Na blianta siar nuair a bhí mé ag obair i gComharchumann Chois Fharraige, d’oibrigh mé don chomhlacht foilsitheoireachta a bhí ansin, Cló Chois Fharraige. Mar ealaíontóir a bhí mé féin ag obair ann agus dhéanainn líníochtaí agus obair ealaíne ann. Tá cuimhne agam ar leabhar amháin arbh é Feamainn an teideal ach níl aon chóip den leabhar agam anois.
Is é an fáth ar tháinig sé sin isteach im’ chloigeann ná go raibh mé ag léamh ailt thar a bheith suimiúil faoi eachtra stairiúil a tharla san Eilvéis i dtús an chéid seo caite agus nach bhfuil mórán eolais faoi.
Tá sé deacair a chreidiúint anois ach i dtús an chéid seo caite bhí an galar ainglis (‘goitre’) go rábach in 80% de thír na hEilvéise. Samhlaímid i gcónaí gur tír í sin atá ar bharr na liostaí saibhris agus dul chun cinn. Agus tá, gan amhras, sa lá inniu.
Ach uair amháin bhí an galar ainglis thar a bheith coitianta ann. Agus ní hé amháin sin ach bhí galair agus míchumais eile a bhain leis, an-choitianta freisin. Rugadh an t-uafás páistí faoi mhíchumas a dtugtaí an teideal uafásach ‘creitineacht’ air uair amháin – is é sin, bhí na páistí bochta beag bídeach, faoi mhíchumais éagsúla a bhain le fás, leis an inchinn, agus le cumas cainte agus éisteachta. I gcuid de na ‘cantúin’ san Eilvéis, rugadh a cúig oiread páistí a bhí bodhar, i gcomparáid leis an ngnáthráta. I gcantún amháin bhí an ráta níb airde afós – duine as gach dhá chéad a rugadh bodhar.
Bhí na heolaithe agus na saineolaithe leighis i bponc ceart leis an bhfadhb seo. Bhí an chosúlacht ann go raibh rud éigin san Eilvéis nach raibh i dtír ar bith eile san Eoraip agus chinn sé orthu ar feadh i bhfad teacht ar aon intinn faoi chúis na faidhbe.
Sa mbliain 1876, foilsíodh liosta de na rudaí a cheap siad ba cúis leis an ngalar agus leis an míchumas – bhí 40 teoiric éagsúla acu – gach rud ó chaighdeán an uisce go dtí brú an aeir.
Ach ní raibh leigheas an scéil acu.
Rinneadh suirbhé i ndeireadh an 19ú haois a léirigh scála an uafáis. I mbaile amháin, gar don phríomhchathair Bern, bhí an ainglis ar 94% de na fir óga – bhí muineál gach duine acu ataithe go mór. I mbailte eile bhí an tríú cuid de na daoine iontu bodhar.
Bhí an galar a d’fhág páistí beag bídeach agus galar intinne orthu ar an tríú cuid den daonra i mbaile beag eile. Ach tugadh faoi deara freisin go raibh baile ann nach raibh an ‘phlá’ ag baint leis ar chor ar bith agus ní raibh sé sin ach deich gciliméadar síos an bóthar.
I rith an Chéad Chogaidh Dhomhanda, bhí cnap ainglise [goitre] ag fás ar 30% de na saighdiúirí óga a coinscríobhadh isteach san arm. Tugadh saoire ón choinscríobh do dhuine as gach ceathrar i gcantúin Luzern agus Obwalden – bhí a gcuid muineál ataithe chomh mór sin.
Cuimhnigh cé chomh tábhachtach is a bhí sé sin i dtír neodrach ar theastaigh an t-arm uathu chun an neodracht a chosaint.
Bhí na heolaithe ba mhó cáil ar fud na hEorpa ag sracadh leis an bhfadhb ach níor thángadar ar aon leigheas.
Nuair a tháinig fuascailt na faidhbe, ní ó na saineolaithe ná ón lucht léinn leighis a tháinig sé, ach ó dhochtúir teaghlaigh tuaithe, Heinrich Hunziger. Sa mbliain 1914, agus an Eoraip gar do bheith sáite sa gcogadh mór a mhairfeadh ceithre bliana, sheas sé suas ag cruinniú de Chumann na nDochtúirí Zurichsee.
Bhí gach éinne ag díriú a n-aird san áit mhícheart, a mhaígh sé. In ionad a bheith ag cuartú rud éigin – baictéar nó frídín nó a leithéid – is ag cuartú rud nach raibh ann ar chor ar bith ba cheart dóibh a n-aird a dhíriú.
Agus céard a bhí in easnamh? Rud atá coitianta ar fud an domhain, ach nach bhfuil san Eilvéis – an t-iaidín.
Teastaíonn oiread na fríde den iaidín le go n-oibreodh an fhaireog thíoróideach i gceart sa gcolainn. Go hiondúil tarlaíonn sé sin go nádúrtha – is ar éigean go mbeadh a fhios agat go raibh gach rud i gceart le d’fhaireog. Tagann an t-iaidín chugat go nádúrtha freisin – ón saol thart ort, ar go leor bealaí.
Ach de bharr gach ar tharla san Eilvéis ó bhí an oighearaois dheireanach ann, thráigh an t-iaidín as an talamh ansin – gach uair a leáigh an t-oighear, thug an t-uisce leis an t-iaidín a bhí sa talamh. D’imigh talamh agus clocha agus cré ó bharr na gcaipíní oighir agus ní raibh aon athnuachan i ndán dóibh.
Bhí áiteacha sa tír nach ndeachaigh an caipín oighir chomh fada leo, thart ar 24,000 bliain ó shin. Agus b’in iad na háiteacha nach raibh an galar le feiceáil iontu.
Bhí eolas ginearálta ar fáil faoin iaidín agus an leas a bhí le baint as i rith an 19ú céad – baineadh úsáid as le haghaidh go leor galar agus aicídí éagsúla a leigheas. Is cuimhin liom féin go maith go gcuireadh m’athair an t-iaidín orainn le cleite, chun casacht nó drochshlaghdán a leigheas.
Ach i rith an 19ú haois, bhí droch-cháil air freisin. Nimh atá ann go bunúsach agus caithfear a bheith an-chúramach faoin méid a thugtar do dhuine mar leigheas. Bhí an Dr Hunziger den tuairim, agus bhí an ceart aige, gur chóir an méid iaidín a tugadh mar leigheas a laghdú. Ag an am bhí poitigéirí san Eilvéis ag tabhairt amach aon ghram amháin in aghaidh an lae don duine a bhí ag éagaoin. Cheap Hunziger go ndéanfadh an deichiú míle cuid de sin an chúis.
Ní hé amháin go seachnódh duine an galar ainglise dá mbeadh an t-iaidín mar chuid dá chuid bia gach lá, ach mhaígh Hunziger go leigheasfadh sé an galar – go laghdófaí an ‘goitre’- dá dtógfadh duine an t-iaidín freisin chuige sin.
Thóg sé i bhfad ar na húdaráis san Eilvéis glacadh leis na tuairimí nua. Tháinig go leor eolaithe eile ar na tuairimí céanna le Hunziger i rith na mblianta.
Duine díobh sin ab ea Otto Bayard, a bhí tar éis staidéar a dhéanamh i mBaile Átha Cliath, i measc cathracha eile sa tSín agus san Indinéis. D’oibrigh seisean as féin i gceantar beag tuaithe san Eilvéis agus chuaigh sé i bun oibre i gceantar an-iargúlta. Chuaigh sé suas ar na sléibhte le miúil agus thosaigh sé ag tabhairt salainn a raibh iaidín measctha tríd do na daoine ansin. Bhí toradh iontach dearfach ar a chuid oibre. Thart ar an am céanna d’oibrigh eolaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar an teoiric chéanna – iaidín a chur sa salann agus táibléid a thabhairt do dhaoine óga.
Scéal ann féin é an chaoi ar glacadh leis an teoiric faoin iaidín a chur sa salann. Sa lá inniu, úsáidtear salann a bhfuil iaidín ann –‘iodised salt’ in 88% de dhaonra an domhain.
Agus tá dearmad iomlán déanta den uafás a tharla san Eilvéis agus ar na daoine cróga a chuaigh chun oibre chun é a leigheas, daoine a raibh orthu argóintí a dhéanamh go minic chun tuairimíocht gan bhunús faoin eolaíocht a bhréagnú.
Tá cuimhne agam féin ar an tagairt sa leabhar Feamainn don ainglis. Dúradh nach raibh sé coitianta in iarthar na hÉireann toisc gur úsáideadh feamainn chun an talamh a leasú nuair nach raibh mórán le n-ithe ach na fataí.
Agus ar ndóigh tá an t-iaidín le fáil sa bhfeamainn – nach bhfuil tionscal bunaithe air sin?
Fág freagra ar 'An galar agus an t-iaidín – daoine cliste cróga a chuireann cor inár gcinniúint uaireanta'