An Eoraip ag téamh dhá uair níos sciobtha ná an meán domhanda

Údar dóchais amháin in 2022, den chéad uair riamh, ba mhó go mór den fhuinneamh inathnuaite a bhí á úsáid seachas breoslaí iontaise chun leictreachas a ghiniúint

An Eoraip ag téamh dhá uair níos sciobtha ná an meán domhanda

Tá an Eoraip ag téamh dhá uair níos sciobtha ná an meán domhanda le dhá scór bliain agus chuir an teaspach níos mó ná 16,000 duine den saol go hanabaí anuraidh.

I dtuarascáil nua dar teideal An Aeráid san Eoraip 2022, deirtear go raibh an teocht ar mhór-roinn na hEorpa thart ar 2.3 céim Celsius níos teo in 2022 thairis mar a bhí an mheánteocht roimh ré na tionsclaíochta. Deirtear gur mór an sárú sin ar an 1.5 céim a ceapadh mar an uasteocht faoina gcaithfí téamh an domhain a choinneáil faoi.

Ar chomhairle na n-eolaithe socraíodh 1.5 céim Celsius mar an t-ardú domhanda is mó ar an teocht a bhí sa domhan idir 1850 agus 1900 chun go bhféadfaí na hiarmhairtí is measa ar an athrú aeráide a sheachaint.

Foilsíodh An Aeráid san Eoraip 2022 i mBaile Átha Cliath inniu agus tús á chur ansin leis an séú Comhdháil Eorpach um Oiriúnú don Athrú Aeráide.

An Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta (WMO) i gcomhar le Seirbhís Copernicus an Aontais Eorpaigh ar an Athrú Aeráide (C3S), a réitigh an tuarascáil.

Luaitear “údar dóchais amháin don todhchaí” in 2022 sa mhéid is gur mó go mór den fhuinneamh inathnuaite a bhí á úsáid seachas breoslaí iontaise chun leictreachas a ghiniúint, an chéad uair riamh ar tharla sin.

Ach caithfear gearradh siar go mór ar úsáid breoslaí iontaise, a deirtear sa tuarascáil.

“Den chéad uair gineadh san AE níos mó leictreachais ó fhuinneamh  gaoithe agus gréine ná mar a gineadh ó bhreoslaí iontaise. Chun go mbeifí ag brath níos lú ar bhreoslaí iontaise, tá sé ríthábhachtach go mbainfí úsáid níos mó as foinsí inathnuaite fuinnimh agus foinsí fuinnimh ísealcharbóin,” arsa Ardrúnaí na hEagraíocht Domhanda Meitéareolaíochta (WMO), an tOllamh Petteri Taalas.

Ba í an bhliain seo caite an bhliain ba theo ar an taifead in Éirinn, sa Bheilg, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Iodáil, i Lucsamburg, sa Phortaingéil, sa Spáinn, san Eilvéis agus sa Bhreatain.

Bhí níos lú báistí ná an meán i gcuid mhór den Eoraip in 2022.

Cailleadh 880 km3 d’oighear in oighearshruthanna na hEorpa idir 1997- 2022, agus laghdú 34 méadar ar an meán ó thaobh thiús an oighir a bhí i gceist sna hAlpa, an áit ba mheasa a buaileadh.

De réir na tuarascála tá rian á fhágáil níos mó ná riamh ag an adhaimsir ar chóras fuinnimh na hEorpa.

Bhí an teas mór san Eoraip in 2022 ar cheann de na cúiseanna ba mhó leis na básanna breise de dheasca na haimsire san Eoraip, a deirtear. Bhásaigh 16,000 duine i dtonn teasa san Eoraip in 2022.

Dúirt Stiúrthóir an CCCS, an Dr Carlo Buontempo gur cuid de phatrún anois an teas mór seo agus go raibh an brú óna leithéid ag éirí níos coitianta agus níos measa ar fud na hEorpa.

Fág freagra ar 'An Eoraip ag téamh dhá uair níos sciobtha ná an meán domhanda'