An fothoghchán a d’fhéadfadh a gcéad phríomh-aire eile a thabhairt do mhuintir na Breataine

Deir formhór na dtráchtairí polaitiúla is aitheanta sa mBreatain go mbeidh Andy Burnham ina Phríomh-Aire ar an tír as seo go ceann sé seachtaine nó dhá mhí

An fothoghchán a d’fhéadfadh a gcéad phríomh-aire eile a thabhairt do mhuintir na Breataine

Tá fothoghchán le bheith i Sasana an mhí seo chugainn, ach ní gnáthcheann é. Fothoghchán é atá tionscanta de bharr feisire a bheith ag éirí as le deis a thabhairt do Andy Burnham filleadh ar an bparlaimint in Westminster. Fillfidh sé ar an bparlaimint má bhuann sé an fothoghchán – agus níl aon chinnteacht faoi sin – le dúshlán Keir Starmer mar cheannaire ar an Lucht Oibre a thabhairt. Deir formhór na dtráchtairí polaitiúla is aitheanta sa mBreatain go mbeidh Andy Burnham ina Phríomh-Aire ar an tír as seo go ceann sé seachtaine nó dhá mhí.

Ar ndóigh tuigeann muid ar fad a bhíonn ag faire na polaitíochta nach gá gur amhlaidh a bheadh. Tá ceist tagtha chun cinn cheana féin a d’fhéadfadh an scéal a chur as a riocht ar Burnham. Tráthúil go leor beidh an fothoghchán á reáchtáil beagnach cothrom an lae deich mbliana ó shin ó reáchtáladh an reifreann ar an Bhreatimeacht sa Bhreatain. Nuair a rinne pobal na Breataine cinneadh a chuir a n-eacnamaíocht féin trína chéile gan trácht ar an bpraiseach a tharraing sé orainne anseo in Éirinn.

Dúirt Wes Streeting an t-iar-rúnaí sláinte nuair a sheol sé a fheachtas féin don cheannaireacht atá curtha ar fionraí ó shin le tacú le Starmer, go mbeidh sé ag iarraidh a chur ina luí ar an bpáirtí parlaiminte gur chóir filleadh ar an Aontas Eorpach. Tá sé ráite ag Sadiq Khan, méara Londan, go gcreideann sé féin gur cheart go mbeadh filleadh ar an Aontas Eorpach mar chuid d’fhorógra toghchánaíochta an Lucht Oibre ag an gcéad olltoghchán eile.

Cruthaíonn an scéal seo fadhbanna do Andy Burnham. Dúirt sé anuraidh go mbeadh fonn air an Bhreatain a fheiceáil ina ball den Aontas Eorpach arís amach anseo. Dúirt sé an tseachtain seo agus é ag cur tús oifigiúil lena fheachtas don olltoghchán nach bhfuil sé i gceist aige feachtas an Bhreatimeachta a reáchtáil in athuair. Cothóidh an cheist seo díospóireacht go leor le linn an fheachtais. Vótáil Makerfield, ach an oiread le go leor ceantar eile i dtuaisceart Shasana, go láidir ar son an Bhreatimeachta deich mbliana ó shin agus 65% ar son imeacht as an Aontas Eorpach. Bheifeá den tuairim ansin go mbeadh fonn níos mó ar an bpobal sa toghcheantar a dtacaíocht a thabhairt sa bhfothoghchán seo do Reform UK (Páirtí Brexit lá den saol) an páirtí a bhfuil an oiread dul chun cinn déanta acu ó na toghcháin áitiúla.

Tá sé ráite go rialta ag Keir Starmer go dteastaíonn caidreamh níos fearr leis an Eoraip. Tá tuairimí éagsúla sa bpáirtí ach sí an cheist anois cén leas a dhéanfaidh sé do Andy Burnham tabhairt faoi na hargóintí seo arís. Cé go bhfuil na pobalbhreitheanna ar fad ag tuar go mbeidh bua éasca aige sa bhfothoghchán is deacair a thuar cén deireadh a bheidh ag feachtas ina ndéantar díospóireacht Bhreatimeacht 2016 a reáchtáil arís. Sin gan trácht ar an gcorraíl sa tír seo faoi Chreat Windsor agus an teorainn i Muir Éireann má tharlaíonn a leithéid.

Fág freagra ar 'An fothoghchán a d’fhéadfadh a gcéad phríomh-aire eile a thabhairt do mhuintir na Breataine'