An dtabharfar a chéad chaipín idirnáisiúnta do Tiernan O’Halloran?

Beidh gá le samhlaíocht agus misneach más faoi fhoireann Joe Schmidt buachan den chéad uair ar thalamh na hAfraice Theas

Tiernan O'Halloran. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland
Tiernan O’Halloran. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Bhí an lámh in uachtar (29-15) ag na Gaeil ar na Springboks an babhta deiridh ar chas siad ar a chéile ach i Staid Aviva i mBaile Átha Cliath a imríodh an cluiche sin. 

Is i mBéal Feirste i 1906 a chas an dá fhoireann seo ar a chéile den chéad uair agus bhí an lá leis na cuairteoirí ar an ócáid sin. Idir sin agus seo d’imir siad a chéile dhá bhabhta is fiche eile agus na Boks ag ceiliúradh den chuid is mó. Bhí an bua ag na Springboks sé bhabhta déag, thug na Gaeil an lá leo cúig bhabhta agus bhí siad cothrom ar aon ócáid amháin (1970 – i bPáirc Lansdúin). 

Tá staitistic amháin eile ríthábhachtach agus na Gaeil ag réiteach don chéad chluiche ar an Satharn seo sa gcuairt trí chluiche ar an Afraic Theas, sin nár éirigh leis na Gaeil na Boks a chloí riamh agus iad á n-imirt san Afraic Theas. Is cinnte go gcuirfidh sin ar fad leis an mbrú atá ar Joe Schmidt agus ar a fhoireann roimh chur chun páirce dóibh i Newlands i Cape Town.

Bhí réiteach sách corrach ag foireann na hÉireann don chuairt seo. De bharr gortuithe i gcluiche ceannais an PRO12, níor éirigh le chuile imreoir as chéad rogha Schmidt a shuíochán a ghlacadh ar an eitleán. 

Tá Rob agus Dave Kearney agus an ginearál lár páirce, Johnny Sexton ar an liosta sin. Fágann sin go mbeidh dúshlán mór roimh Schmidt ag deireadh na seachtaine seo nuair a bheas air an fhoireann chéad rogha a fhógairt. 

Seachas Cian Healy nach raibh fáil air le fada an lá, tá sé sách éasca na tosaithe a roghnú. Is cinnte gurb iad McGrath, Ross agus captaen na foirne Best a bheas sa gcéad sraith. Beidh Toner agus Henderson sa dara líne le Stander, Heaslip agus Ruddock, b’fhéidir, sa líne chúil. Níl ach rogha amháin eile ag Schmidt maidir leis na tosaithe, sin Donnacha Ryan a chur sa dara líne, Ian Henderson a thosú sa líne chúil agus Ruddock a fhágáil ar an mbinse.

Sna leathchúil is cinnte go dtosóidh Conor Murray.  Tá mé beagnach céad faoin gcéad cinnte gurb é Paddy Jackson a bheas mar uimhir 10 agus bheadh an-iontas orm dá mbeadh Ian Madigan mar chéad rogha, cuimhnigh gur de bharr an ghortaithe úd a bhain de Sexton a fuair seisean a áit. 

Is i measc na gcúlaithe a bheas cúpla cinneadh crua le déanamh ag Schmidt. Gan fáil ar Rob Kearney mar lánchúlaí, beidh sé an-suimiúil a fheiceáil cén rogha a dhéanfaidh Schmidt maidir leis an ionad sin.  

An mbeidh sé sásta an pháirtíocht lár páirce atá idir Henshaw agus Payne le dhá shéasúr anuas a bhriseadh agus Payne a aistriú siar go hionad an lánchúlaí? Má dhéanann sé é sin, cé a bheas sa lár le Henshaw? 

Níl mar rogha don lár páirce in áit Payne ach Earls nó Marshall, ach is ar an eiteog is fearr a imríonn Earls.  An mbeidh sé de mhisneach ag Schmidt Payne a fhágáil lár páirce agus a chéad chaipín idirnáisiúnta a thabhairt do lánchúlaí Chonnacht, Tiernan O’Halloran? 

Feicfimid, ach is féidir le Schmidt a bheith coimeádach.

Beidh gá le samhlaíocht agus misneach más fúinn ár gcéad bhua riamh ar thalamh na hAfraice Theas a fháil an Satharn seo. 

Fág freagra ar 'An dtabharfar a chéad chaipín idirnáisiúnta do Tiernan O’Halloran?'