An-deacair a shamhlú go bhfuil aon ní le dealramh i ndán do dhineasáir Jurassic Park

Saothar leadránach, leisciúil, leachta go maith atá againn in Jurassic World: Dominion

An-deacair a shamhlú go bhfuil aon ní le dealramh i ndán do dhineasáir Jurassic Park

Jurassic World: Dominion
Stiúrthóir: Colin Trevorrow
Cliar: Chris Pratt, Bryce Dallas Howard, Laura Dern, Sam Neill, Jeff Goldblum, Isabella Sermon, DeWanda Wise, Campbell Scott

Tá an radharc úd ina bhfuil coiscéimeanna an arrachtaigh ag baint creathadh as an uisce sa chupán atá suite ar dhais an mhótair neadaithe i scioból samhlaíochta an lucht féachana. Is amhlaidh atá leis an radharc ina leagann carachtar Laura Dern súil ar na harrachtaigh den chéad uair agus an radharc clabhsúir ina bhfuil an t-arrachtach is fíochmhaire ag búiríl agus stiallbhratacha na páirce spraoi ag foluain timpeall air. Tá Jurassic Park leabaithe sa chultúr coiteann ó chuir sé an lucht féachana fé dhraíocht tarrac ar thríocha bliain ó shin. 

Steven Spielberg i mbarr a mhaitheasa sa seánra is mó a bhfuil scil aige ann; an saothar móreachtraíochta. Ní nach ionadh gineadh scannáin leantacha ach ní rabhadar mar seo nó mar siúd. Bhí cúrsaí imithe chun leadráin leis an tríú scannán in 2001. Bhí buille an chnuasaigh tugtha. D’fhan rudaí mar sin go dtí go dtí gur tháinig Jurassic World in 2015. Cé nár éirigh leis an saothar buaicphointí 1993 a bhaint amach d’éirigh le Colin Trevorrow agus a chomhghuaillithe beocht as an nua a chur sa chnuasach. Ar an drochuair tá an cnuasach curtha go tóin poill arís.

Saothar leadránach, leisciúil, leachta go maith atá againn anseo. Is léir go bhfuil gach smaoineamh, cor is casadh gan choinne sniogtha as an gcnuasach ag an bpointe seo. Tá a fhios againn ar fad cad atá romhainn; ceapann duine saibhir/cumasach gur féidir leis na dineasáir a cheansú lena sheifteanna féin a thabhairt ar an bport.

Gan amhras titeann rudaí as a chéile agus téann na dineasáir i bhfiáin. Le beocht éigin a chur sa chúram ní raibh an dara suí sa Jurassic Park ach meitheal an chéad scannáin a thabhairt ar ais le seasamh leis an dream nua. Tá Gran (Neill), Ellie (Dern) agus Malcolm (Goldblum) fillte. Báitear iad i script gan dealramh agus radharcanna seanchaite. Táid ag snámh in aghaidh easa.  

Tá a scéalta siúd ag rith comhthreomhar le scéal Owen (Pratt) agus Claire (Howard) agus cé gur carachtair chaithiseacha iad táid féin san abar. Lena gcois siúd ar fad tá an clón Maisie (Sermon) againn mar aon leis an bpíolóta geanúil (Wise) agus an bithiúnach gan dealramh (Scott). Ní raibh deis againn seal a chaitheamh le héinne acu agus sinn ag imeacht ó láthair go láthair agus ó charachtar go carachtar. 

Fá na slí deineadh dearmad ar na príomhcharachtair, na dineasáir. Cad is féidir a dhéanamh nach bhfuil déanta cheana? Ar a laghad maolaíodh den dríodar cainte faoin  veileasaraptar. Bhí cúrsaí eitice agus timpeallachta lárnach sa chnuasach ó thús. Bhíodh matamaiticeoir Jeff Goldblum ag cur de ar dalladh ó thús ach imíodh thar fóir ar fad leis an tseanmóireacht agus dríodar cainte eolaíochta go minic sa saothar seo. An tarna tríológ tugtha chun críche agus tá sé ana-dheacair a shamhlú go bhfuil aon ní le dealramh i ndán don chnuasach. 

Fág freagra ar 'An-deacair a shamhlú go bhfuil aon ní le dealramh i ndán do dhineasáir Jurassic Park'