Cé go bhfuil beagnach €9.5 milliún caite ag an Rialtas ar chúrsaí cultúrtha agus ealaíne mar chuid de thionscnamh trasteorann, níor caitheadh ach €200,000 go dtí seo ar chúrsaí Gaeilge.
Léiríonn figiúirí nua faoi Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte nár caitheadh ar thograí Gaeilge ach 2% den airgead a chaith an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Fógraíodh in 2022 go raibh €15.6 milliún tugtha ag an Rialtas don Roinn le caitheamh ar chúrsaí turasóireachta, cultúrtha agus ealaíon. San áireamh ansin bhí ciste €2 milliún a bhí le cur ar fáil do thionscadail nua a bhainfeadh le cultúr agus oidhreacht na Gaeilge agus na hUltaise, lena n-áirítear maoiniú chun tograí pobail agus imeachtaí cultúir trasphobail a fhorbairt.
Go dtí seo, is é an €208,668 a bronnadh ar Naíscoil na Seolta chun naíscoil a fhorbairt in Oirthear Bhéal Feirste an t-aon togra a maoiníodh faoin gciste €2 milliún sin.
I gcomparáid leis sin, tá deontais ar fiú os cionn €9.2 milliún ceadaithe ag an Roinn faoi Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte. Caitheadh €7.4 milliún den airgead sin ar thograí caipitil – €4.6 milliún chun áiseanna a fhorbairt do scríbhneoirí i mBaile Eachaidh i nDoire, €1.5 milliún do stiúideo nua ag ionad Tyrone Guthrie agus €1 milliún do Thaisce Cheol Dúchais Éireann.
Deir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge agus cultúrtha Shinn Féin, nach féidir glacadh leis an neamhréir idir an méid airgid atá caite ar chúrsaí cultúrtha agus ealaíne agus an mhéid atá caite ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht.
“Léiríonn na figiúirí atá faighte agam ón Aire Catherine Martin codarsnacht thubaisteach sa chaoi a dtacaíonn Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte leis na healaíona i gcomparáid leis an nGaeilge,” arsa an Teachta Ó Snodaigh le Tuairisc.
“Tá os cionn €9 milliún caite ar thograí ealaíon agus cultúir fud fad na tíre, agus gan ach €200,000 caite ar thogra Gaeilge amháin faoin Tionscnamh.
“Dúirt an tAire Martin go bhfuil maoiniú caipitil €15.6 milliún ceadaithe do chúraimí a Roinne, ach nach bhfuil ach €2 milliún don Ghaeilge laistigh den iomlán sin. Tá €7.4 milliún caipitil caite cheana féin ar na healaíona, níor caitheadh oiread is pingin ón €2 milliún don Ghaeilge.”
Deir Ó Snodaigh gur léiriú eile iad na figiúirí ar an chaoi go gcuirtear cúrsaí cultúrtha chun tosaigh ar chúrsaí teanga.
“Siar sa bhliain 2003, ní bhfuair An Chomhairle Ealaíon ach 2.6 oiread an maoiniú a tugadh d’Fhoras na Gaeilge. Sa bhliain 2022, bhí a buiséad ocht n-uaire níos mó ná buiséad an Fhorais.
“Seachas cothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge, tá an tOileán Comhroinnte tar éis rudaí a dhéanamh níos measa, agus tá an Ghaeilge níos mó in áit na leathphingine anois ná ariamh.
“Impím ar an Taoiseach a chinntiú go dtacaíonn an Tionscnamh seo aige le cás ár dteanga agus nach ligfear don mhaoiniú atá ceadaithe a bheith fágtha gan caitheamh mar atá déanta anseo, go háirithe agus cás na Gaeltachta i gcruachás agus tograí Gaeilge tar éis a bheith fágtha gan ardú maoinithe leis na blianta anuas.”
Deir Roinn na Gaeltachta go bhfuil comhráite ar bun i láthair na huaire le grúpaí éagsúla maidir le tograí caipitil, tograí a bhféadfaí iad a fhorbairt faoi scáth an tionscnaimh.
Ina measc sin, tá plean an Fhorais chun ionad Gaeilge nua a thógáil i mBéal Feirste.
Colette
Tá mír amháin a sheasann amach san alt seo. Níl ach €200,000 den I milliún Euro curtha ar leataobh do thionscadail Ghaeilge caite.
Tá an Ghaeltacht i mbaol. Ba cheart go dtabharfadh Catherine Martin agus Patrick O’Dononan an €800,000 nár caitheadh dos na Pobail Pleanála Teanga ionas go mbeadh siad in ann imeachtaí sa Ghaeltacht a mhaoiniú.