An Ghaeltacht ag triall ar Phort Laoise do chluiche leathcheannais na hÉireann

Tá na socruithe fógartha ag CLG inniu do chluiche leathcheannais Chraobh Idirmheánach Peile na hÉireann, idir An Ghaeltacht agus An Maigh as Tír Eoghain

An Ghaeltacht ag triall ar Phort Laoise do chluiche leathcheannais na hÉireann

Tá na socruithe do bhabhtaí leathcheannais Chraobh Idirmheánach Peile na hÉireann déanta agus is ar Phort Laoise a bheidh An Ghaeltacht ag triall san athbhliain chun aghaidh a thabhairt ar churaidh Uladh, An Maigh. Ar an Domhnach, 21 Eanáir, ag 2.00i.n. i bPáirc Uí Mhórdha a imreoidh seaimpíní na Mumhan an cluiche is mó a bhí acu ó bhain siad cluiche ceannais na hÉireann amach in 2004.

Má éiríonn leis an gcumann Gaeltachta an ceann is fearr a fháil ar An Maigh, beidh áit acu i gcluiche ceannais na hÉireann, a imreofar i bPáirc an Chrócaigh mí Feabhra. Tabharfaidh buaiteoirí an chluiche idir an Ghaeltacht agus An Maigh aghaidh ar Mhicheál Mac Laithimh (Ros Comáin) nó Coill an Iarainn (Loch Garman), atá ag imirt a chéile sa chluiche leathcheannais eile, a imreofar ar an lá céanna ar bPáirc Uí Chonchúir i dTulach Mhór.

Páirc Uí Mhórdha i bPort Laoise. Pictiúr: INPHO/Tom Beary

Bhí bua bog ag an nGaeltacht i gcluiche ceannais na Mumhan agus farasbarr 21 pointe acu i gcoinne Naomh Seanán as Luimneach ach tá dúshlán i bhfad níos mó rompu más fúthu a bheith i bPáirc an Chrócaigh san earrach. I measc na n-imreoirí atá ag a gcéilí comhraic, tá beirt d’fhathaigh na peile, Seán agus Colm Cavanagh.

Idir an dá linn, imreoidh an Ghaeltacht in aghaidh Chrócaigh Chill Airne i gcluiche ceannais Roinn 1 na sraithe i gCiarraí Dé Domhnaigh agus deis acu príomhroinn na sraithe a bhuachan den chéad uair ó 2007. Is cinnte áfach go mó aird a bheidh ag an nGaeltacht ar chluiche mór na bliana seo chugainn i bPort Laoise.

Fógraíodh inniu na socruithe chomh maith do chluichí móra eile na gclubanna:


21 Eanáir – Babhtaí leathcheannais Chraobh Idirmheánach Peile na hÉireann

An Ghaeltacht v An Maigh, Páirc Uí Mhórdha, 2.00i.n.

Micheál Mac Laithimh v Coill an Iarainn, Páirc Uí Chonchúir, 2.00i.n.

10 Feabhra – Babhtaí leathcheannais Chraobh Shinsir Iomána na hÉireann

Na Piarsaigh v Sleacht Néill, Páirc Pharnell, 2.00i.n.

Liam Ó Maoilíosa v Cuala, Staid Semple, 4.00i.n.

17 Feabhra – Babhtaí leathcheannais Chraobh Shinsir Peile na hÉireann

Gaeil Fulham/Cora Finne v Naomh Lomáin/Achadh Mordha, Áit agus am le socrú

Raonaithe Nemo v Sleacht Néill, Páirc Uí Mhórdha, 4.30i.n.

Fág freagra ar 'An Ghaeltacht ag triall ar Phort Laoise do chluiche leathcheannais na hÉireann'