Na Emmys agus An Cheathrú Rua
Ní dhearna na hÉireannaigh aon mhaith ag na gradaim Emmy de réir ceannlíne san Irish Independent le déanaí, ach bhí scéal eile ag RTÉ Raidió na Gaeltachta an lá céanna. D’éirigh le lucht Chasla nasc le Conamara aimsiú acu le duine de na buaiteoirí. Is cosúil go mba as Doire Fhatharta Beag ar an gCeathrú Rua do Dhaideo an aisteora Owen Cooper, an buachaill a bhuaigh an Emmy don aisteoir is fearr i ról tacaíochta.
Tá Cooper, a tháinig chun suntais as a ról sa mhionsraith Adolescence ar Netflix i mbliana, ar dhuine de na daoine is óige ar bronnadh gradam Emmy orthu riamh, agus an buaiteoir fireann ab óige riamh. Ní raibh sé ach ceithre bliana déag d’aois nuair a rinne sé an pháirt agus ina phíosa cainte dúirt sé gur thosaigh sé ranganna aisteoireachta le blianta beaga anuas.
Iarratais ó Ghaeilgeoirí óga don Late Late Toy Show
B’fhéidir go bhfuil sé beagáinín luath a bheith ag caint ar an Nollaig, ach tháinig fógra amach ó Oireachtas na Gaeilge an tseachtain seo ag moladh do Ghaeilgeoirí óga iarratas a chur isteach ar éisteachtaí don Late Late Toy Show ar RTÉ.
Tá an glaoch amuigh ón Late Late Toy Show d’iarrthóirí óga gur mhaith leo páirt a ghlacadh sa gclár i mbliana.
Nár bhreá an rud é amhrán ar an sean-nós, lúibín nó agallamh beirte a bheith le feiceáil ag lucht féachana RTÉ ar an oíche is mó sa mbliain acu do dhaoine óga? a scríobh Oireachtas na Gaeilge an tseachtain seo. Nár bhreá go deimhin! Inniu an sprioclá le dul i dteagmháil le RTÉ agus iarratas a chur isteach. Beidh an seó féin ag dul amach Dé hAoine, an 5 Nollaig.
Triúr sa rás d’Áras an Uachtaráin
Ní túisce sraith Traitors na hÉireann tagtha chun críche ná go bhfuil comórtas nua againn agus na hiarrthóirí ar Áras an Uachtaráin fógartha sa deireadh thiar. Bhí an rás idir dhá cheann na meá ag an abhcóide Maria Steen go dtí an nóiméad deireanach, ach ní raibh a dóthain ainmniúchán aici sa deireadh.
Bhí duine dá lucht tacaíochta Peadar Tóibín ar an raidió le Claire Byrne maidin Dé Céadaoin, gan ag teastáil ó Steen ag an am ach dhá vóta eile le go mbeadh an cuóta aici le seasamh sa toghchán agus 43 nóiméad fágtha go meán lae. Níor éirigh léi.
Agus deireadh tagtha leis an ngéariomaíocht ar an gclár Traitors, clár a tharraing 46% den lucht féachana le mí anuas, tá mí eile den ghéariomaíocht agus gheamaireacht romhainn agus tús curtha i gceart leis an rás d’Áras an Uachtaráin.
Ag léamh…
ORANG-UTAN – Órang-Útan Cnuasach nua haiku dátheangach le Gabriel Rosenstock ina bhfuil léaráidí le hos cionn 50 ealaíontóir. Dírithe ar léitheoirí idir 10-14 bliana d’aois.
Fág freagra ar 'An Ghaeilge is an Toy Show; deireadh na Traitors; tús Rás an Árais; Emmy na Ceathrún Rua'