Tá Coiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola ag éileamh buiséad €500,000 sa bhliain ar an Aire Gaeltachta Dara Calleary le “clár oibre lán-éifeachtach pleanála teanga” a chur i bhfeidhm i nGaeltacht Dhún na nGall.
Tá litir oscailte scríofa ag an gcoiste chuig an Aire Calleary ina léirítear “buaireamh” an choiste faoina “laghad acmhainní atá ar fáil do Phleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola” leis an “obair thábhachtach” atá ar bun ag an Oifigeach Pleanála Teanga agus an eagraíocht Pobal Eascarrach a chur i gcrích.
Tá deireadh ag teacht leis an bplean teanga seacht mbliana atá á chur i bhfeidhm sa limistéar pleanála teanga agus maíonn an eagraíocht i nGaeltacht Dhún na nGall nach leor an maoiniú atá curtha ar fáil leis an síneadh a cuireadh leis an bplean.
“Is beag an buiséad €120,000 in aghaidh na bliana in LPT Chloich Cheann Fhaola, ina bhfuil daonra breis is ceithre mhíle duine, agus gan ach duine amháin ag obair go lánaimseartha mar Oifigeach Pleanála Teanga. Tá síneadh iontach bainte as an bhuiséad bliantúil san LPT seo,” a deirtear sa litir.
Maíodh sa litir go mbítear ag súil le “go leor” ó oifigigh pleanála teanga na Gaeltachta “ar bheagán buiséid, ar bheagán tacaíochta agus ar phá-scála nach bhfuil ag teacht le postanna inchomparáide atá ar fáil”.
Deirtear go gcaithfear “acmhainní cuí” a chur ar fáil le hoifigigh pleanála teanga agus bainisteoirí na n-eagraíochtaí atá freagrach as an bpróiseas pleanála teanga “a mhealladh agus a choinneáil sa phost”.
“Tá tuilleadh tacaíochta de dhíth ar bhainisteoirí na n-eagraíochtaí pobail le freastal mar is cuí agus mar is ceart ar na pobail Ghaeltachta agus le hinfreastruchtúr pobail seo na pleanála teanga a neartú,” a deirtear.
Maíodh freisin sa litir go bhfuil “infheistíocht ghinearálta” ag teastáil i bpobail Ghaeltachta agus go bhfuil an pobal “faoi bhrú” ó rinneadh gearradh siar mór ar an mbuiséad don Ghaeltacht in 2008.
“Is féidir a aithint ar an phobal go bhfuil níos mó brú ar dhaoine. Tá laghdú tagtha ar líon na ndaoine atá sásta obair dheonach a dhéanamh ar son na Gaeilge sa phobal. Tá na fórsaí eacnamaíochta seo ag cur brú mór ar an Ghaeilge sa phobal mar atá léirithe go cumasach ag an sochtheangeolaí, an Dr Ben Ó Ceallaigh.
“Arís, tá taighde déanta ag Conradh na Gaeilge ina bPlean Fáis fá thacaíochtaí atá de dhíth i gcúrsaí pobail, i seirbhísí do theaghlaigh agus don aos óg le déanamh cinnte go mbeidh na hacmhainní cuí ag pobail Ghaeltachta fás, forbairt agus bláthú amach anseo,” a dúradh.
Dúirt an eagraíocht pleanála teanga go bhfuil “ag éirí le beartais na pleanála teanga sa phobal” agus go bhfuil “athruithe dearfacha le feiceáil [acu féin] ar an talamh”.
“Mar sin féin, ní leor go fóill é agus is é an locht is mó atá ar an phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht nach bhfuil go leor pleanála teanga ag tarlú. Níl go leor acmhainní ná tacaíochta ann agus níl eagraíochtaí stáit ag déanamh a gcuid féin den phleanáil teanga,” a maíodh.
Tugadh le fios go bhfuil eagraíochtaí éagsúla stáit “go fóill ag brú Béarla ar chainteoirí dúchais” i gCloich Chionnaola agus go gcaithfidh an “stát agus eagraíochtaí stáit a gcuid féin den phleanáil teanga a dhéanamh”.
Luadh an ghéarchéim thithíochta sa litir chomh maith agus maíodh go raibh an ghéarchéim sin “ag creimeadh na dea-oibre” atá ar siúl ag lucht na pleanála teanga. Dúradh leis an Aire Calleary gur cheart “éisteacht le guth an phobail” sa Ghaeltacht agus leis na feachtais Tinteán agus Bánú.
“Bac leanúnach ar dhul chun cinn na pleanála teanga sa Ghaeltacht atá sna fadhbanna móra tithíochta atá ann. Ní féidir pleanáil fhóirsteanach éifeachtach a dhéanamh don teanga Ghaeilge sa phobal gan aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna tithíochta seo,” a dúradh.
Dúradh go raibh “tuilleadh tacaíochta” ag teastáil leis an sprioc atá roimh lucht na pleanála teanga, cur le líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht, a bhaint amach. Leagadh amach seacht n-éileamh sa litir, an €500,000 don phlean teanga ina measc.
Éilítear freisin go gcuirfí na hOifigigh Pleanála Teanga ar “phá-scála Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin” san earnáil phoiblí agus go bhfostófaí Oifigeach Cúnta agus Cumarsáide don phleanáil teanga “ar phá-scála Oifigeach Feidhmiúcháin” san earnáil phoiblí.
Tá an coiste pleanála teanga ag éileamh freisin go bhfostófaí Oifigeach Óige san LPT agus é “ar phá-scála Oifigeach Riaracháin”. Tá éileamh ann chomh maith go dtabharfaí “tacaíocht mhaoinithe” le tuarastal ag leibhéal Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin a chur ar fáil do bhainisteoirí na n-eagraíochtaí atá ag plé leis an bpleanáil teanga sa Ghaeltacht agus go gcuirfí maoiniú ar fáil chun leasbhainisteoir a fhostú.
Fág freagra ar '‘An locht is mó atá ar an phleanáil teanga nach bhfuil go leor pleanála teanga ag tarlú’'