An foclóir Gaeilge is fearr liom? An Foclóir Beag…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: tá ‘ná bí ag déanamh athrá ort féin’ ar cheann de bhunrialacha na scríbhneoireachta, ach…

An foclóir Gaeilge is fearr liom? An Foclóir Beag…

Is fuath liom athrá.

An foclóir Gaeilge is fearr liom? An Foclóir Beag le Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin (An Gúm, 1991.) Ní teasáras é go baileach, ach tá roinnt mhaith focail chomhchiallacha ar fáil ann do mhórchuid ceannfhocal. Colún, scéal ná aiste ní scríobhaim gan an leagan clóite le mo thaobh agus an leagan ar líne oscailte i gceann d’fhuinneoga mo bhrabhsálaí. Ó Dónaill, Ua Maoileoin agus go deimhin foclóirithe eile na Gaeilge idir mé agus an náire a bheadh orm dá mbeadh orm an t-ainmfhocal céanna a úsáid dhá abairt i ndiaidh a chéile!

Cuireann athrá laistigh de théacs aonair isteach orm, ach cuireann sé as dom ar scála níos mó freisin. Is iomaí scríbhneoir a insíonn an scéal céanna arís is arís eile, a mbíonn meirg ar a chuid meafar agus féasóg fhada ar na frásaí a steallann dá pheann nach mór go huathoibríoch. 

Nílim féin gan locht.

Tá cor cainte ann a chleachtaím i bhfad rómhinic agus a chuireann cantal as cuimse orm dá bharr – ach tarlaíonn gur sampla é an úsáid a bhainim as an nath áirithe seo den aon eisceacht amháin ba cheart a cheadú, dar liom, ar an riail ‘ná déan athrá ort féin’.

Is beag nach dtagann cliseadh néarógach orm aon uair a bhíonn orm an frása ‘sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm’ a chló isteach agus colún á scríobh agam do na leathanaigh seo. Samhlaím go dtagann fonn ar an eagarthóir agus ar an gceartaitheoir profaí bocht a n-éadan a bhualadh ar an deasc nuair a fheiceann siad an t-abairtín céanna. ‘Tá sé ráite arís ag an mbastard!’

Ach ní bhaineann siad amach é, agus clóimse isteach é arís agus arís eile, toisc go dtuigeann siad agus go dtuigimse nach féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeadh na colúin ar fad a scríobh mé go nuige seo léite ag an léitheoir, agus ar ndóigh níl dualgas ar bith ar an léitheoir coinneáil suas chun dáta le saol pearsanta scríbhneora.

Dá laghad é pobal na Gaeilge, beidh léitheoirí nua ag teacht in aois nó ag teacht isteach ar nós na léitheoireachta i nGaeilge agus is ar mhaithe leis na léitheoirí nua sin a cheadaím dom féin an riail ‘ná déan athrá ort féin’ a bhriseadh sa chás seo amháin. An ceacht atá le baint as an scéal seo ar fad: nuair a bhíonn sraith de chineál ar bith idir lámha agat, bíodh na heagráin éagsúla intuigthe ina gceann is ina gceann, mar aonaid aonair.

Fág freagra ar 'An foclóir Gaeilge is fearr liom? An Foclóir Beag…'