An Méara Walsh ag tairiscint dídine ina oifig féin d’imirceoiri mídhleathacha

Agus Donald Trump ag bagairt ar imirceoirí, dúirt an Méara de bhunadh Chonamara go mbeadh fáil acu ar a oifig féin mar áit chónaithe dá dtiocfadh an crú ar an tairne

An Méara Walsh ag tairiscint dídine ina oifig féin d’imirceoiri mídhleathacha

Méara Bhoston, Marty Walsh

Beidh teach agus dídean ag imirceoirí mídhleathacha i gceanncheathrú Chomhairle Cathrach Bhoston agus istigh ina oifig féin, más gá.  Sin é an teachtaireacht faoisimh a thug Méara Bhoston, Marty Walsh, do lucht imirce atá gan stádas cónaithe ná oibre sa gcathair sin.  Labhair an Méara amach inné tar éis don Uachtarán Trump foláireamh a thabhairt go mbeadh ceisteanna móra ann faoi airgead a bheith ag dul as an státchiste i Washington go cathracha nach gcuideodh leis ina iarracht le fáisceadh isteach ar imirceoirí mídhleathacha. 

“Údar an-mhór imní é go bhfuil an tUachtarán Donald Trump ag coinneáil lena bhagairt ar imirceoirí mídhleathacha. Beidh mise ag tabhairt chuile chosaint is féidir liom do mhuintir na cathrach seo, bídís anseo le fada an lá nó bídís ina n-imirceoirí nua,” a dúirt an Méara Walsh ar de bhunadh Ghaeltacht Chonamara é.

Dúirt Walsh go mbeadh fáil ag imirceoirí ar a oifig féin mar áit chónaithe dá dtiocfadh an crú ar an tairne.

“Ní thabharfaidh mise cúl go brách leo siúd a thagann anseo ar thóir bealaí saoil níos fearr.  Ní chuirfidh na bagairtí go bhféadfadh Washington airgead a stopadh faitíos orainn,” a dúirt sé. 

Labhraíonn an Méara go minic ar a chúlra féin.  B’imirceoirí as Gaeltacht Chonamara iad a mháthair agus a athair.  Cuireadh fáilte ollmhór roimhe i gConamara nuair a thug sé cuairt ar an gceantar agus é ina Mhéara ar Bhoston cúpla bliain ó shin.

Thug an tUachtarán Trump leid le linn an fheachtais toghchánaíochta go stopfaí airgead feidearálach – sin cúnamh agus deontais stáit ó Washington – do chathracha nach dtéann géar ar imirceoirí mídhleathacha.  ‘Sanctuary Cities’ nó cathracha tearmainn a thugtar ar na cathracha sin.  Níl aon mhíniú oifigiúil ar an stádas seo agus níl feidhm leis faoi dhlí na tíre.  Ach sa gcás agus go socraítear i gcathair nó i mbaile mór go dtiocfar isteach faoi scáth na ‘Sanctuary Cities’, bíonn tuiscint ann nach gcuirfidh na póilíní caidéis ar dhaoine faoina bheith sa tír go dleathach, nó a mhalairt. 

Tugann seo faoiseamh mór d’imirceoirí mídhleathacha.   Ach, tá daoine ann freisin atá ar an intinn go dtugann sé an iomarca scóip do choirpigh a thagann isteach agus tá samplaí de sin luaite acusan.

Cé nach bhfuil socrú daingean déanta i mBoston féin gur ‘cathair tearmainn’ é, tá glacadh leis go forleathan go bhfuil claonadh sa treo sin ann.  Tá Somerville, atá ar imeall Bhoston aitheanta mar ‘Sanctuary City’ le beagnach 30 bliain.  Mar a tharla sé, bhí lámh mhór ag fear eile de bhunadh Ghaeltacht Chonamara sa socrú a bhain leis an aitheantas tearmainn sin i Somerville, sin é an Comhairleoir Baile, Jack Connolly, arbh as Maínis agus Bun na hAbhann a sheanmhuintir. 

Faigheann Somerville tuairim is $12 milliún sa mbliain as Washington.  Beifear ag coinneáil súil sa gcathair sin freisin –ceantar mór le sliocht mhuintir na hÉireann fós – ar an bpolasaí a bheidh ag teacht as Washington.

Fág freagra ar 'An Méara Walsh ag tairiscint dídine ina oifig féin d’imirceoiri mídhleathacha'