An Loveen as Conamara ag seoladh léi san Ísiltír céad bliain ó tógadh í

Cuireadh an ghleoiteog an Loveen i bhfarraige arís i nGaillimh an fómhar seo caite, gar don áit ar tógadh í sna 1920idí

An Loveen as Conamara ag seoladh léi san Ísiltír céad bliain ó tógadh í

An Loveen san Ísiltír an tseachtain seo

Tá gleoiteog  a tógadh mar bhád iomartha iascaireachta sna hOileáin i gConamara tuairim is 100 bliain ó shin tugtha go dtí an Ísiltír le bheith páirteach in imeacht idirnáisiúnta do na Gasóga Mara.

Tugadh an ghleoiteog  – an Loveen – ar leantóir ar chúl jíp as Gaillimh go calafort  Bhaile Átha Cliath agus as sin ar bhád farantóireachta  go Cherbourg na Fraince. Leanadh leis an aistear ó thuaidh chomh fada le Zeewolde na hÍsiltíre, 40km soir ó Amsterdam. Is ar loch gar do Zeewolde atá baill de Ghasóga Mara Chalafort na Gaillimhe ag seoladh sa Loveen ag an imeacht NAWAKA 22, a thosaigh an tseachtain seo agus  a bheas ar bun go dtí an 17 Lúnasa.

Tá Cóilín Ó hIarnáin as Roisín na Mainiach i gCarna ar dhuine den dream a thaistil go Zeewolde.  Tá dlúthbhaint ag Cóilín leis an Loveen, mar ba é a bhí ina scipéir ar an mbád tráth agus ba é féin agus a bheirt mhac, Éinde agus Cóilín Óg, a rinne cuid mhaith den obair nuair a rinneadh athchóiriú iomlán uirthi cúpla bliain ó shin. Is ag Cóilín, chomh maith, atá an stair a bhaineann leis an mbád  agus is iontach suimiúil an stair í.

Ba é an saor bád, John Francis Reaney, a raibh bádcheárta aige ag an bPóirse Caoch  i nGaillimh, a thóg an bád (mar bhád iomartha) thart ar an mbliain 1925 do mhuintir Uí Chonaire i dTír an Fhia. Bhíodh siadsan á húsáid mar bhád iascaireachta agus chun feamainn a iompar.

Ba é Micheál Mac Donnchadha as Ros Muc an dara húinéir a bhí aici agus ba i Ros Muc a d’fhan sí nuair a ghlac Val Clarke seilbh uirthi ina dhiaidh. Thart  ar an mbliain 1978, d’fheistigh Val Clarke inneall sa mbád agus bhaineadh sé úsáid aisti le climíní feamainne a tharraingt ar cheann téide.

Faoin mbliain 1983 ag Páraic Hanniffy, as Meáraí in Órán Mór a bhí an bád agus bhaist Páraic an t-ainm Sorcha Mairéad uirthi in onóir a bheirt iníonacha.

Ba le linn di a bheith ag Páraic Hanniffy a cuireadh crann seoil sa Sorcha Mairéad agus a feistíodh í mar ghleoiteog. Bhíodh Cóilín Ó hIarnáin ina scipéir ar an mbád an tráth úd agus í san iomaíocht ag geallta sa Spidéal, i gCinn Mhara agus in áiteanna eile.

In 2009 cheannaigh Nicholas (Nicky) Dolan, as Cladach na Gaillimhe, an ghleoiteog agus ba eisean a bhaist an Loveen uirthi. Muirnéis nó focal muirneach atá sa bhfocal ‘Loveen’ a bhíodh ag muintir an Chladaigh agus cloistear é in úsáid corruair fós i gcathair na dTreabh.

Nuair a bhásaigh Nicholas Dolan aimsir na Nollag 2011, bhronn a mháthair Molly an Loveen ar Ghasóga Mara Chalafort na Gaillimhe. Ach bhí costas mór, nach raibh acu, ag baint leis an mbád a athchóiriú le cloí le rialacháin na nGasóg Mara agus b’éigean an obair sin a chur ar athló ar feadh roinnt blianta.

Sa mbliain 2018 bhunaigh Ciarán Oliver, as an gCladach, an grúpa deonach pobail Galway Hooker 2020 agus an bhliain dár gcionn d’éirigh leosan maoiniú a fháil faoi scéim an Ghrúpa Áitiúil Gníomhaíochta Iascaigh (FLAG) le hathchóiriú iomlán a dhéanamh ar an Loveen.

Cuireann chuile dhuine spéis i mbád adhmaid, a dúirt Cóilín Ó hIarnáin, agus is dair agus learóg an dá chineál adhmaid a húsáideadh in atógáil an Loveen. In éindí le muintir Uí Iarnáin, bhí meitheal oibre a chuidigh leo athchóiriú agus athfheistiú a dhéanamh ar an mbád.

Cuireadh an Loveen i bhfarraige arís i nGaillimh an fómhar seo caite, gar don áit ar tógadh í sna 1920idí. Is iomaí aistear atá curtha di ag an tseoid seo de bhád le 100 bliain anuas, a haistear thar muir is tír go dtí an Ísiltír san áireamh, ach is é a haistear ar fharraigí na mblianta an ceann ba dhúshlánaí a bhí aici.

Fág freagra ar 'An Loveen as Conamara ag seoladh léi san Ísiltír céad bliain ó tógadh í'

  • Tash

    is iontach an scéal é seo.
    Ná fuil an t-ádh dearg ar na gasóga siúd!
    Go n-éirí leo agus go n-éirí leis an Loveen.