agus le polasaithe ‘glasa’ a thabhairt chun cinn.

Ach ní léir gur tharla sé sin.

Taispeánann na figiúirí anois go méadaíonn líon na ndaoine coimeádacha nuair a laghdaíonn an ráta breithe. Sea, laghdaíonn an líon daoine a thagann ar an saol agus cheapfá go mb’fhéidir go laghdódh sé sin ar an aschur is cúis leis an athrú aeráide agus téamh an phláinéid.

Ach de réir mar a mhéadaíonn líon na ndaoine atá ag dul in aois, is ea is mó an seans go n-éireoidh an daonra níos coimeádaí agus nach dtacóidh siad leis an ‘nuálachas.’  Cuireann sin moill ar an athrú chuig modhanna nua le fuinneamh a ghiniúint agus cuireann sé isteach ar an dul chun cinn eacnamaíoch atá bunaithe ar an athrú mór sin.

Rinneadh staidéar anuraidh sna Stáit Aontaithe a tháinig ar an toradh céanna. Ní dócha go gcuideoidh an ráta laghdaithe breithe le mórán feabhais a chur ar an teocht domhanda, agus lena chois sin, tá gach fianaise ann go moilleoidh sé an dul chun cinn eacnamaíochta domhanda, rud a mhéadóidh ar an truailliú agus ar an téamh i gcoitinne.

Rud eile atá ag tarlú ná nach mar a chéile a bhíonn an ráta breithe ag laghdú i ngach aicme den tsochaí. I ngach tír ina ndéantar staidéar air seo, faightear amach gur mó páistí a saolaítear i gclanna a bhfuil an cur amach coimeádach acu agus go mbíonn níos lú páistí acu siúd a bhfuil claonadh i dtreo na heite clé acu.

Nach diabhaltaí an rud é gurbh é a bheadh mar thoradh ar an treo nua seo – laghdú sa ráta breithe – go mbeadh níos mó daoine coimeádacha ann agus go mbeadh níos lú béime ar dhul i ngleic le fadhbanna aeráide?

Ach is féidir a bheith cinnte de rud amháin – ní hionann graf agus cinnteacht go dtarlóidh rud áirithe.

Bhí imní ollmhór ar dhaoine uair amháin faoin méid bualtrach capaill a bhí ag titim chuile lá ar shráideanna Londain. Marcaigh, lucht carraeireachta, trádálaithe den uile chineál, tacsaí le capaill, ní raibh deireadh leis an salachar a bhí fágtha ar na sráideanna chuile lá.

Rinne daoine amach go mbeadh an pobal go dtí a mglúnta sa salachar dá leanfadh rudaí mar a bhí.

Ach ansin tháinig Henry Ford lena inneall dócháin inmheánach agus an ‘Model T.’  B’fhéidir go raibh fadhb nua cruthaithe aige, ach tháinig deireadh tobann leis an bhfadhb eile. Agus cuireadh stop ar an bpointe le graf na gcapall.

Fág freagra ar 'An nasc idir ísliú ar an ráta breithe agus an t-athrú aeráide'