Tá cáineadh láidir déanta ag lucht pleanála teanga ar easpa ‘uaillmhéine agus físe’ chlár an chéad rialtais eile i leith na Gaeilge.
Níl an córas pleanála teanga, ceann de phríomhpholasaithe an stáit ó thaobh caomhnú agus cur chinn na Gaeilge sa Ghaeltacht luaite in aon chor sa chlár rialtais a foilsíodh an tseachtain seo.
Deir an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga gur “cúis mhór imní” nach bhfuil aon tagairt don phleanáil teanga sa chlár rialtais a d’aontaigh Fianna Fáil, Fine Gael agus an Grúpa Réigiúnach Neamhspleách. Deir said gur “céim ar gcúl” é ó chlár an rialtais a tháinig i gcumhacht in 2020, clár inar gealladh tacaíocht d’Údarás na Gaeltachta don phleanáil teanga.
Deir an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga go léiríonn a laghad maoinithe a chuirtear ar fáil don phleanáil teanga “meon cúng” an stáit ina leith agus gur léirigh an dréachtchlár nua rialtais nach bhfuil aon athrú ar an meon sin.
Deirtear nach bhfuil na “hacmhainní cuí” á gcur ar fáil chun aghaidh a thabhairt “ar ghéarchéim mhór na teanga sa tír seo”.
“Tá sé seo níos measa fós i gcomhthéacs ina bhfuil farasbarr stairiúil i mbuiséad an stáit le blianta beaga anuas agus an deis agus na hacmhainní acu fís agus beartais uaillmhianacha a leagan amach dár bpobal,” a deir Meitheal
Níl aon tagairt sa chlár rialtais ach oiread don phróiseas pleanála teanga lasmuigh den Ghaeltacht.
“Léiríonn na heasnaimh seo sa Chlár Rialtais nach bhfuil fonn ar an Rialtas nua forbairt a dhéanamh ar an bpróiseas pleanála teanga, próiseas a bhfuil bonn curtha faoi ach go bhfuil gá ollmhór le tacaíocht agus le forbairt go mbeidh rath air,” a deir an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga.
Deir an Mheitheal gur “ábhar imní” ar leith é nach bhfuil tagairt ar bith don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 sa chlár rialtais nua.
“In 2020 gealladh ‘cur chuige uile-Rialtais a ghlacadh maidir le Gaeilge a chosaint agus a chur chun cinn tríd an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Plean Gníomhaíochta a chur i bhfeidhm.’ Sa Chlár Rialtais nua, fágtar pobal na Gaeilge le gealltanas teibí ‘[to] enhance supports for increased use of the Irish language’.”
Tá an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga ag impí ar an gcéad rialtas eile tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar a gcur chuige i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.
“Tá gá le gníomh náisiúnta ón Rialtas láir le spriocanna réadúla, uaillmhianacha agus intomhaiste, gur féidir linn mar phobal dul chun cinn a fheiscint agus a aithint, in ionad ráitis theibí dhoiléire nach mbeidh aon fheidhm leo.”
Is cuid de Chonradh na Gaeilge an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga a bhíonn ag stocaireacht ar son na pleanála teanga agus atá ionadaíoch ar lucht na pleanála teanga sna Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta, sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge.
Colette
“Tá UNESCO tar éis an Ghaeilge a aithint mar theanga atá Definitely endangered” a dúirt Pádraic Ó Healaí ina aitheasc mar Uachtarán Oireachtais na Gaeilge i 2014. Is fiú eisteacht leis an meid a bhí le rá aige.
https://www.rte.ie/radio/rnag/clips/20525627/
Is sop i áit na scuaibe atá sa Phleanáil Teanga sa Ghaeltacht.
Ní mór fiontraithe óga pobail agus teanga do bheith againn agus gan sinn do bheith ag braith ar an gcóras stáit.