An fhírinne shearbh faoi bhréaga na Rúise nochta ag Prigozhin

Is léir nach airteagal creidimh ag gnáth-Rúisigh na cúiseanna ‘oifigiúla’ don ionradh, fiú i measc daoine a thacaíonn leis an gcogadh

An fhírinne shearbh faoi bhréaga na Rúise nochta ag Prigozhin

Gné spéisiúil de cheannairc Yevgeny Prigozhin ná gur shéan sé tríonóid naofa chúiseanna bholscairí na Rúise i gcomhair ionradh na hÚcráine – an ‘Naitsíochas’ san Úcráin, ‘cinedhíothú’ sa Donbas agus bagairt ó NATO san Úcráin. Dúirt sé ‘nach raibh gá leis an gcogadh chun ár saoránaigh Rúiseacha a thabhairt ar ais nó chun dímhíleatú agus díNaitsiú a dhéanamh ar an Úcráin’ agus nach raibh aon bhaol ann go raibh NATO chun an Rúis a ionsaí tríd an Úcráin.  

Dúirt sé nach raibh sibhialtaigh faoi ionsaí ar feadh ocht mbliana sa Donbas agus gur dírithe ar spriocanna míleata a bhí ionsaithe na hÚcráine le linn an ama sin. Mhaígh sé gurbh iad na fíorchúiseanna leis an gcogadh ná gur theastaigh ón Aire Cosanta, Sergei Shoigu é féin a chur chun cinn le cogadh rathúil agus gur theastaigh ó olagairc na Rúise creachadóireacht a dhéanamh ar shócmhainní na hÚcráine.  

Bhí sé spéisiúil gur cuireadh fáilte roimhe ar shráideanna Rostov-on-Don amhail is gur laoch a bhí ann, fiú tar éis dó an méid sin a rá – rud a thugann le fios nach airteagal creidimh an tríonóid naofa i ndáiríre ag gnáth-Rúisigh, fiú iad siúd a thacaíonn leis an gcogadh.  

Sa chéad cúpla seachtain tar éis thús an ionraidh anuraidh leag meáin stáit na Rúise béim mhór ar ‘dí-Naitsiú’ na hÚcráine mar cheann de phríomhspriocanna an chogaidh. Tá fianaise ó eagraíochtaí cearta daonna idirnáisiúnta neamhspleácha gur céasadh agus gur cuireadh chun báis daoine in Bucha agus áiteanna eile i seachtainí tosaigh an chogaidh ar an mbonn gur ‘Naitsithe’ iad. Dealraíonn sé anois áfach gur i léig a chuaigh tionchar na bolscaireachta sin ar fhormhór chosmhuintir na Rúise.

taighde ann a léiríonn nach raibh ag éirí leis an scéal faoin ‘Naitsíochas’ dul i gcion go mór ar an gcuid den phobal a a bhaineann úsáid as na meáin shóisialta. Stop na meáin stáit ag trácht ar an leithscéal áirithe de réir a chéile cé gur lean urlabhraithe rialtais á úsáid, ar nós gur mhothaigh siad go raibh dualgas orthu sin a dhéanamh tar éis an oiread sin béime a bheith leagtha air ag tús an chogaidh, go háirithe ar an stáitse idirnáisiúnta.  

Seans áfach gurbh é cinneadh Putin cuid mhór de throdairí Azov a mhalartú le go scaoilfí saor a chara Viktor Medvechuk a chuir scéal an ‘Naitsíochais’ go tóin poill ar fad.  

Tá Putin ina athair baiste ag iníon Medvechuk agus bhí sé in ainm is a bheith mar cheannaire ar shlabhra ag an Rúis san Úcráin nuair a chuirfí an ruaig ar uachtarán tofa na tíre sin. Bhí Medvechuk i gCív ag fanacht le fórsaí na Rúise máirseáil isteach sa chathair, rud nár tharla riamh, dar ndóigh. B’éigean do Medvechuk dul ar a theitheadh ach tháinig na hÚcránaigh air ag tús mhí Aibreáin.  

Bhíothas tar éis a rá le pobal na Rúise go raibh siad san Úcráin chun ‘Dí-Naitsiú’ a dhéanamh ar an tír agus gurbh iad Azov na príomhNaitsithe agus go gcuirfí ar a dtriail mar choirpigh chogaidh iad. Ach ansin scaoil Putin saor 108 de na ‘Naitsithe’ seo chun saoirse Medvedchuk a bhaint amach. B’fhéidir nach raibh éinne ag rá go poiblí sa Rúis, ‘Féach ní raibh sa chaint sin faoin Naitsíochas ach bolscaireacht’, ach bhí muintir na Rúise ag léamh idir na línte.  

Faraor ní hionann aon chuid de seo agus a rá go bhfuil fonn mór síochána ag teacht chun cinn i measc phobal na Rúise. Tar éis an tsaoil ní hé gur theastaigh ó Prizozhin go dtarraingeodh an Rúis amach as an Úcráin. Is amhlaidh gur mhaígh sé go bhféadfaí an cogadh a throid ar shlí níos éifeachtaí agus níos rathúla ná mar a bhí á dhéanamh ag na ceannairí míleata. Agus tá fianaise ann, fiú má tá Rúisigh den tuairim gur botún a bhí ann tús a chur leis an gcogadh ar an gcéad dul síos go gcreideann siad go gcaithfear é a bhuachan mar gur tubaiste amach is amach don tír a bheadh ann dá gcaillfí é. 

Is suíomh nuachta Rúiseach frithchogaidh Béarla é Meduza. Dar ndóigh tá sé lonnaithe lasmuigh den Rúis ach tá léitheoirí acu san Rúis. Ach fiú cuid de léitheoirí Rúiseacha Meduza tacaíonn siad leis an gcogadh.

Ag tús na míosa seo, d’iarr Meduza orthu scríobh chucu ag míniú dóibh cén fáth. Seo roinnt freagraí tipiciúla a fuair siad. Dúirt Andrey, 35 bliain d’aois as Volgograd: ‘Tagann deireadh le cogadh nuair a bhuann taobh amháin. Náireofar an Rúis má chailleann muid, agus ní féidir linn sin a cheadú. Mar sin caithfidh muid buachan – níl rogha againn níos mó.’

Dúirt Alexey, fear 24 bliain d’aois ó Yatutsk: ‘Ní thacaím leis an gcogadh ach ní mian liom mar sin féin go gcaillfeadh an Rúis. Má tharlaíonn sé sin beidh sé níos measa dúinn go léir agus níl aon amhras ann ach go dtitfidh an domhain a bhfuil taithí againn air as a chéile agus tiocfaidh dorchadas níos mó fós. Botún a bhí sa chogadh, agus níl sé inghlactha cailliúint’ Dúirt léitheoir anaithnid, atá 38 bliain d’aois: ‘Níl ach rud amháin níos measa ná cogadh agus sin cogadh caillte. Botún díchéillí amach is amach a bhí ann tús a chur leis an gcogadh ach anois caithfidh muid é a bhuachan nó vae victis an bhail a bheidh orainn. Ní thacaím le Putin – damnú air.’ Níl a fhios againn cad tá in intinn Putin, ach luífeadh sé le réasún go dtuigeann sé, ar nós léitheoirí Meduza, gur botún a bhí sa chogadh ach go gcreideann sé anois gur ceist bás nó beatha dó féin agus don Rúis atá ann agus nach bhfuil aon rogha ach treabhadh ar aghaidh.  

Ar thaobh na hÚcráine, cé go bhfuil díomá mór orthu nár bhris cogadh cathartha amach san Rúis, is é an buncheacht atá á fhoghlaim acu ón eachtra ar fad ná gur léiriú eile é ar laige na Rúise – ar nós teip arm na Rúise Cív a ghabháil agus teipeanna móra na Rúise in Kharkiv agus in Kherson. Mar sin an tionchar a bheas aige ná cur lena gcinnteacht gur féidir leo buachan agus go bhfuil siad chun troid ar aghaidh chun na críocha gafa a fhuascailt.  

Mar a dúirt Gabriel García Márquez: ‘Tá sé níos éasca tús a chur le cogadh ná deireadh a chur leis.’  

Fág freagra ar 'An fhírinne shearbh faoi bhréaga na Rúise nochta ag Prigozhin'

  • Gabriel Rosenstock

    An fhírinne? Ní chreidfinn focal ón bhfear sin (ag tagairt do Prigozhin atáim).

  • MacAnRí

    Dochreidte cad atá ag tarlú sa Rúis 7 san Úcráin faoi láithair na huaire. Go fóill tá daoine ag creidiúint na boilscreachta as Putin 7 a mhadrín lathaí sa Rúis 7 sa tír s’againne fosta.

  • Gabriel Rosenstock

    Tuairiscíonn Reuters (28 Meitheamh) go ndúirt Biden faoi Putin “go bhfuil an cogadh san Iaráic á chailliúint aige”. Tá Meiriceá sáite gach áit: uaireanta ní bhíonn a fhios acu féin cá bhfuil siad, ná cá bhfuil an namhaid. Cad dúirt Mark Twain? “Chruthaigh Dia cogaí chun go bhfoghlaimeodh an Meiriceánach beagán tíreolaíochta.”