‘An Linn Bhuí’ le seoladh inniu agus Daonscoil na Mumhan faoi lánseol i Rinn Ua gCuanach

An naoú heagrán déag de ‘An Linn Bhuí’ le seoladh tráthnóna inniu ag Daonscoil na Mumhan

Rinn Ua gCuanac

Seolfar an naoú heagrán déag den iris ‘An Linn Bhuí’, iris Ghaeltacht na nDéise, tráthnóna inniu ag Daonscoil na Mumhan. 

Bunaíodh an Daonscoil, a bhíonn ar siúl i Rinn Ua gCuanach, chun deis a thabhairt do dhaoine teacht le chéile agus gnéithe éagsúla d’oidhreacht na tíre agus na teanga a phlé. Is dlúthchuid den Daonscoil an ceol, an amhránaíocht agus ceist an oideachais.

Pléifidh Brian Ó Raghallaigh úsáid na teicneolaíochta i saol na teanga níos déanaí ar maidin i léacht an lae, léacht dar teideal ‘An teicneolaíocht agus an Ghaeilge: ag comhlíonadh mian an Phiarsaigh’. Déanfar ‘An Linn Bhuí’ a sheoladh ag 7.30 pm tráthnóna.

Duine de na húdair a bhfuil alt leo foilsithe sa Linn Bhuí is ea Caitríona Ní Ghealbháin. ‘As an Osna is Troime’ is teideal dá haltsa.

Ag caint di le Tuairisc.ie, mhínigh Ní Ghealbháin gur alt faoin lionn dubh atá i gceist agus gurb é is bunús lena teideal ná nath cainte a chuala sí. Is é an nath cainte é, ‘as an osna is troime a bhíonn an ceol is binne’. 

Ag labhairt faoina cuid taithí phearsanta ar bheith in ísle brí atá Ní Ghealbháin san alt seo ó tharla diagnóis a bheith déanta uirthi féin le déanaí go mbuaileann lagar spride í.

“Níl daoine sásta labhairt fé ach ní haon chúis náire é. Is rud é go mbíonn gach éinne ag plé leis ag am éigin ina saol, de réir mar a thuigimse an scéal”, a dúirt sí.

Thug sí faoin alt a scríobh le súil is go gcuideofaí leis an údar ‘náire’ a bhaineann leis an lionn dubh a chur de dhroim seoil agus misneach a thabhairt do dhaoine a bheith oscailte mar gheall air.

Déanfaidh Aingeal Tóibín cíoradh ar an tacaíocht atá ar fáil do mhúinteoirí bunscoile amárach agus ar an Déardaoin, labhróidh Sorcha Ní Chéilleachair ar thógáil clainne le Gaeilge i gcaint dar teideal ‘Is muide an chéad ghlúin eile: cúnamh agus tacaíocht phraiticiúil do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht’.

Is féidir liosta na gcainteanna is na n-imeachtaí ar fad a fheiceáil anseo.

Fág freagra ar '‘An Linn Bhuí’ le seoladh inniu agus Daonscoil na Mumhan faoi lánseol i Rinn Ua gCuanach'