Bhí bua an tseachtain seo caite ag Cumann Naomh Mairtín Loch Garman ar sheaimpíní an chúige agus na hÉireann, na Fianna.
Anuraidh nuair a bhí an lasair sa bharrach i bPáirc Pharnell, fuair na Fianna scata scóranna déanach sa chluiche chun Naomh Máirtín a chur de dhroim seoil.
Níor chuir an bua deireadh le Naomh Máirtín in aon chor. Is cosúil gur spreag sé iad, i ndáiríre, agus an uair seo, le buntáiste an bhaile acu, ba iad a bhí níos láidre sna nóiméid dheireanacha.
Bhíodar cúilín amháin chun deiridh i rith am breise, ach fuair laochra Loch Garman trí scór as a chéile chun díoltas a fháil agus deireadh a chur le ré Na Fianna mar mháistrí ar Chúige Laighean agus ar Éirinn.
Táimid ar ais i gcúige Mumhan an deireadh seachtaine seo agus an dá chluiche leathcheannais sinsir ar siúl. Beimid ag filleadh ar Phort Láirge don chéad cheann agus curaidh Chorcaí, na Sáirseálaigh , ag iarraidh craobh na Mumhan a bhuachan don dara bliain as a chéile. Beidh siad ag tabhairt aghaidh ar Bhaile Gunnair, a bhuail Na Piarsaigh ó Luimneach coicís ó shin. Anuraidh, cé gur chaill na Sars i gcluiche ceannais an chontae in aghaidh Ua Mac Coille (foireann dhúiche) ba iad a bhí ag imirt ar son an chontae agus chuir siad stop le Baile Gunnair, a bhí ag iarraidh ceithre chraobh an chúige as a chéile a bhuachan.
Leorghníomh a bhí sa bhua sin ar an ngreadadh a thug Baile Gunnair dóibh i bPáirc Breatnach in 2023, 2-20 in aghaidh 0-9. Tá foireann na nDéise sa bhaile arís agus iad fós breac le réalta agus taithí iontach acu ar an gcomórtas seo. Tá siad ag súil go mbeidh Pauric Mahony ullamh chun catha. Sa chluiche ceathrú ceannais coicís ó shin bhí Harry Ruddle ar fheabhas, agus scóráil sé trí chúilín den scoth. Bhí an-tábhacht freisin le ceithre chúilín Patrick Fitzgerald ar lá a raibh na deiseanna ar chúil fíorghann.
B’fhéidir gur chaill Dessie Hutchinson cúpla poc saor, ach bhí na cúig chúilín a fuair sé thar a bheith tábhachtach. Fuair an t-ógánach Mark Hartley (mac le Fergal, iarlaoch an chontae) dhá chúilín freisin. Is léir go bhfuil todhchaí gheal roimhe. Tá Stephen O’Keeffe fós ina imreoir thar a bheith tábhachtach, mar atá Philip Mahony.
Is léir gur láimhseáil an lucht bainistíochta an tréimhse gan cluichí craoibhe go maith agus tá buntáiste an chluiche sin i gcoinne na bPiarsach acu.
Tá an-mhuinín i measc na Sars ach déarfainn, an uair seo, go mbeidh Baile Gunnair ullamh dóibh.
Tá an cluiche leathcheannais eile ar siúl in Inis agus seaimpíní Thiobraid Árann, Loch Mór-Caisleán Laighnigh agus Éire na hInse in aghaidh a chéile.
Suimiúil go leor d’imríodar a chéile anuraidh sa pheil agus an uair sin foireann Thiobraid Árann a bhuaigh.
Tá club na hInse gnóthach na laethanta seo agus bhuaigh siad an cluiche ceathrú ceannais peile an Domhnach seo caite. Bhí ochtar acu ag imirt sa dá chraobh chontae le déanaí, captaen na foirne peile Aaron Fitzgerald, Ciarán Russell, David McNamara, Oran Cahill, Darren O’Brien, Darren Moroney, Jarlath Collins agus Nially McMahon. Tá na leaideanna sin i lár an aonaigh arís, ach tá siad ag brath go mór ar na himreoirí contae David Reidy agus Shane O’Donnell.
Tá taithí ollmhór ag leaideanna Thiobraid Árann agus ceapaim go mbeidh an lá leo.
Fág freagra ar 'An-mhuinín i measc na Sars, ach beidh Baile Gunnair ullamh dóibh'