An eite dheis sa Ghearmáin – ní mar a shíltear a bhítear

Ag comhdháil mhór sa mbliain 1938, thug 32 tír éagsúil le fios nach raibh aon slí iontu do Ghiúdaigh – bhí Éire i measc na dtíortha a bhí ‘lán’

An eite dheis sa Ghearmáin – ní mar a shíltear a bhítear

Coinnítear súil ghéar ar ‘threonna’ sa bpolaitíocht – bíonn caint orthu sna pobalbhreitheanna a fhoilsítear, gach re lá, shílfeá.

Le tamall anuas tá scéal mór á dhéanamh den tacaíocht atá á fáil ag páirtithe ar an eite dheis ar fud na hEorpa. Is beag nach mbíonn iriseoirí ag déanamh talamh slán den toradh a bheas ar thoghchán, bunaithe ar na figiúirí a léirítear sna pobalbhreitheanna céanna.

Ó am go chéile cuireann an pobal céanna iontas orainn, nuair a thaispeánann siad go bhfuil a n-intinn féin acu. Is féidir a rá go cinnte ‘ní mar a shíltear, bítear.’

Le píosa maith anois, táthar ag trácht ar dhul chun cinn na heite deise sa nGearmáin. Ní haon iontas go gcuireann sé alltacht ar dhaoine agus an stair uafásach a bhaineann leis an bhfealsúnacht sin sa nGearmáin. Ar feadh i bhfad ceapadh nach bhféadfadh a leithéid de leagan amach polaitíochta greim a fháil arís ar phobal na tíre sin.

Bhí na pobalbhreitheanna a raibh mé ag trácht orthu thuas, ar a mbionda le gairid ag tuar go mbeadh an bua ag páirtí na heite deise, an AfD i dtoghchán áitiúil ansin. Chuirfeadh sé sin go mór le stádas an pháirtí go náisiúnta agus thacódh sé leis an ngluaiseacht a bhíonn ag síorchlamhsán faoin inimirce.

Ach tuairiscíodh ansin an tseachtain seo caite gur tháinig na sluaite amach – os cionn milliún duine ó cheann ceann na tíre, ag agóidíocht ar na sráideanna agus iad uilig i gcoinne pholasaithe na heite deise.

Sna pictiúir a foilsíodh den agóid, ba léir go raibh na sráideanna in Hamburg, in Dresden agus in Stuttgart dubh le daoine agus go rabhadar uilig ar aon tuairim faoin ábhar seo. Dhá lá ina dhiaidh sin, tharla an toghchán agus, in ainneoin na bpobalbhreitheanna a thuar an bua don AfD, bhí móramh beag, ach móramh an-sásúil, ag an bPáirtí Daonlathach Críostaíochta.

Is cosúil gur sceitheadh scéal tamall gairid roimhe sin faoi chruinniú rúnda idir ceannairí ar an eite dheis agus dream antoisceach agus gurbh é an t-ábhar a pléadh ag an gcruinniú sin ná díshealbhú agus díbirt na n-inimirceach as an nGearmáin.

Chuir an scéal sin uafás ar na vótóirí agus ba léir gur athraigh go leor acu a n-intinn faoin treo a mbeidís ag dul ó thaobh na polaitíochta de.

Tháinig an scéal nuachta sin isteach i m’intinn agus mé ag an Ócáid Chuimhneacháin don Uileloscadh an lá cheana.

Smaoinigh mé ar chruinniú eile de cheannairí sa nGearmáin agus an ‘réiteach’ a bhí mar thoradh air.

Ba de réir a chéile a d’fhás an ciníochas sa nGearmáin sna 1930idí. Ach d’fhás sé. Agus ba léir sna seanphictiúir a taispeánadh le linn na hócáide comórtha go raibh glacadh ag an bpobal leis na céimeanna éagsúla a thóg na Naitsithe leis an nGiúdachas a chur faoi chois.

Thosaigh sé le cur isteach ar a gcuid gnó, lean sé ar aghaidh le díbirt agus díshealbhú, le náiriú agus drochíde ar an tsráid. Níorbh fhada gur imigh sé ón díshealbhú go dtí an díothú. Agus ansin tháinig an Einsatzgruppen isteach sa scéal.

Ceaptar go minic gur sna campaí géibhinn ba mhó a cuireadh daoine den saol agus ní dhéantar mórán tagairtí don Einsatzgruppen. Ach ins na tíortha Eorpacha a bhí i ngreim ag na Naitsithe, chuir na póilíní agus a lucht leanta a bhí sa ngrúpa sin, níos mó daoine chun báis ná mar a rinne na campaí.

Thugadar daoine, Giúdaigh den chuid ba mhó, ach chomh maith leosan daoine nár aontaigh leo, amach faoin tuath, chuireadar iallach orthu trinsí a dhéanamh agus chaitheadar le gunnaí iad ionas go dtitfidís marbh isteach sna huaigheanna a bhí déanta acu féin.

Casadh fear orainn sa nGearmáin cúpla bliain ó shin a raibh a athair i gceannas ar  Einsatzgruppen a cuireadh chug an Rúis. Ní raibh aon eolas aige faoin gcaoi ar chaith a athair tréimhse an chogaidh go dtáinig sé ar dhialann dá chuid i ndiaidh a bháis. I rith aon tréimhse trí seachtaine amháin, nótáil a athair gur mharaigh grúpa a bhí faoina stiúir 67,000 duine sa Rúis.

Samhlaigh é sin. Samhlaigh 67,000 duine i staid spóirt – agus iad uilig maraithe le gunna taobh istigh de thrí seachtaine.

Thosaigh an drochobair sin ar fad ag cur isteach ar staid intinne an Einsatzgruppen agus na dreamanna a bhí i mbun an tsléachta. D’iarradar ar an gceannasaíocht teacht ar bhealach eile chun daoine a mharú.

Bealach níos éifeachtaí.

Ag cruinniú in Wannsee i 1942, tháinig 15 de na na ceannairí le chéile chun an ‘Réiteach Deireanach’ a chruthú. Bhí sé sa bplean acu go marófaí suas le 11 milliún Giúdach i dtíortha éagsúla ar fud na hEorpa.

Ní raibh na tíortha ar fad a bhí i gceist acu faoina gceannas fós.

Bhí líon na ndaoine a bhí le marú, measta agus clóscríofa go néata acu ar an liosta. Smaoinigh siad ar champaí géibhinn, ina bhféadfaí na sluaite a mharú in aon iarraidh amháin le gás.

Ansin i lár an liosta sin, tá Éire agus an figiúr 4,000 curtha síos di.

Sula raibh deireadh leis an gcogadh, bhí sé mhilliún Giúdach maraithe. Chomh maith leosan, agus rinneadh iad seo a chomóradh chomh maith ag an ócáid, maraíodh daoine aeracha, ceardchumannaigh, daoine faoi mhíchumas intinne, baill den chine Roma agus aon dream eile nár aontaigh leis na Naitsithe, Cumannaigh agus Sóisialaigh ina measc.

Agus an raibh aon seans iad a shábháil sular tharla an tUileloscadh, sular tharla an cogadh fiú? Sa mbliain 1938, eagraíodh comhdháil mhór in Evian na Fraince. Bhí ionadaithe as 32 tír éagsúil ann agus iad ag iarraidh teacht ar réiteach ar an bhfadhb a bhain le teifigh.

Bhí sé soiléir i rith na dtríochaidí go raibh teifigh Ghiúdacha ag iarraidh imeacht as an nGearmáin. Ansin, thosaigh siad ag imeacht as an Ostair. Ar feadh naoi lá ag an gComhdháil in Evian, rinne na hionadaithe iarrachtaí teacht ar réiteach ar ‘fhadhb na dteifeach’. Ach ní raibh éinne acu sásta iad a thógáil isteach ina dtíortha féin. Ba í an Phoblacht Dhoiminiceach bheag an t-aon tír a bhí ar a shon. Bhí gach tír den 32 a ghlac páirt sa Chomhdháil sin ‘lán’, ba chosúil -Éire ina measc.

Ar an dream a ghlac páirt sa Chomóradh an tseachtain seo, bhí Suzy Diamond agus Tomi Reichental a bhí beirt sa champa géibhinn Bergen-Belsen nuair a saoradh é in Aibreán 1945. Tá Tomi sa tír seo ó 1959.

I láthair freisin bhí garchlann agus gaolta eile le daoine a maraíodh san Uafás. Duine díobh sin is ea an t-iriseoir Kim Bielenberg ó nuachtán an Independent – bhí a sheanathair, Fritz-Dietlof von der Schulenburg, páirteach san iarracht le Hitler a mharú i rith an chogaidh.

Plean eile nár oibrigh rómhaith.

Fág freagra ar 'An eite dheis sa Ghearmáin – ní mar a shíltear a bhítear'