An fear a bhásaigh ar Chnoc Bréanainn ainmnithe

Bhásaigh Ian Peak ar an sliabh Gaeltachta i ndiaidh dó dul amú as cheo ann tráthnóna Dé Máirt

An fear a bhásaigh ar Chnoc Bréanainn ainmnithe

Tá an fear a fuarthas marbh ar Chnoc Bréanainn i nGaeltacht Chiarraí aréir ainmnithe. Ba é Ian Peak, as Sasana, a bhásaigh ar an sliabh cáiliúil i gCorca Dhuibhne.

Fuarthas a chorp in aice le Loch Croite ar thaobh an tsléibhe tráthnóna aréir ag thart ar 7 a chlog. Bhí an cuardach ar bun ó chuaigh sé amú ar an sliabh tráthnóna Dé Máirt.

Chuaigh Peak amach ag siúl thart ar 11.30 maidin Dé Máirt agus bhí súil aige a bheith ar ais ag a charr ag 5pm. Chuir sé glaoch ar a bhean chéile ag 3.20pm lena chur in iúl di go raibh sé gafa amú sa cheo. Níor chualathas uaidh ó shin.

Bhí Tarrtháil Sléibhe Chiarraí, Garda Cósta an Daingin agus héileacpatar Aerfort na Sionainne, an R115, i mbun an chuardaigh Dé Máirt agus Dé Céadaoin. B’éigean don héileacaptar éirí as an gcuardach tráthnóna aréir mar gheall ar an gceo trom a bhí ar bharr an tsléibhe agus sna gleannta ina thimpeall. Bhí roinnt feirmeoirí caorach as Corca Dhuibhne i mbun an chuardaigh freisin.

Fág freagra ar 'An fear a bhásaigh ar Chnoc Bréanainn ainmnithe'