An iad bréagáin na Nollag an páipéar leithris nua?

An bhfuil ceachtanna foghlamtha againn ó dhianghlasáil mhór an earraigh?

An iad bréagáin na Nollag an páipéar leithris nua?

‘Ar a laghad, beidh spóirt ar an teilí an iarraidh seo,’ a deir Fear an Tí agus an scéala faighte againn i dtús na seachtaine go mbeadh an tír ar fad ag imeacht go leibhéal a trí.

Seachtain an ‘ar a laghad’ a bhí ann.

‘Ar a laghad, tá an aimsir sách tirim,’ a deir mo chomharsa liom is muid beirt ag seasamh ag an gcoirnéal in aice leis an bhfaiche tráthnóna is na gasúir ag spraoi amuigh faoin aer.

‘An bhfuil an sacar fós ag dul ar aghaidh?’ a d’fhiafraigh an Babaí díom maidin Dé Máirt.

‘Tá,’ a deir mé.

‘Agus céard faoin snámh?’ a d’fhiafraigh sé ansin.

‘Níl mé cinnte faoi sin,’ a d’fhreagair mé.

‘Hmm,’ a deir sé. ‘só tá an sacar ann agus b’fhéidir an snámh agus cinnte an scoil?’

‘Sin é,’ a deir mé.

‘An bhfuil tú cinnte cinnte go bhfuil an scoil ag fanacht oscailte?’ a d’fhiafraigh sé.

‘Tá.’

‘Ar a laghad…’ a deir sé.

Chuaigh muid ag snámh tráthnóna Dé Luain agus chuala mé an Cailín Mór Beag ag caoineadh sa seomra feistis le mo thaobh.

‘Céard a tharla duit?’ a d’fhiafraigh mé di. ‘An bhfuil tú gortaithe?’

‘Níl mé ag iarraidh teist Covid a fháil Mamaí,’ a deir sí agus í ag iarraidh a hanáil a tharraingt.

Tá an teist faighte ag roinnt mhaith páistí ó chuaigh na gasúir ar ais ag an scoil agus is dóigh go bhfuil na scéalta ag scaipeadh eatarthu go bhfuil sé sách míchompordach mar ghnáthamh.

‘Ní bheidh aon chall duit,’ a dúirt mé agus rug barróg uirthi, ‘agus, ar a laghad, níl tú tinn.’

Níl a fhios agam an mbeadh cead againn diúltú don teist dá dtiocfadh sé chuige sin ach cén mhaith a bheith ag caint air sula mbeadh gá leis?

Tá tuairim agam go mbeidh an teist déanta ag an tír ar fad sula mbeidh an geimhreadh amuigh, de bharr na ngnáthshlaghdáin éagsúla a bhíonn ar chuile dhuine chuile bhliain ar aon nós.

Ar a laghad, tá an chuma ar an scéal go bhfuil roinnt rudaí foghlamtha againn ó bhí an dianghlasáil mhór ann san earrach. Ceacht amháin a d’fhoghlaim muid mar chine daonna ná gur féidir maireachtáil d’uireasa páipéar leithris.

Tá a fhios agam go bhfuil an ceacht seo foghlamtha againn mar nach bhfuil aon cheannacht mór ar pháipéar leithris ar fud an domhain le feiceáil ar na meáin shóisialta mar a bhí i mí an Mhárta nuair a bhí an chéad dianghlasáil ann.

Is ní chloisim go bhfuil na seilfeanna folmhaithe amach sna hollmhargaí in Éirinn ó tháinig fógra leibhéal a trí. Ar a laghad.

‘An bhfuil do chuid siopadóireachta déanta agat don Nollaig?’ a d’fhiafraigh mo chara díom an lá cheana. ‘An Nollaig?’ a deir mé agus is maith an lá go raibh mé i mo shuí síos ag an am.

‘Tá scuainí ag síneadh amach an doras ag Smyths Toys!’ a deir sí. ‘Bhí mé ag caint le mo chol ceathrar inné agus tá chuile ní ceannaithe aici, wrapáilte agus curtha i dtaisce ar an lochta.’

Leibhéal a trí an dianghlasáil nua, agus bréagáin na Nollag are the new páipéar leithris. An ndéanann sé sin ciall?

Ar a laghad, ní leibhéal a cúig é.

Fág freagra ar 'An iad bréagáin na Nollag an páipéar leithris nua?'