An loinnir ag imeacht de Macron agus agus céim bhacach ina République en Marche

Tá baint mhór ag na hagóidí sa bhFrainc le pobal na Fraince a bheith ag éirí amhrasach faoina nUachtarán

An loinnir ag imeacht de Macron agus agus céim bhacach ina République en Marche

Le Président des riches. Is cosúil go bhfuil an coup de foudre a bhuail na Francaigh bliain go leith ó shin thart agus an cion a bhí acu ar an Uachtarán Macron ag dul i léig.

Le breis is coicís tá na mílte tagtha amach ar na sráideanna i mbun agóide faoi na hathruithe atá le déanamh ar chostas breosla i mí Eanáir. Les gilets jaune atá baiste ar an ngluaiseacht agóide mar go gcaitheann siad na seaicéid scéiniúla sábháilteachta a chaithfidh gach duine a bheith acu ina gcarr, de réir dlí. Ní eagraíocht pholaitiúil í seo ná gluaiseacht ceardchumainn. Seo pobal na Fraince, go háirithe faoin tuath, ag cur in aghaidh polasaí a airíonn siad a bheith á bhrú orthu ó dhream i bPáras nach bhfuil aon tuiscint acu ar a saol.

Léirigh pobalbhreitheanna le coicís anuas go bhfuil 82% de phobal na Fraince báúil leis na hagóidí in aghaidh pholasaithe fuinnimh an rialtais. Tá an tUachtarán Macron á chur féin chun cinn ó toghadh é mar cheannródaí ó thaobh athrú aeráide. Is léir go n-aithníonn sé gur géarchéim dhomhanda í agus caithfidh sé dlús a chur le hiarrachtaí a thíre féin aghaidh a thabhairt ar a cuid dualgas ó thaobh na timpeallachta. Chuige sin tá arduithe móra le cur ar chostas peitril agus díosail, a thiocfaidh i bhfeidhm i mí Eanáir.

Seanmháthair as an mBriotáin a chuir físeán ar líne a spreag na hagóidí le coicís. Ní hiad na harduithe leo féin atá ag goilliúint ar dhaoine. ’Sí an tuairim go bhfuil na polasaithe ag díriú ar phobal na tuaithe a chaitheann tiomáint ag a gcuid oibre a chuir dlús leis an bhfearg. Go deimhin, dúirt iarAire Comhshaoil na Fraince Nicholas Hulot, a d’éirigh as i mí Lúnasa, an tseachtain seo nach bhfuil aon Iontas le déanamh den ghluaiseacht seo agus go bhfuair sé féin cluas bhodhar nuair a d’iarr sé go mbeadh polasaithe comhshaoil na Fraince cóir ar bhonn sóisialta.

Ar mhaithe leis an nimh a bhaint as na hagóidí leag Macron amach Dé Máirt a phlean maidir le laghdú a dhéanamh ar spleáchas na tíre ar bhreosla iontaise agus gheall sé nach mbeifí ag fáil réidh leis an bhfuinneamh núicléach saor chomh tapa is a bhí beartaithe aige.

Ag deireadh an lae is scéal thairis an costas breosla. Is mó baint atá ag an scéal ar fad le pobal na Fraince a bheith ag éirí amhrasach faoina nUachtarán. Ba ghearr le finscéal draíochta teacht chun cinn Émmanuel Macron agus a République en Marche an bhliain seo caite. Gheall sé polasaithe a chuideodh le daoine caighdeán maireachtála níos fearr a bheith acu. Gheall sé go mbeadh tuilleadh airgid ina gcuid pócaí ag oibrithe ach ní léir do dhaoine go bhfuil sin ag tarlú.

Ghlac daoine leis na leasuithe ar dhlíthe saothair i dtús a thréimhse mar Uachtarán, rud nár éirigh le hiliomad Uachtarán roimhe a chur i bhfeidhm.

Toghadh Émmanuel Macron go dtí Pálás an Élysée bunaithe ar a gheallúint nach polaiteoir den eite dheis ná don eite chlé a bhí ann, ná go deimhin polaiteoir den seandéanamh ar chor ar bith. D’éirigh leis aisling a dhíol le pobal na Fraince a bhí in ísle bhrí agus géarghá acu le laoch. Bliain go leith dár gcionn, níl aon fheabhas ar chúrsaí, dar leo siúd a chuir a muinín ann. Más tada é, is measa a bheidh an saol anois go háirithe don lucht oibre.

An bhfuil Macron ina pholaiteoir sách oilte leis an tuairt seo a sheasamh? Nó an fíor don té a chuir a réimeas i gcomparáid leis an teaghlach ríoga fadó agus nach dtuigeann ach lucht an airgid?

Voyons…

Fág freagra ar 'An loinnir ag imeacht de Macron agus agus céim bhacach ina République en Marche'

  • Carraig

    Faoi mar adúirt Tallyrand tráth dá raibh faoi eascara leis “C’est de la merde dans un bas de soie”.

  • Ceithearnach Buí na Coille

    Cuir síoda ar ghabhair agus is gabhhar i gcónaí é.