An éireoidh leis an Státrúnaí a chur ina luí ar pháirtithe gur cathaoirleach neodrach é?

Ar an Domhnach, d’fhoilsigh an Sunday Telegraph alt de chuid an Státrúnaí Brokenshire inar mhaígh sé go raibh an iomarca béime ar shaighdiúirí agus ar phóilíní a fhiosrú agus a chúiseamh

An éireoidh leis an Státrúnaí a chur ina luí ar pháirtithe gur cathaoirleach neodrach é?

Ceathracha a cúig bliain agus an Domhnach seo caite a tharla sléacht Dhomhnach na Fola i nDoire. Mharaigh paratrúpaí de chuid Arm na Breataine trí dhuine dhéag ar mháirseáil chearta sibhialta. Ghoineadar trí dhuine dhéag eile agus fuair duine acu sin bás ina dhiaidh sin. Chinn fiosrúchán an Tiarna Saville gur scaoil na saighdiúirí leis an slua gan údar, go raibh na híobartaigh neamhchiontach, neamh-armtha. Ghabh Príomh-Aire na Breataine, David Cameron, leithscéal as iompar na saighdiúirí ag rá go raibh sé dochosanta agus gan údar.

Caolseans go mbeadh éinne a bhíonn ag déileáil le polaitíocht Thuaisceart Éireann mar ghairm dall ar an lá a bhí ann. Níl seans ar bith go raibh Státrúnaí Thuaisceart Éireann, James Brokenshire dall air i bhfianaise an fheachtais i Westminster agus ag an DUP chun stop a chur le fiosruithe agus cúiseamh saighdiúirí as eachtraí i dTuaisceart Éireann, saighdiúirí a bhí gníomhach i nDoire ar Dhomhnach na Fola san áireamh.

Ar an Domhnach, d’fhoilsigh an Sunday Telegraph alt de chuid an Státrúnaí Brokenshire inar mhaígh sé go raibh an iomarca béime ar shaighdiúirí agus ar phóilíní a fhiosrú agus a chúiseamh. Éagóir ab ea é a chothaigh an baol go ndéanfaí athscríobh ar stair na dTrioblóidí. Mhol sé móramh mór na bhfórsaí míleata agus póilíneachta a rinne sárobair agus mhaígh sé go rabhthas ag díriú ar an mbeagán sin a bhí faoi amhras in ionad a bheith sa tóir ar pharaimíleataigh.

Foilsíodh an t-alt seo tar éis seachtain den sórt céanna cainte ag Tóraithe agus an DUP i Westminster, masla don Ionchúisitheoir Poiblí, Barra McGrory san áireamh. D’éiligh foireann dlíodóirí i Londain, atá ag gníomhú thar ceann saighdiúirí agus iarshaighdiúirí, athbhreithniú ar chásanna a bhain leo. Sular foilsíodh alt Brokenshire shéan Príomh-Bhreitheamh Thuaisceart Éireann, Sir Declan Morgan agus Barra McGrory an éagothroime a bhí á líomhain, ach is cosúil nár shuim leis an Státrúnaí a raibh á rá acu.

Dúirt an Príomh-Bhreitheamh ag cruinniú d’íobartaigh go raibh sé mícheart ar fad a rá go raibh tosaíocht á tabhairt aige d’ionchoisní i gcásanna arbh iad fórsaí an stáit a bhí freagrach. Dúirt sé go raibh maoiniú iarrtha aige arís agus arís eile chun ionchoisní a éisteacht i 54 cás ‘oidhreachta’ mar a thugtar orthu.

Sholáthair an Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí cuntas ar chásanna oidhreachta ó ceapadh Barra McGrory in 2011. Cúisíodh a chúig oiread paraimíleatach is a rinneadh i gcás saighdiúirí: seachtar poblachtánach, triúr dílseoirí agus beirt shaighdiúirí.

Dúirt Alex Atwood ón SDLP go raibh sé dochreidte go scríobhfadh an Státrúnaí a leithéid d’alt i bhfianaise na bhfíricí ón bPríomh-Bhreitheamh agus ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí. Bhí Sinn Féin ar buile, agus dúirt Gerry Adams go raibh James Brokenshire míchruinn go huile agus go hiomlán. Cháin John Kelly, ar maraíodh a dheartháir Domhnach na Fola, é agus dúirt gur iarracht eile é seo chun an chóir a cheilt ar íobartaigh.

Thug an rialtas ó dheas an t-eiteachas dó freisin. Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Charlie Flanagan nach nglacfaí le pardún ná faoiseamh ó chúiseamh do shaighdiúirí.

Ní nach ionadh, d’fháiltigh an DUP agus an UUP roimh alt an Státrúnaí, tacaíocht ab ea é don dearcadh s’acusan. Go deimhin, shílfeá gur aithris a bhí i gcuid den alt ar na tuairimí a nochtann Arlene Foster go rialta faoi athscríobh na staire.

Gan dabht bheadh Brokenshire sásta go raibh deich vóta aontachtacha cinntithe aige i Westminster dá mbeadh gá leo sa tréimhse seo romhainn. Ach céard faoi thoradh an ailt i ndiaidh an toghcháin? An mbeidh an Státrúnaí in ann a chur ina luí ar pháirtithe i gcainteanna gur cathaoirleach neodrach é? Is minic a bhris béal duine a shrón.

Fág freagra ar 'An éireoidh leis an Státrúnaí a chur ina luí ar pháirtithe gur cathaoirleach neodrach é?'