An duais ‘Spiorad na Féile’ buaite ag scannán Gaeilge ag Féile na Meán Ceilteach

Ba é ‘Lomax in Éirinn’ le Declan McGrath an t-aon saothar Gaeilge ar éirigh leis duais a fháil ag Féile na Meán Ceilteach a bhí ar siúl ar an Aghaidh Mhór in Albain an tseachtain seo

An duais ‘Spiorad na Féile’ buaite ag scannán Gaeilge ag Féile na Meán Ceilteach

Ar an scannán faisnéise Lomax in Éirinn a bronnadh an duais ‘Spiorad na Féile’ ag Féile na Meán Ceilteach ar an Aghaidh Mhór in Albain aréir.

Pléann an scannán faisnéise le Declan McGrath, a choimisiúnaigh TG4, leis an tréimhse a chaith an bailitheoir ceoil aitheanta Alan Lomax in Éirinn sna 1950idí.

14 ainmniúchán a fuair na meáin chraolta Ghaeilge d’Fhéile na Meán Ceilteach a bhí ar siúl an tseachtain seo.

Níor éirigh áfach ach le Lomax in Éirinn ina leanann an reacaire, Pól Brennan ó Clannad, cosán Lomax ó Stáit Aontaithe Mheiriceá, mar ar aimsigh sé ceoltóirí leithéidí Leadbelly, Woody Guthrie agus Muddy Waters, go dtí nead an cheoil thraidisiúnta in Éirinn.

Mar chuid den scannán nua cloistear leaganacha nua den cheol a bhailigh Lomax in Éirinn agus iad á gcasadh ag Steve Earle, Clannad, Slow Moving Clouds, Banna Céilí na Tulaí agus Nell Ní Chróinín.

Ar na saothair eile a bhí ainmnithe d’fhéile na bliana seo, bhí Iomramh an Chamino, cuntas ar an iomramh a dhein meitheal fear ó Chorca Dhuibhne is iad ag iarraidh lorg na n-oilithreach a leanúint go Santiago de Compostela agus Anseo i Lár an Ghleanna, clár Sheáin Uí Chualáin faoi dhán phobal Loch Con Aortha i gConamara. Bhí an dá scannán faisnéise sin ainmnithe i rannóg an chláir faisnéise aonair is fearr.

Fág freagra ar 'An duais ‘Spiorad na Féile’ buaite ag scannán Gaeilge ag Féile na Meán Ceilteach'