An Ghaeilge áirithe i measc na dteangacha atá ‘ag forbairt’ ar líne

Agus ‘Digital Language Survival Kit’ seolta do mhionteangacha, deirtear go bhfuil an Ghaeilge i measc na dteangacha atá ‘ag forbairt’ sa saol digiteach

An Ghaeilge áirithe i measc na dteangacha atá ‘ag forbairt’ ar líne

Tá an Ghaeilge i measc na dteangacha atá ‘ag forbairt’ ar líne, de réir taighde idirnáisiúnta faoi chás na mionteangacha sa ré dhigiteach a foilsíodh an tseachtain seo.

Toradh é an ‘Digital Language Survival Kit’ ar thaighde a rinne an Dr Claudia Soria, ó Thionscadal Éagsúlachta na dTeangacha Digiteacha (Digital Language Diversity Project/ DLDP), i gcomhpháirt le teangeolaithe agus eagraíochtaí mionteangacha ar fud na hEorpa.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie dúirt Kevin Scannell, an saineolaí ríomhaireachta as Ollscoil Missouri, atá ina bhall de choiste comhairliúcháin an DLDP a chuir an ‘Digital Language Survival Kit’ ar fáil, gur “eiseamláir” í an Ghaeilge do theanga atá ‘ag forbairt’ ar líne.

Fágann sin go bhfuil an Ghaeilge sa cheathrú rannóg de shé cinn ó thaobh beochta ar líne.

Aithnítear teanga a bheith ‘ag forbairt’ sa saol digiteach má bhaintear úsáid aisti ar na meáin shóisialta agus má tá seirbhísí agus acmhainní digiteacha ar fáil inti. Teangacha iad seo a bhfuil forbairt déanta orthu ó thaobh na teicneolaíochta agus acmhainní éagsúla ar fáil dóibh. I measc na n-acmhainní a bhíonn ar fáil do theanga atá ‘ag forbairt’, tá seirbhísí aistriúcháin, sintéiseoir, foclóirí ar líne, bunachar téarmaíochta agus seirbhís mheasartha Wikipedia. 

Dúirt an tOllamh Kevin Scannell go bhfuil an Ghaeilge ina teanga atá ‘ag forbairt’ ar líne mar go mbíonn sí á húsáid “go forleathan” sna meáin shóisialta agus mar go bhfuil “go leor seirbhísí digiteacha” ar fáil inti, ina measc “foclóirí den chéad scoth ar líne, Tuairisc.ie, bogearraí aistriúcháin agus Vicipéid measartha mór, a bhfuil níos mó ná 10 míle alt ann”.

Cé go bhfuil ag éirí go maith leis an Ghaeilge sa saol digiteach, dar le Scannell, dúirt sé go n-aithnítear trí bhearna sa Digital Language Survival Kita chuideodh sé go mór le forbairt na Gaeilge ar líne dá rachfaí i ngleic leo.

Dúirt sé gur cheart “córas aitheanta gutha” a fhorbairt don Ghaeilge le go mbeidh daoine in ann treoracha ó bhéal a thabhairt i nGaeilge do ríomhairí, gléasanna teicneolaíochta, carranna agus eile.

Cé go bhfuil “go leor ábhar iontach” ar fáil ar Vicipéid na Gaeilge ,dar le Scannell, dúirt sé gurbh fhiú go mór forbairt a dhéanamh uirthi mar bhunachar eolais.

“Níl mórán cainteoirí líofa ag glacadh páirte ann go leanúnach. Bheimis in ann dul chun cinn mór a dhéanamh dá mbeadh cúpla céad duine sásta alt a scríobh cúpla uair sa mhí,” a sé.

Is é an tríú bearna is mó atá ann i gcás na Gaeilge, dar le Kevin Scannell, ná an easpa forbartha atá déanta i réimse na ríomhchluichí.

“Tá cúpla cluiche simplí ann a d’aistrigh mé féin agus baill eile den Ríomhacadamh, ach ní hionann iad agus na cluichí mór le rá Fortnite, GTA, Madden, nó cibé rud a imríonn na daoine óga na laethanta seo,” a dúirt sé.

Sé rannóg ar fad atá ann chun a fholláine is atá mionteanga sa saol digiteach a mheas: teangacha réamhdhigiteacha, gur fánach an teacht atá orthu sa saol digiteach, más ann dóibh in aon chor, teangacha ‘suanacha’, teangacha atá ag teacht chun cinn’, teangacha atá ‘ag forbairt’, teangacha atá ‘beo bríomhar’, teangacha atá ‘faoi bhláth’. Ní bhaineann an ‘Digital Language Survival Kit’ le teangacha atá sa rannóg teangacha réamdhigiteacha, sa rannóg ‘beo bríomhar’ nó sa rannóg ‘faoi bhláth’.

Agus an ‘Digital Language Survival Kit’ á sheoladh, mhol an Dr. Claudia Soria “do gach duine san Eoraip nó ar fud an domhain a labhraíonn teanga réigiúnach, mionteanga nó teanga atá i mbaol” úsáid as bhaint as na moltaí sa Digital Language Survival Kit chun “beatha a thabhairt dá dteanga sa domhan digiteach”.

Áis atá sa ‘Digital Language Survival Kit’ ina moltar bealaí éagsúla chun teangacha a choinneáil beo ar líne agus chun pobail mhionteangacha a thógáil ar líne agus tá stádas teanga ag brath ar na hacmhainní digiteacha atá ar fáil inti agus do phobal a labhartha.

Baineann an chéad réimse moltaí sa cháipéis le teangacha ‘suanacha’, teangacha nach bhfeictear mórán ar líne. Rangaítear teanga sa réimse seo má tá ganntanas uirthi ó thaobh áiseanna bunúsacha teicneolaíochta, ar nós méarchlár nó foclóir ar líne.

Baineann an dara réimse moltaí le teangacha atá ‘ag teacht chun cinn’ sa saol digiteach. Aithnítear teanga a bheith sa rannóg seo má tá roinnt áiseanna teicneolaíochta ar fáil inti a thacaíonn lena húsáid ar líne, amhail foclóir, seiceálaí litrithe, bunachar téarmaíochta agus leagan de Wikipedia.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge áirithe i measc na dteangacha atá ‘ag forbairt’ ar líne'