An fear Gaeltachta a d’ordaigh an sléacht ba mheasa a dhein arm Mheiriceá ar na Bundúchasaigh Mheiriceánacha

Ba as Gaeltacht Chorca Dhuibhne Patrick Edward O’Connor fear a raibh taobh fíordhorcha fuilteach ag baint leis

An fear Gaeltachta a d’ordaigh an sléacht ba mheasa a dhein arm Mheiriceá ar na Bundúchasaigh Mheiriceánacha

Bíonn mórtas cine ionainn go léir, tréith dhaonna nach aon chúis náire í.

Nuair a éiríonn go maith lenár sliocht is lenár dtreibh is údar ceiliúrtha againn é. Ach nuair is é a mhalairt timpeall a bhíonn i gceist cad a thagann orainn – náire is ceann fé?

An té a bhíonn thuas óltar deoch air, an té a bhíonn thíos buailtear cos air, a deir an seanrá.

Le déanaí chuala trácht ar Éireannach ‘iomráiteach’ ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne a raibh a thaobh fíordhorcha fuilteach féin ag baint leis.

Fear ‘gaisce’ ón naoú haois déag a raibh a dhealbh in airde ar feadh i bhfad in ollscoil in Utah sna Stáit Aontaithe, mar aitheantas dá ‘ghníomhartha moltacha’ san arm.

Má bhí, baineadh anuas le déanaí é agus cuireadh i bhfolach i measc ‘memorabilia’ fánach airm é, agus athscríobh á dhéanamh ar an stair a lean an ‘laoch lochtach’ seo, mar a thabharfaí inniu air a leithéid.

Ceannasaí airm, fiontraí mianadóireachta, ceannródaí polaitíochta agus conraitheoir tógála na slite beatha go léir a bhí ag an nduine ‘ildánach’ seo, gan an taobh dorcha a tharrac anuas go fóill.

Dhá bhliain déag d’aois a meastar a bhí Patrick Edward O’Connor nuair a d’fhág sé féin is a mhuintir Baile Uí Bhaoithín, atá míle slí ó Bhaile an Fheirtéaraigh, chun aghaidh a thabhairt ar Mheiriceá tamall roimis an nGorta.

D’oibrigh sé go cruaidh, á chur féin chun cinn mar a dhein formhór na nÉireannach a chuaigh thar sáile ag an am.

Bhí sé suite meáite a bheith ina Mheiriceánach cruthanta. Chreid sé go láidir san ‘Fhís Mheiriceánach’, ar aon dul le ‘Trumpadóirí’ an lae inniu, an fear geal in uachtar.

Gan dabht bhí gluaiseachtaí go leor láidir i Meiriceá an tráth san, gach aon dream a’ maíomh go rabhadar féin níos fearr ná a chéile. An Nativism. Na WASPS, Protastúnaigh ‘gheala’ de bhunadh Angla-Sacsanach a’ dhein éagóir ar Chaitlicigh bhochta Éireannacha. Na hÉireannaigh ansan agus éagóir á dhéanamh acu ar lucht leanta an reiligiúin Mhormannaigh ná raibh ‘Meiriceánach’ a dhóthain dar leo, gan trácht ar na Bundúchasaigh Mheiriceánach, nuair a fuaireadar an deis.

Dhein an Conchúrach a chroí dícheall a bheith níos Meiriceánaí ná na Meiriceánaigh iad féin.

Bhain sé an Ó dá ainm ag iarraidh gan a bheith chomh hÉireannach is a bhí. Thosnaigh sé ag tabhairt James Edward Connor air féin.

An cháil ba mhó a thuill sé agus é ina Cheannfort Airm, nó an droch-cháil ba chirte a rá, gur thug sé ordú dá shaighdiúirí suas le ceithre chéad de shliocht na treibhe Shoshone a chur chun báis in ionsaí a dhein an t-arm orthu in 1863. An ‘Bear River Massacre’ a baisteadh ar an ár ina dhiaidh san.

Dob é sin an sléacht ba mheasa a dhein arm Mheiriceá ar na Bundúchasaigh Mheiriceánacha in aon iarracht amháin.

Bhí an drochmhianach go smior sa Chonchúrach, is baolach. Ní hamháin gur ordaigh sé an sléacht míthrócaireach san ar na Bundúchasaigh ach thug ordú gach aon duine acu a bhí os cionn an dá bhliain déag a mharú, gan taise gan trócaire, as san amach.

Chuaigh cáil agus droch-cháil an tsléachta san i bhfad is i gcéin.

Má chuaigh, thug ‘údaráis’ an airm ardú céime, Briogáidireghinearál, mar ghradam d’fhear Chorca Dhuibhne. Bhí cuntas air i nuachtán an New York Times ag an am.

Ach toisc gur le linn an Chogaidh Chathartha a tharla an t-ár agus go raibh go leor leor gníomhartha marfacha eile a’ titim amach gach aon tarna lá, deineadh dearúd ar an uafás. Dhein lucht an Airm is an cine geal dearúd air, ach ní nach ionadh bhí an scéal beo i gcuimhne an phobail dúchais, na Shoshone.

Coimeádadh scéal an uafáis beo sa phobal sin, mar d’imigh sé ó bhéal go béal is ó ghlúin go glúin.

Níl mórán cuntaisí fágtha anois ar cad a d’imigh ar an gConchúrach an chuid eile dá shaol. Níor scrígh sé beathaisnéis ná aon ní dá shórt.

Tuairiscíodh gur scriosadh a cháipéisí pearsanta i ndóiteán ina thigh i dtreo dheireadh a shaoil.

Deirtear gur chaith sé deireadh a shaoil go haonarach, tréigthe ag a bhean is a chlann.

Filleann an feall, b’fhéidir.

Is fiú go mór éisteacht le podchraoladh ar an scéal seo a chuir an t-iriseoir is an craoltóir ar Raidió Chiarraí, Jerry O Sullivan, le chéile. Tá go leor leor taighde déanta aige ar an ábhar. Tá Gloryhunter Kerry’s Indian Killer ar fáil ar Spotify agus áiteanna eile.

Tá cur síos breá ar an scéal uile sa leabhar Glory Hunter: A Biography of Patrick Edward Connor, scríte ag Brigham D Madsen agus foilsithe ag Ollscoil Utah.

Fág freagra ar 'An fear Gaeltachta a d’ordaigh an sléacht ba mheasa a dhein arm Mheiriceá ar na Bundúchasaigh Mheiriceánacha'

  • Gabriel Rosenstock

    “Bíonn mórtas cine ionainn go léir, tréith dhaonna nach aon chúis náire í . . .” a deir Seosaimhín. Cheisteoinnse an ráiteas sin. ‘Self-idolatry’ nó féin-íoladhradh a thug Rabindranath Tagore ar an náisiúnachas siar sa bhliain 1917. Glacaimse leis gurb é is brí le ‘cine’ san alt aici ná ‘an cine Gael’ seachas an ‘cine daonna’. Creideann Ainrialaithe go gcaithfear an saghas sin mórtais a chothú, i.e. a bheith mórtasach as a bheith i do bhall den chine daonna agus do dhícheall a dhéanamh ar mhaithe leis an gcine daonna, seachas mórtas a bheith ort as do threibh féin: níl ansin ach treabhachas. An bhrúid as Corca Dhuibhne a dhein slad ar Mheiriceánaigh Dhúchasacha, ní raibh tuiscint cheart aige don chine daonna, is léir. Agus bhí scata mór eile mar é.

  • Eoghan Ó Néill

    Ó Ghael bheifeá ag súil le tuiscint agus comhbhá i leith bundúchasaigh a raibh a ndúiche á baint uatha ach ……

  • Gabriel Rosenstock

    Bhí Gaeil as gach contae in Éirinn, déarfainnse, i measc na mbrúideanna a dhein slad ar
    Dhúchasaigh Mheiriceá. Ar ndóigh, díbríodh as a dtír féin iad agus bhí fonn díoltais orthu.
    Cuid acu, is fonn eachtraíochta a bhí orthu ach tríd is tríd ba é an córas leatromach éagórach, gorta agus bochtaineacht a dhíbir as Éirinn iad. Bhí fíoch troda orthu dá bharr sin. Faraor ba iad na Dúchasaigh a bhí thíos leis an bhfearg agus leis an bhfonn díoltais a bhí ar Ghaelaibh. An dream ar dhíbir an Gorta Mór iad, agus a dhéanfadh slad ar na Dúchasaigh, an raibh a fhios acu gur tháinig treibh Dhúchasach, na Choctaw, i gcabhair ar a muintir sa bhaile?
    https://www.smithsonianmag.com/blogs/national-museum-american-indian/2018/03/16/choctaw-nations-gift-irish/
    Má bhí mórtas cine ar na Choctaw, léiríodar gur mhó an mórtas a bhí orthu as a bheith ina ndaoine, is é sin ina mbaill den chine daonna.

  • jpmorley0@gmail.com

    Abair gur aon chine nó aon treibh amháin ‘sea an cine daonna, mar sin. Nó b’ea, siar i lagsholas na réamhstaire ar aon chuma. Ach is treibheanna éagsúla scaipthe ar fud na cruinne laistigh den olltreibh sin atá anois ann agus a bhféiniúlacht féin, a bheag nó a mhór, acu. Agus an fhéiniúlacht sin i mbaol a slogtha gach aon lá ag an olltreibh chraosmhar sin. Tá an duine féin i mbaol a shlogtha. Samhlaigh gur mósáic álainn ‘sea an cine daonna gona mionpháirteanna saibhre, ildathacha, taibhsiúla ag drithliú inti agus tríthi. Má théann aon mhionchuid di i léig bochtaítear an mhósáic sin óir tá an mhósáic chomh fónta, chomh saibhir, chomh hilchineálach…
    chomh mór ina mósáic inti féin …a bhuíochas do shuim a cuid páirteanna…gach uile pháirt di mion is mór. Treibh is ea an Choctaw go bhfuil mórtas treibhe AGUS mórtas daonna orthu…tuigeadh dóibh nár ghá go mbeadh an dá rud sin ag teacht salach ar a chéile in ao’ chor, ach a mhalairt ar fad. An comhar sin na gcomharsan a ‘speáin siad i leith mhuintir dhearóil na tíre seo bhí sé mar bhunluach acu féin, dlúth agus inneach a gcultúir féin, óir b’in an oiliúint agus an tabhairt suas a fuair siad riamh anall. Thuig siad gur múnlaíodh sinn go léir i mbroinn na haimsire ach ar bhealaí éagsúla, míorúilteacha. Gur cúis ghairdis is áthais iad na difríochtaí sin eadrainn; vive la différence! An raibh na Choctaw chun staonadh ó bheith ina Choctaw nó óna ‘dtreabhachas’ féin, coilleadh cultúrtha is oidhreachta a thabhairt orthu féin! Bhronn a gcultúr ‘treabhachasúil’ ar leithligh féin, meon aigne cosmach orthu; “níl áit ar fud na cruinne nach ann a saolaíodh sinne.” (SÓR). Cúis cheiliúrtha is bhróid. Bíodh do mhórtas cine, treibhe & daonna ort agus agat a Sheosaimhín …agus cas in airde amhrán id ghuth aoibhinn, uathúil féin. Ligfimid don taoide tuilleadh orainn ag éisteacht leat!

  • John Romansic

    ‘Sé mo ghuí ná go n-éireoidh linn meas a bheith againn don chine daonna, don éagsúlacht atá inár dtreibheanna difriúla, agus dár dtreibheanna féin ag an am céanna. Tá mé féin dóchasach gur féidir na trí rud ar fad a dhéanamh ag an am céanna, agus silim gurbh é Ronán Mac Aodha Bhuí, go ndeana Dia grásta air, ina shampla de seo. Mar a scríobhadh anseo ar Tuairisc tar eis a bháis, dúirt sé, “Nuair atá duine breá sócúlach lena fhéiniúlacht féin, tá an duine sin níos foscailte d’achan chultúr eile ar domhan.”
    https://tuairisc.ie/ronan-mac-aodha-bhui-craoltoir-gaeilge-a-linne-a-raibh-gean-na-ngael-air-ar-shli-na-firinne/óúturasciodh

    Luaitear san alt thuas faoi O’Connor go ndearna sé iarracht a oidhreacht Ghaelach a chur faoi cheilt. Tá fhios agam gur iomaí duine a theann thar fóir leis an mórtas cine, ach i gcás O’Connor is cosúil nach raibh sé mórtasach as a threibh dhuchais, treibh na nGael, agus gur bhain a mhórtas cine le bheith ina dhuine gheal. Seans gur ábhar machnaimh é sin.

  • Gabriel Rosenstock

    Caithfear féachaint ar an bhfocal féin, ‘mórtas’. An sainmhíniú ar an bhfocal sin atá ag
    An Foclóir Beag: ‘bród, mór is fiú; caint bhródúil’. Má ghlacaimid leis an sainmhíniú sin, séanaimse ‘mórtas’ agus séanaimse na coincheapa go léir a cheanglaítear de ghnáth le mórtas. Bhaineas féin mí-úsáid as an bhfocal ‘treabhchas’ (thuas): ‘treibheachas’ a theastaigh uaim a rá. An sainmhíniú atá ag An Foclóir Beag ar ‘treabhchas’ na ‘muintir’ nó ‘cine’.
    Ní thugtar sainmhíniú ar bith ar an bhfocal ‘treibheachas’ (tribalism). I bhfocail eile, ní féidir a bheith in aghaidh treabhchais. Fíric is ea treabhchas. Is féidir a bheith in aghaidh treibheachais, áfach, agus táimse ina aghaidh.
    Creideann Críostaithe áirithe, dála an scéil, nuair a thosaigh Íosa ag tabhairt ‘bráithre’ agus
    ‘cairde’ ar dhaoine gur ag iarraidh sochaí a bhriseadh a bhí sé, sochaí a bhí bunaithe ar threibheanna agus ar threibheachas.

  • Gabriel Rosenstock

    Ní mian liom paidir chapaill a dhéanamh den scéal seo ach cuireadh tús leis an aighneas beag seo leis na focail ‘mórtas cine’: mheas Seosaimhín nach aon chúis náire é sin. Cheistíos an ráiteas sin. Sin an méid. Caithfear a admháil, áfach, gur brí dhiúltach a thugann Niall Ó Dónaill don fhocal sin san fhoclóir aige siúd. (Bhí aithne agam ar Niall agus níor bhain mórtas ar bith leis). Mar shampla: 1. Pride, haughtiness, boastfulness. ‘Mórtas cine’ = pride of race. ‘Ag déanamh mórtais as a mhuintir féin’ = bragging about his own people. ‘Baineadh an mórtas as’ = his pride was humbled. Mar sin, má thuigimse an scéal i gceart, ní rud é ‘mórtas cine’ is ceart a bheith bródúil as dáiríre. Feictear domsa gur rud is ea mórtas cine atá gaolta leis an seobhaineachas. Is féidir a bheith Gaelach nó Gallda mar is mian leat gan mórtas a tharraingt isteach sa scéal.

  • Gabriel Rosenstock

    Ó! Ar eagla go gceapfadh éinne go bhfuil Gaeil Mheiriceá ár linne sibhialta anois agus nach
    ndéanfadh siad aithris go deo ar an Duibhneach danartha úd Connor, nach sloinne breá Gaelach é O’Reilly? Mhol Bill O’Reilly (tráth le Fox News go dtí gur caitheadh amach é) don Uachtarán Trump sceimhlitheoirí a thabhairt ar mhangairí drugaí Mheicsiceo. Sa tslí sin, d’fhéadfaí dróin bhuamála a chur sa tóir orthu agus na Fórsaí Speisialta a chur go Acapulco chun an cloigeann a bhaint díobh go léir!
    https://www.anarchistfederation.net/bill-oreilly-wanted-trump-to-designate-mexican-cartels-as-terrorist-groups-and-send-special-forces-into-acapulco-and-cut-their-heads-off/?newsletterSubscriber=WjNKdmMyVnVjM1J2WTJzd05FQm5iV0ZwYkM1amIyMD0%3D&template=d2Vla2x5LTIwMjMtMTAtMDQuaHRtbA%3D%3D&domain=anarchistfederation.net

    Is iomaí scéal amuigh ansin nach dtuairiscítear sna meáin abhus.

  • John Romansic

    Go raibh maith agat a Gabrielle as do chuid tuairimí a roinnt. Tá ciall leo. Plé fiúntach atá ann, déarfainn. Is fearr liom féin an téarma “meas” ná “mórtas” a úsáid nuair a bhím ag caint faoi chúrsaí oidhreachta. Mar shampla, tá meas agam don chultúr Gaelach. Ar aon nós, níor mhaith liom déarmad a dhéanamh ar an slad uafásach a rinne fórsa SAM ar na Shoshone agus go leor daoine eile. Is fiú aghaidh a thabhairt ar na fíricí agus na bunchúiseanna a phlé.

  • jpmorley0@gmail.com

    Maidir le ‘mórtas’ ní bheadh aon locht fén spéir agamsa air sin. Ná ar an bhfoclaíocht ‘treibh’ , ‘treabhchas’, ‘cine’ nó ‘duine’. Buntréith choitianta i measc daoine ag cluichí srl. ‘sea an mórtas sin. An gcaithfimíd staonadh ó bheith ‘ár ndaoine ar fad ar fad d’réir chóras na nAinrialaithe? Iompú ‘ár naoimh uile? Nó robaití? Rud gan anam? Ach is sa chéill ‘exultation’, ‘high spirits’, d’réir Fhoclóir Uí Dhónaill (2) a úsáidimse é. Nó ‘scailéathan’, focal a bhíodh ag an sean-dream. Ní miste Foclóirí a cheadú go grinn agus go cúramach chun iomlán bhrí an fhocail a thabhairt leat go cruinn. ‘Treabhchas/treibheachas’! Dála gach aon tréith eile a bhaineann leis an nduine dainna is gá gan dul thar fóir ar fad, gan an duine ‘eile’ a aithisiú, a ghortú ná a uirísliú.

  • Gabriel Rosenstock

    Níor mhaith liom éinne eile a ghortú ná a uirísliú ach d’fhéadfaí a mhaíomh gurbh é an mórtas cine a bhí laistiar de bhrúidiúlacht na Naitsíoch. Mórtas cine a spreagann daltaí scoile Mheiriceá nuair a thugann siad ómós don bhratach náisiúnta. Fásann siad suas chun ionradh a dhéanamh ansin ar Vítneam, ar an Iaráic, ar an Afganastáin etc. Níos lú mórtais le bhur dtoil!

  • Justin Ó Scanaill

    Más mian le haon duine eolas a fháil faoi shaighdiúir Gael-Mheiriceánach a raibh fíorbhá aige leis na bundúchasaigh, is fiú go mór breathnú ar an iontráil do Mhaitias Ó Conmhidhe ar Ainm.ie: https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1187