An Dickinsonia an t-ainmhí is ársa ar thángthas air go dtí seo…

Bhíodh an Dickinsonia beo 558 milliún bliain ó shin i ngaineamhchloch sa Rúis

An Dickinsonia an t-ainmhí is ársa ar thángthas air go dtí seo…

Ní fios go díreach cá huair a tháinig na chéad ainmhithe ar an fhód. Tá fianaise ann go raibh borradh ollmhór ar an líon ainmhithe le blaoscanna thart ar 541 milliún bliain ó shin. Tháinig créatúir éagsúla ar an fhód a raibh blaoscanna crua orthu le linn an ‘Scaipeadh Caimbriach’. Ach an raibh créatúir ann roimh ainmhithe na mblaoscanna crua? Má bhí, cad é an cruth a bhí orthu?

Thángthas ar iontaisí a leagadh síos roimh an Scaipeadh Caimbriach, thart ar 558 milliún bliain ó shin. Ach, tá na hiontaisí seo an-ghann. Síltear go bhfuil siad gann de bharr a gcoirp bog agus is deacair coirp bhoga a chaomhnú sa chloch.

Ba in Ediacara, i ndeisceart na hAstráile, a thángthas ar na hiontaisí seo den chéad uair agus tugadh an teideal an Bithra Ediacara ar an bhailiúcháin seo. Bhí cuid de na hiontaisí seo níos mó ná méadar ar fhad ach bhí cuma faoi leith orthu. Ní amharcann siad cosúil le rud atá beo sa lá atá inniu ann. Dá bharr sin níorbh fhios cé acu ainmhí, planda, nó fungas a bhí iontu.

Ach tháinig athrú ar an scéal nuair a foilsíodh taighde úr san iris eolaíochta Science an tseachtain seo thart.

Dickinsonia an t-ainm a thugtar ar cheann de na hiontaisí is clúití. Tá sí níos mó ná méadar ach go dtí seo ní raibh tuiscint rómhaith againn ar an sórt créatúir a bhí inti. Thar na blianta measadh gur cill mhór amháin nó ainmhí cosúil le leithphéist nó feamainn nó fungas mór a bhí inti.

Chun fáil amach cad é go díreach a bhí sa Dickinsonia, d’fhorbair foireann idirnáisiúnta a bhí bunaithe in Canberra, san Astráil, teicneolaíocht úr chun fáil amach cén sórt ceimiceán atá caomhnaithe san iontaise seo.

Tá stéaróidigh faoi leith in ainmhithe, plandaí agus fungais. Nuair a rinneadh an anailís ar na stéaróidigh sna hiontaisí bhí sé soiléir gurbh iad stéaróidigh na n-ainmhithe, colaistéaróidigh, ba líonmhaire in iontaisí Dickinsonia. Glactar leis anois gur ainmhí a bhí ann.

Bhí iontaisí eile i measc na n-iontaisí Dickinsonia. Nuair a rinneadh an anailís chéanna ar na ceimiceáin sna hiontaisí seo ní raibh mórán colaistéaróideach iontu. Bhí stéaróidigh eile, stiogmaistéaróidigh san áireamh, níos líonmhaire iontu. Bíonn stiogmaistéaróidigh líonmhar in algaí cosúil le feamainn. Glactar leis go raibh plandaí cosúil le feamainn ag fás sa suíomh in aice láimhe.

Meastar go raibh ainmhí cosúil le Dickinsonia beo beathach i measc na feamainne san fharraige 558 milliún bliain ó shin san áit a bhfuil an Mhuir Bhán sa Rúis, sa lá atá inniu ann.

Is é Dickinsonia an t-ainmhí is ársa ar thángthas air go fóill. Bhí ainmhithe móra – níos mó ná méadar – ar an fhód 558 bliain ó shin sular tháinig borradh ar éagsúlacht na n-ainmhithe 540 bliain ó shin sa Scaipeadh Caimbriach.

Is é Dickinsonia, an sinsearach is ársa atá ag gach aon ainmhí ar chlár an domhain – sinsearach dár gcuid féin fosta.

Fág freagra ar 'An Dickinsonia an t-ainmhí is ársa ar thángthas air go dtí seo…'