An é Declan Hannon a bheidh ag tabhairt na hóráide móire arís?

Bhíomar ag ceapadh, b’fhéidir, go raibh seans ann go raibh ag teip ar naoscairí na Sionainne. Beag an baol...

An é Declan Hannon a bheidh ag tabhairt na hóráide móire arís?

Bhí tráth ann, agus ní fada ó shin é, nuair a bhíodh imreoirí idirchontae ábalta agus sásta cúpla punt meáchain a chur suas aimsir na Nollag agus na hathbhliana.

Faraor tá na laethanta sin imithe agus an traenáil réamhshéasúir faoi lán seoil agus na cluichí imeallacha ar tí tosú.

Do na himreoirí atá lándáiríre faoina saol spóirt níl mórán in aon chor d’am saor acu. Is rogha a bhaineann le do stíl mhaireachtála í an iománaíocht idirchontae i láthair na huaire agus de ghnáth tugtar tús áite dó sin ar gach gné eile de shaol an imreora.

Tagann na himreoirí chuig chéad traenáil na bliana ullamh don dianobair atá amach rompu. Tá córas bia á leanúint ag formhór díobh agus ní stopann an obair sa ‘gym’ riamh.

Roimh dheireadh mhí Iúil beidh sé sin críochnaithe agus na himreoirí céanna ag díriú isteach ar shéasúr na gclubanna. Is mór an t-ualach é dos na lúthchleasaithe iontacha seo.

Ach tá formhór díobh sásta é a dhéanamh. Tá sé níos éasca dar ndóigh do na himreoirí atá ag imirt lena gcontae go bhfuil seans éigin acu rud éigin a bhuachan, ach ní fheadar, in aon chor conas a dhéanann tromlach mór imreoirí an iarracht shármhór sin bliain i ndiaidh bliana agus gan faic acu ag deireadh na tséasúir.

Róshoinicúil ar fad, a deir tú. Nach é an turas an príomhrud?

Bhuel ag an leibhéal idirchontae ní dóigh liom é.

D’aon imreoir a théann amach ag imirt le contae i gcomórtas Mhic Cárthaigh níl ach aon sprioc amháin ann agus sin an bonn beag a bhronntar ar fhoireann bhuacach na bliana san mar aon leis an gcorn luachmhar a théann leis.

Agus ag tús na bliana seo, d’uireasa aon fhianaise nua os ár gcomhair amach, bheadh sé amaideach a rá nach é Declan Hannon a bheidh ag tabhairt na hóráide móire arís in 2023, a chomrádaithe gealgháireacha bailithe timpeall air agus grian gheal Iúil ag taitneamh anuas orthu.

Gan dabht tá fianaise ag teastáil chun aon bhreithiúnas eile a thabhairt.

I ndiaidh fheachtas na sraithe anuraidh agus na Déise buacach agus Luimneach leamh go leor, bhíomar ag ceapadh, b’fhéidir, go raibh seans ann go raibh ag teip ar naoscairí na Sionainne. Cuireadh cúpla ceist orthu i gcomórtas na Mumhan freisin, go háirithe sa chluiche ceannais ach ag an deireadh is iad a bhailigh an corn.

Ní haon ribín réidh a bhí ann, áfach, agus thaispeáin siad, agus iad gan Cian Lynch, go raibh sé iontu déileáil le haon sórt dúshlán nó bac fisiciúil.

Bheinn ag ceapadh go bhfuil an bhearna níos lú anois idir iad féin agus an paca. Ach cé atá ag ceann an phaca sin? Conas a bheidh ag Cill Chainnigh agus bainisteoir nua acu? Beidh brú ar Derek Lyng agus é ag teacht i gcomharbacht ar an mbainisteoir is mó rath i stair na hiomána.

Tá sé thar a bheith deacair a rá ag an bpointe seo conas mar a bheidh ag na Cait.

An rabhamar sásta le dul chun cinn na Gaillimhe faoi Henry Shefflin? Bhuel bhí tréimhsí ann sa chluiche leathcheannais i gcoinne Luimnigh nuair a bhíomar ag ceapadh go mb’fhéidir go mbuafaidís ach theip orthu. Mar sin féin, déarfainn go bhfaca Shefflin agus a chomrádaithe bainistíocht comharthaí dóchais.

Beidh muintir agus imreoirí an Chláir ag súil le níos mó den mhéid a chonaiceadar i gcluiche ceannais na Mumhan ach ní bheinn rómhuiníneach astu.

Anseo i gCorcaigh bhí muintir na hiomána sásta nuair a ainmníodh Pat Ryan mar bhainisteoir ar an fhoireann iomána. Faraor tá dúshlán an-mhór os a chomhair amach.

Ach nílimid gan dóchas.

D’fhéadfaí an rud céanna a scríobh faoi Thiobraid Árann agus Port Láirge agus na bainisteoirí nua.

An sprioc a bheidh ag na contaetha eile a bheidh I gcraobh shinsir na hÉireann ná dul chun cinn a dhéanamh agus a bheith sa chéad phaca in 2024.

Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh.

Fág freagra ar 'An é Declan Hannon a bheidh ag tabhairt na hóráide móire arís?'