An é nár chuimhnigh siad ar Ghaeltacht ná oileáin agus gur cuireadh mar eireaball le cúraimí na mban iad?

Sula raibh leictreachas, uisce reatha ná meaisín ar bith sna tithe bhí mná go maith ag an iltascáil. B’fhéidir gurb in an botún a rinne siad…

An é nár chuimhnigh siad ar Ghaeltacht ná oileáin agus gur cuireadh mar eireaball le cúraimí na mban iad?

Is fada an lá ó chuala muid an oiread cainte faoi dhaoine a bheith ag iarraidh seacht gcúraimí an tsaoil a fhreastal agus iad ag obair ón mbaile, ag tabhairt aire do dhaoine atá breoite nó sáinnithe sa mbaile, ag iarraidh gasúir a mhúineadh agus a fhosaíocht agus plaic a chur ar an mbord.

Comhartha den athrú saoil é gur le teacht na ríomhairí a cumadh téarma oifigiúil le cur síos a dhéanamh ar na seacht gcúraimí a bheith le déanamh in éineacht – iltascáil.

Sula raibh leictreachas, uisce reatha ná meaisín ar bith sna tithe bhí mná ag níochán, ag glanadh, ag saolú agus ag beathú leanaí, ag tabhairt aire do sheandaoine, ag freastal ar eallach is éanlaith, ag obair sna garrantaí, ag sníomh, ag cardáil, ag fuáil, ag cniotáil agus ag tarraingt uisce.

Más aon léiriú na seanfhocail ar an aitheantas nó an meas a bhí orthu, ba bheag é.

‘Bean gan naprún nó bó gan eireaball’ a deirtí agus go bhfóire Dia ar aon bhean nár thaitin an naprún léi.

Nach mé a bhíodh corraithe i mo bhean óg nuair a bhítí ag moladh bean ar leith a bhíodh ag cniotáil roimpi agus í ag teacht aníos ón gcladach agus cliabh feamainne ar a droim.

Cheap mé go raibh an saol sin thart le fada an lá go dtí Dé Sathairn nuair a d’fháisc Micheál Martin a sé dícheall d’ualach ar bhean eile, Catherine Martin, an tAire Cultúir, Ealaíon, Meán, Turasóireachta, Spóirt agus Gaeltachta.

Is maith is eol dom go ndeirtear nár chaill bean an mhisnigh riamh é ach tá comhairle eile ann freisin: ‘an bhean a fhanann amach ó éadan na haille, ní heagal di titim’.

Ní moladh ar bith agamsa daoine a bheith a’ rá go bhfuil mná thar cionn ar fad ag déanamh carnán rudaí ag an am céanna agus gur fearr fir ag díriú ar rud amháin sa turn.

Nuair is crua don chailleach a d’fhág gur chothaigh an t-éabhlóidiú an bua sin aici, díreach mar ab éigean don fhaoileán aghaidh a thabhairt ar bhurgair nuair a bánaíodh is a truaillíodh an fharraige. 

Na fir ar thit sé ar a gcrann nach raibh de rogha acu ach an iltascáil chéanna a dhéanamh is gearr a bhí siad á foghlaim. 

An cheist anois cé acu seo a dúirt Leo, Micheál agus Eamonn ‘tá mná iontach ar fad ag freastal ar na seacht gcúraimí’ nó ‘tá na mná sin bíogtha chun cumhachta agus tabharfaimid a ndúshlán anois go bhfeicfimid an bhfuil siad chomh maith agus a cheapann siad’?

Ar ndóigh tá gadaí beag ar chúl mo chinn ag rá liom gurb amhlaidh nár chuimhnigh aon duine ar Ghaeltacht ná oileán go dtí go raibh an béiléiste roinnte agus gur cuireadh mar eireaball le cúraimí na mban iad.

Cuimhním ar an scéilín a bhíodh againn ina ngasúir faoin mbeirt bhan a d’iarr ar Sholamh a shocrú cé acu ar léi an páiste.

A fhearacht sin ag na hoileáin Ghaeltachta é, an le Humphreys nó Martin cúram a dhéanamh dóibh feasta nó an gcaithfidh Solamh an cheist a réiteach?

Bhuel, Solamh nó beirt fhear a gcuideodh aireacht stáit leo sa dáilcheantar an chéad gheábh eile.

Fág freagra ar 'An é nár chuimhnigh siad ar Ghaeltacht ná oileáin agus gur cuireadh mar eireaball le cúraimí na mban iad?'