An fada go mbeidh dianchomhrac Chorn Uí Riada ina Chonor McGregor agus UFC againn?

Ní chasfadh ár gcolúnaí súgán, ach tá imní uirthi faoi mholtóirí an Oireachtais, gan trácht ar na hiomaitheoirí a scaltar na soilse móra orthu

An fada go mbeidh dianchomhrac Chorn Uí Riada ina Chonor McGregor agus UFC againn?

Tá féile mhór an Oireachtais thart go ceann bliana agus na coirn agus na boinn ar an drisiúr, an t-airgead sa sparán, na cuimhní idir mhaith is olc sa gcroí, agus na spallaí á muirniú sa muinchille.

Cúpla bliain ó shin dúirt an bhean sa siopa ba ghaire d’óstán Ghleann an Iolair liom: “O, you have Irish too. For some reason I heard a lot of it in here today.”

Nuair a mhínigh mé di faoin bhféile ársa seo a bhí thart le cosamar céad bliain, is ea a dúirt sí: “They always have great bands up there in the INEC. You know Brendan Grace was up there.”

Sin an lá ar mhóidigh mé nach ngabhfainn ag aon reservation Gaelach eile seachas an ceann a bhfuil mé i mo chónaí ann go n-éalódh an fhéile léi amach i lár an phobail arís mar a dhéanann an fhleadh cheoil.

Féile na nÓg é an tOireachtas agus nach iontach an rud é sin. Is mairg a bheadh ina diaidh orthu ach ní fheileann an fíbín agus an rangás is dual don óige seanchailleach a shantaíonn stuaim agus suaimhneas.

Is túisce a ghabhfainn ag briseadh clocha beaga i gclós príosúin ná a ghabhfainn ag breathnú ar Chorn Uí Riada i halla áirgiúil an INEC arís. Más fíor go mbíonn póilíní na tíorántachta ag úsáid lampaí scéiniúla le scéalta a bhaint as príosúnaigh, seans go bhféadfadh fonnadóirí Chorn Uí Riada ciapadh agus céasadh a chur i leith an Oireachtais agus iad faoi na spotsoilse, ach ní fhéadfainnse breathnú arís ar a bpeannaid.

Mura mbeadh a ndóthain údar allais ansin bíonn triúr moltóirí lena gcuid lampaí féin os a gcomhair amach, ag scríobh agus ag marcáil, é sin uilig sa mullach ar jócanna MTS. Mise á rá leat gur saothraithe an t-amhrán é!

Le cúpla bliain agus mé ag triail éisteacht ar an teallach le Corn Uí Riada ar Raidió na Gaeltachta is soiléire a chualas an straidhin, an brú, an teannas, an teilgean gutha agus an easpa nádúir a bhaineann leis an stáitse ollmhór le sean-amhrán breá a rá ar do chompord. Agus seo iad plúr na bhfonnadóirí atá sásta an spídiúlacht phoiblí seo a sheasamh ar mhaithe lena n-ealaín.

Ní chasfainnse súgán ach d’aithneoinn an t-amhrán, an fonnadóir agus an stíl a chorraíonn mo chroí. Moltóirí an Oireachtais is máistrí iad ar a gceird agus saineolas na mblianta acu ar an ealaín seo a seachadadh ó ghlúin go glúin. Chuirfeadh sé an-iontas ormsa nó tá fonnadóirí is amhráin acusan chomh maith a bhfuil gean agus meas ar leith acu orthu.

Amhail chuile chomórtas beo, bíodh sé ina Bhooker nó seó na gcapall sa gClochán, ní lia moltóir ná tuairim agus bíonn lá eile ag an bPaorach.

Is dóigh gur cheart dom a admháil gur fuath liom comórtais agus is measa fós é i gcás cúrsaí ealaíne – pictiúr, port, amhrán, dán – níl aon phéire díobh mar a chéile ach ní locht sin ar cheann ar bith acu. Is léir nach n-aontaíonn an slua breá a líonann an INEC oícheanta na n-amhrán liom faoin iomaíocht, ach cuimhnigh go mbíodh leathchéad míle duine sa gColisseum ag súil le troid fhíochmhar go bás, agus cá bhfágfainn an tóir a bhíonn ar stialladh is lascadh McGregor agus an UFC.

Tosaíonn an chraic leis na gasúir.

An bhfuil glúin óg á n-oiliúint againn nach ndéarfaidh dán ná amhrán go deo mura mbeidh moltóir, micreafón is ceamara os a gcomhair amach? Nár lige Dia go dtuigfeadh gasúirín ocht mbliana d’aois an tubaiste agus an briseadh croí as ar tháinig Amhrán an Bhá, ní áirím an t-uaigneas sin a thabhairt leis san amhrán. Ar son Dé, fágtar aige Bliain na nAmhrán ó Futa Fata tamaillín eile. Sách luath a bheidh air déileáil leis an mí-ádh mór.

An tOireachtas deiridh a raibh mé aige, b’éigean dom éalú go dtí mo sheomra agus ní ó mhacnas ná ó Bhéarla é ach ón anailís, an chnáimhseáil agus an feannadh faoin moltóireacht. Scoth na bhfonnadóirí corraithe faoi chinneadh triúr scothfhonnadóirí eile agus a liachtaí sin duine sa saol a bhuailfeadh a chroí ach a bheith in ann stéibhín a chasadh chomh maith leo.

Is mór an fonn a bheadh orm iarratas a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise breathnú ar an liosta mór fada sin atá ag Liam agus Máirín an Oireachtais de na moltóirí a bhfuil a gcosa beaga ag rith uathu leis an deis a fháil a ghabháil ag moltóireacht.

Ar son na healaíne ársa, de ghrá Dé agus na hÉireann agus ar son na fonnadóireachta, ar ndóigh!

Nuair nach mbeidh aon fhonnadóir sásta a ghabháil i mbearna bhaoil na moltóireachta ag an Oireachtas, b’fhéidir go bhféadfadh muid amhrán a chloisteáil ar an seanbhealach arís, ag gabháil fhoinn ar phócaí folmha ach gan soilse ár gcaochadh agus ár loscadh.

Go bhfága Dia againn moltóirí a bhíonn sásta a muineál a chur ar an mbloc agus rogha a dhéanamh idir leithéidí Stiofáin Uí Chualáin, Chonchubhair Uí Luasa agus Mháire Uí Choilm do Chorn Uí Riada.

Is ait iad.

Fág freagra ar 'An fada go mbeidh dianchomhrac Chorn Uí Riada ina Chonor McGregor agus UFC againn?'

  • Lillis Ó Laoire

    Tá eagla orm gur fágadh duine acu in áit na leathphigine rómhinic le go dtaitneodh an cinneadh liomsa.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    D’aontódh cuid mhaith leis na tuairimí seo, ach an bhfuil an tarna rogha ann? Ba chóir corn ar leith a bhronnadh ar an té a thiocfadh suas leis sin.