An féidir brath ar na Connachtaigh?

Babhta 17 an Pro 14: Tá dul chun cinn déanta ag na Cheetahs i gcomparáid leis na Connachtaigh ó d’imir siad a chéile cheana

An féidir brath ar na Connachtaigh?

Foireann Chúige Chonnacht ag traenáil sann Afraic Theas. Pictiúr: INPHO/BackPagePix/Frikkie Kapp

Ní minic a éiríonn le haon fhoireann cúrsaí a cheartú in imeacht seacht lá ach sin díreach a rinne na Connachtaigh an deireadh seachtaine seo caite. Coicís ó shin, tháinig foireann Zebre, ceann de na foirne is measa agus is laige go dtí an Bóthar Beag agus i mbeagán focal, náirigh siad muid.   An tseachtain seo caite, chuaigh fir an iarthair go dtí an Iodáil agus malairt scéil a bhí ann i gcoinne foireann Iodálach eile, Treviso. Seans go bhfuil fírinne sa ráiteas atá ar bhéal móráin gur suim leo rugbaí, “ní féidir brath ar na Connachtaigh.”

Anois tar éis an bhua sin nach raibh súil leis, tá Cúige Chonnacht san Afraic Theas le tabhairt faoi na Cheetahs,  foireann atá dhá áit chun cinn orthu i ngrúpa A den Pro 14, in ainneoin an bhua 23 – 15 a bhí ag foireann na Gaillimhe i mBabhta 8. Ach bhí an cluiche sin i nGaillimh agus más tada é tá dul chun cinn déanta ag na Cheetahs i gcomparáid leis na Connachtaigh. Is deacair toradh an chluiche seo a thuar, seachas a rá go dteastaíonn ceithre nó cúig úd ó Chúige Chonnacht más leo seans ar bith a bheith acu ar na babhtaí cáilithe.

Fógraíodh inné go raibh an choimhlint is fearr a bhí le bheith ann i mBabhta 17 idir na Scarlets agus na Laighnigh, atá ar bharr ghrúpa B, curtha ar athlá. Mar sin féin, ní scarann ach trí phointe iad ar an tábla. Caithfimid fanacht go fóill mar sin féachaint an bhfuil an cháil atá ar Chúige Laighean mar rogha na coitiantachta leis an gcomórtas a bhuachtáil tuillte acu.

Ar ndóigh, tá an cluiche a bhí le bheith ag na Muimhnigh i nDún Éideann tráthnóna curtha ar athlá de bharr na drochaimsire freisin.

Bhí Cúige Uladh, foireann atá faoi bhrú, le bheith ag imirt sa mbaile an Aoine seo, i gcoinne Glaschú, ceann de na foirne is fearr sa bPro 14. Ach tá an cluiche seo ar ceal chomh maith de bharr na drochaimsire. Seans gur dea-scéal é sin do na hUltaigh mar go bhfuil gá le feabhas mór ar an iarracht a chonaic muid uathu le cúpla seachtain.

Fág freagra ar 'An féidir brath ar na Connachtaigh?'