An Ghréig, na BRICS agus cóimheá chumhachta an domhain

Níl géarchéim na Gréige ar chlár plé chruinniú mullaigh na dtíortha BRICS, atá ar siúl sa Rúis an tseachtain seo. Go hoifigiúil.

 

Los Cabos - México, 18/06/2012. Presidenta Dilma Rousseff durante reunião dos Chefes de Estado e de Governo dos BRICS (Brasil, Rússia, Índia, China e África do Sul). Foto: Roberto Stuckert Filho/PR.
Pictiúr: Roberto Stuckert Filho/PR.

Is iomaí casadh a bhí i dtragóid na Gréige le seachtainí beaga anuas. Ach leis an gcaint ar fad faoi thairiscintí tarrthála an troika, reifreann an ‘OXI’ agus gluaisrothar iar-Aire Airgeadais na Gréige, seans nár léir dúinn an pictiúr mór.

Tá scéal na Gréige níos mó ná an Ghréig féin, gan amhras. Ach tá sé níos mó ná an tAontas Eorpach freisin.

Deis mhaith é cruinniú mullaigh na dtíortha BRICS, atá ar siúl sa Rúis faoi láthair, chun léargas níos leithne a fháil ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag géarchéim na Gréige ar chóimheá chumhachta an domhain ar fad.

Bloc cumhachta de thíortha móra atá faoi fhorbairt is ea na BRICS, tíortha ina bhfuil cónaí ar dhaichead faoin gcéad de dhaonra an domhain.

Agus an t-alt seo á scríobh, tá ceannairí na mballstát sin – an Bhrasaíl, an Rúis, an India, an tSín agus an Afraic Theas – bailithe le chéile i gcathair Ufa, ar imeall na Sibéire.

Is cinnte nach gcuirfidh mórán isteach orthu san áit sceirdiúil sin, agus is maith sin, mar tá go leor le plé acu.

Is é an chaoi go mbeidh an Banc Forbartha Nua (NDB), a bhunaigh na tíortha BRICS anuraidh agus atá lonnaithe i gcathair Shanghai, ag feidhmiú as seo go ceann bliana.

Malairt rogha ar an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (IMF) a bheidh i mbanc nua seo na mBRICS do thíortha a bhfuil iasacht airgid uathu – nó do thíortha atá i sáinn go hiomlán, mar atá an Ghréig.

Dúirt Aire Eacnamaíochta na Rúise, Alexei Ulyukayev, Dé Céadaoin nach bhfuil cúnamh airgid don Ghréig ar liosta na n-ábhar a phléifear ag cruinniú mullaigh na mBRICS in Ufa an tseachtain seo.

Ach creideann duine de bhunaitheoirí na mBRICS, iar-Aire Ghnóthaí Eachtracha na Brasaíle, Celso Armorim, gur mó i bhfad an tuiscint a bheadh ag an mBanc Forbartha Nua (NDB) ar chás na Gréige ná mar atá ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (IMF).

‘Ós rud é gur tíortha iad na BRICS atá fós faoi fhorbairt, agus ós rud é gur tíortha iad a chuaigh i ngleic le fadhbanna móra eacnamaíochta iad féin ní i bhfad ó shin, tá tuiscint níos fearr acu ar ghnéithe áirithe atá tábhachtach do thíortha atá faoi fhorbairt – dínit, féinriail. Gnéithe iad sin nach mbíonn mórán measa ag institiúidí airgeadais idirnáisiúnta orthu go minic,’ a dúirt Armorim an tseachtain seo in agallamh leis an iris Carta Capital ón mBrasaíl.

‘Níl a fhios agam an dteastódh cúnamh na mBRICS ón nGréig, ná níl éinne ag iarraidh go bhfágfadh an Ghréig an euro ná an tAontas Eorpach,’ arsa Armorim. ‘Ach is amhlaidh nach bhfuil na hinstitiúidí airgeadais seanbhunaithe idirnáisiúnta in ann a gcuid fadhbanna féin a réiteach faoi láthair – fadhb na Gréige, mar shampla. Ar an ábhar sin, tá malairt rogha ag teastáil.’

Tá na BRICS in ann an mhalairt rogha sin a chur ar fáil toisc go bhfuil US$4 trilliún sa gcúlchiste eachtrach acu.

Is iomaí uair le seachtainí beaga anuas a luadh an Rúis sa trácht ar ghéarchéim na Gréige. Ach dá dtiocfadh Vladimir Putin i gcabhair ar Alex Tsipras i ndáiríre, scoiltfeadh sé sin an tAontas Eorpach.

Cá bhfios nach é sin go díreach an rud ba mhó a theastódh ó uachtarán na Rúise a dhéanamh, ach is cúramaí ná sin é Vladimir Putin. Má theastaíonn uaidh a ladar a chur isteach i scéal na Gréige, b’fhearr i bhfad é sin a dhéanamh faoi choimirce institiúide idirnáisiúnta. Mar a dhéanann na Stáit Aontaithe tríd an mBanc Domhanda agus an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (IMF).

Go hoifigiúil, níl géarchéim na Gréige ar an gclár plé in Ufa an tseachtain seo. Ach beidh sé suimiúil a fháil amach cén chéad chustaiméir a bheidh ag an mBanc Forbartha Nua nuair a osclóidh sé na doirse an bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar 'An Ghréig, na BRICS agus cóimheá chumhachta an domhain'