An Ghaeilge agus an Albainis le ceiliúradh ag féile scríbhneoireachta an deireadh seachtaine seo

Is ar líne a reáchtálfar imeachtaí Crossways 2021 agus beidh breis is 30 scríbhneoir pairteach san fhéile i gcaitheamh an deireadh seachtaine

An Ghaeilge agus an Albainis le ceiliúradh ag féile scríbhneoireachta an deireadh seachtaine seo

Beidh Alan Titley, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Gabriel Rosenstock agus Cathal Ó Searcaigh i measc na scríbhneoirí agus na bhfilí a bheidh ag déanamh cur i láthair ag féile Crossways 2021 an deireadh seachtaine seo.

Déanann an fhéile ceiliúradh ar scríbhneoireacht as Éirinn agus as Albain.

Is ar líne a reáchtálfar imeachtaí na bliana seo agus beidh breis is 30 scríbhneoir  ag glacadh páirt san fhéile i gcaitheamh an deireadh seachtaine. 

I mbliana beidh tromlach na léamh i nGaeilge na hÉireann agus na hAlban. Is é an file Simon Ó Faoláin, léiritheoir Ghaeilge na hÉireann, agus is í an file, an tOllamh Meg Bateman léiritheoir Ghaeilge na hAlban.

Beidh scríbhneoir as Éirinn agus scríbhneoir as Albain páirteach i ngach seisiún, agus thart ar uair an chloig a bheidh an seisiún.

I nGlaschú a bhíonn an fhéile seo de ghnáth, ach d’fhéile ar líne na bliana seo, d’éirigh le Winnie Brooke Young, cainteoir Gaeilge as an Oileán Sgitheanach, taisteal ar fud na hÉireann agus na hAlban nuair a scaoileadh srianta na dianghlasála chun físeáin a thaifeadadh de na filí ag léamh a saothair. Beidh na físeáin beo ón lá inniu, an 12 Feabhra, ag www.crosswaysfestival.org.

Seolfar an fhéile tráthnóna inniu agus leanfaidh na seisiúin ar aghaidh go dtí tráthnóna Dé Domhnaigh.

Bíonn Crossways á eagrú ag an bhfoilsitheoir Duillí Éireann agus a eagarthóir Chris Agee.

Tá Crossways 2021 á mhaoiniú ag clár Cholmcille d’Fhoras na Gaeilge, Bòrd na Gàidhlig, agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath.

Dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge go raibh “lúcháir” ar an bhForas maoiniú a chur ar fáil do Crossways 2021 mar chuid de Cholmcille 1500, comóradh 1,500 bliain ó rugadh Naomh Colm Cille “naomh a aontaíonn Éire agus Albain agus atá aitheanta mar fhile agus mar naomhphátrún filí.” 

Fág freagra ar 'An Ghaeilge agus an Albainis le ceiliúradh ag féile scríbhneoireachta an deireadh seachtaine seo'